Pobal: An Chúis le hAthbheochan na Gaeilge

By Isabel Duff, Eagarthóir Gaeilge

Sa lá atá inniu ann, bíonn an Ghaeilge bríomhar agus in úsáid go minic. Feicimid an Ghaeilge ar na comharthaí bothair ar fud na tíre, cloisimid an Ghaeilge ar fhógraí ar an raidió agus bímid ag úsáid ár gcúpla focail mar shampla, nuair atáimid ar iompar poiblí thar lear dar ndóigh! Ach bíonn cúpla clubanna, comhlachtaí agus eagrais ann ina bhfuil an Ghaeilge ag fluirseach sa bhliain 2025. Is é club CLG Cluain Fhada i gContae Laois ceann de na clubanna seo. I rith na seachtaine bhí an t-ádh orm agallamh a dhéanamh le Treasa Keyes, bean atá páirteach sa saol na Gaeilge i gCluain Fhada. Déanann Treasa agus coiste na Gaeilge i gCluain Fhada obair na gcapall chun áit le cruthú don Ghaeilge anseo agus chun í a spreagadh i measc na muintir áitiúla. Tá orainn go léir cumhacht an phobail a aithint, go háirithe le linn athbheochan na Gaeilge inniu. 

Mar is eol do chách, níl aon Gaeltachtaí oifigiúla suite i gContae Laois ach fós ón gcómhra le Treasa, is léir go bhfuil an Ghaeilge beo beathach i measc muintir Laoise. Chun tús a chur leis an agallamh seo bhí mé ag iarraidh caint le Treasa faoin tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge ina saol féin. 

Treasa: Bhuel, tá an Ghaeilge an-thábhachtach i mo shaol. Go háirithe nuair a rugadh mo pháistí agus nuair a bhí siad ag foghlaim a gcuid focail sa scoil. D'éirigh an Ghaeilge níos tábhachtaí domsa. Bhí mé ag smaoineamh ‘Cén fáth nach bhfuilim ag labhairt an Ghaeilge agus ag úsaid mo chuid focail? ‘Agus bhí sé ar intinn agam an Ghaeilge a bheith i láthair ina gcuid saol sa slí nádúrtha.

Díol suime gur tháinig an Ghaeilge ar ais do dhaoine nuair atá siad níos sine. Tuigtear gurb é an easpa Gaeilge ar fáil lasmuigh den seomra ranga go stairiúil an chúis leis sin. Rinne daoine dearmad ar a gcuid focail gan aon cleachtadh nó teagmháil leis an dteanga. Sin an fáth gur thaitin an obair a rinne Treasa agus daoine eile i gCluain Fhada go mór liom, mar thugann na himeachtaí éagsúla deiseanna rialta do mhuintir na háite a gcúpla focail a cleachtadh agus a gcuid gaeilge a fheabhsú.

Mise: Cén fáth ar thosaigh tú ag eagrú imeachtaí Gaeilge sa chlub CLG seo?

Treasa: Bhuel, chuaigh mo pháistí go dtí an naíonra áitiúil agus bhí siad ag labhairt gaeilge. Tháinig frustrachas orm nuair a thosaigh siad ag dul chuig gníomhaíochtaí iarscoile cosúil le iomanaíocht agus bhí gach saghas focail ar nós na dathanna agus na huimhreacha ráite as Béarla. Ina dhiaidh sin, thosaigh mé ag smaoineamh go mbeadh traenáil iománaíochta gach seachtain áit iontach chun an Ghaeilge a úsáid. Thosaigh mé ag cabhrú le seisiúin traenála iománaíochta sa naíonra agus… sin é! Bhí sé ar intinn agam ón bpointe sin níos mó imeachtaí a eagrú i gCluain Fhada. 

Feictear go bhfuil réimse leathan imeachtaí ar siúl go minic i gCluain Fhada leis an Ghaeilge sa lár. Ba léir go raibh clár ama don Seachtain na Gaeilge lomlán d’imeachtaí taitneamhach agus cruthaitheach. Mar shampla d'eagraigh an coiste ‘ Cúig K le Cúpla Focal’. Bhí an imeacht seo meascán idir cur chun cinn na Gaeilge agus cur chun cinn na folláine. Ní gá go mbeadh gach tionscnamh Gaeilge bunaithe ar an dteanga amháin, ní oibríonn sé sin. Is é an aidhm anseo ná an Ghaeilge a bheith in úsáid sa slí nádurtha agus compordach agus tú ag déanamh rudaí eile. Níl fonn ar éinne daoine a bheith ag labhairt Gaeilge go támáilteach. Téann athbheochan na Gaeilge i gcéin an teanga amháin, ba cheart dúinn an ghaeilge a nascadh le rudaí suntasach inár gcuid saoil. Sin é an chás go díreach i gCluain Fhada, áit ina bhfuil iomanaíocht agus an Ghaeilge rathúil le chéile.

Mise: An mbíonn slua maith ann go minic

Treasa: De réir a chéile a thógtar an caisleáin, sin é an chás i gCluain Fhada. Ag gach uile ócáid thagann duine nua, tá sé an-spreagúil. Tá daoine ann i gCluain Fhada le cúpla focail Gaeilge acu ach bíonn siad neirbhíseach ach de réir a chéile thagann na daoine seo ar aghaidh. Tá an ghaeilge in úsáid go laethúil freisin, b’fheidr thagann duine isteach an cistin agus bíonn siad ag ra ‘ Dia Dhuit Treasa’ mar tá sé a fhios acu go bhfuil gaeilge agam. Déanann gach uile duine fíor iarracht.

Dar ndóigh, is léir go bhfuil leibhéil éagsúla líofachta ag gach éinne ach thugann na himeachtaí agus gníomhachtaí eagraithe ag Treasa deiseanna do dhaoine le gach léibhéal Gaeilge acu a gcuid focail a fheabhsú. 
Treasa: Tá na leibhéil éagsúla Gaeilge atá againn inár gclub an-áisiúil.Thosaigh mé ranganna gaeilge don tusathoirí agus tháinig bean amháin, agus dúirt sí ‘ Ó ba mhaith liom an rang a dhéanamh ‘ agus bhí go leor gaeilge aici agus ní raibh mé cinnte go mbeadh sé cothrom, ach anois ach tá sí ag éirí níos mó mar meantóir sa rang anois. Mar sin tá sé go hiontach go bhfuil na leibhéal difriúla ann. Tá sé go hiontach go bhfuil na daoine leis beagán gaeilge ón scoil ag teacht ar ais go dtí an Ghaeilge. Go minic bíonn daoine ag rá dom go raibh siad uafásach leis an teanga i scoil ach anois bíonn siad ag teacht gach seachtain.

Is léir nach bhfuil go leor brú ann sna ranganna sin agus ná gá duit gramadach iomlán ceart a bheith agat.Is é sin an slí is fearr chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Is brea an rud é go mbíonn na himeachtaí sin ar fáil do dhaoine a bhfuil gach cineál leibhéal Gaeilge acu. Níl na gníomhaíochtaí cosúil le scoil. Ba ea scoil an áit ina raibh dearcadh diúltach ag daoine maidir leis an gcóras oideachais míoiriúnach. Tá fonn ag Treasa agus an gcoiste Gaeilge anseo dearcadh dearfacha a chruthú maidir leis an dteanga agus freisin tá siad ag iarraidh an craic a bheith ag gach éinne.

Mise: Dar leat, an bhfuil sé tábhachtach na daoine le beagán Gaeilge a spreagadh chun a gcúpla focail a úsáid? Cén sórt imeachtaí a bhíonn ar siúl gach seachtai?

Treasa: Tá réimse leathan imeachtaí againn agus braitheann sé ar na míonna agus cad atá ar siúl ag an am.Níos minice, bíonn traenail ann don naionra eagraithe trí Gaeilge, ní cuireann sé isteach ar na páistí mar bíonn siad ag éisteacht leis an Ghaeilge an t-am ar fad sa scoil. Tá an Ghaeilge an-nádurtha leo agus níl aon deacreacht ann chun í a thuiscint. Lasmuigh den sin tá ranganna gaeilge againn agus beidh ranganna ag tosnú do dheageoirí i mí Áibreán. 

Mise: Cad é an ghníomhaíocht ba rathúla?

Treasa: Bhuel, i mo thuraim is é an campa an ghníomhaíocht is rathúla.Is rud nua é don chlub. Bíonn an campa ar pháistí ón 3 bliain d’aois. Is deis iontach é na scileanna iomána a fhoghlaim ag an am chéanna leis an Ghaeilge. I mo thuraim tá sé níos fearr dóibh nuair atá siad ag déanamh rud éigean agus ag éisteacht leis an Ghaeilge. Níl siad ina suí agus ag foghlaim. I ndáiríre táim chomh sásta go bhfuil na himeachtaí go ginearalta ráthúil.

Bronnadh bonn Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonnacha do CLG Cluain Fhada ar an an 29ú lá de mhí na Samhna seo caite,agus bhí an club agus an contae go léir an-bhródúil chun é a glacadh. Bhí an club ceann de 70 clubanna in Éirinn 27 ag fáil an ghradaim as cur chun cinn na Gaeilge. Is comhoibriú é an fhondúireacht idir Cumann Lúthchleas Gael agus Glór na nGael chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gCLG agus chun cabhrú le teanga atá bríomhar sa tír arís.

Mise: Abair liom faoin ngradam a bhuaigh an club le déanaí. Is éacht dochreidte é sin go háirithe mar is club as contae Laois é Clonad agus níl aon Gaeltacht ann.

Treasa: Go raibh míle maith agat! Is gradam náisiúnta é. Bíonn sé ag tabhairt maoiniú go dtí na clubanna chun an gaeilge a úsáid.Bhí orainn 8 spriocaidhmeanna a dheanamh ar a laghad. I gCluain Fhada bíonn 27 spriocaidhmeanna déanta againn. Chun a bheith ionraic, bhí rudaí déanta acu cheanna féin, mar shampla tá ainm an chlub scrite amach i nGaeilge. Nuair a bhíomar ag cur gach rud ar an liosta bhí sé easca chun na rudaí sin a fheiceáil agus d’fhoglaim mé ce chomh tábhachtach is atá sé chun na rudaí sin a dhéanamh gach bliain. Nuair a tháinig an deis chun an gradam a fháil, bhí sé go hálainn. Ní raibh sé chomh deacair cúpla rudaí eile a dhéanamh mar shampla, na ranganna a eagrú.

Nuair atá an deireadh ní ráite, is cinnte go bhfuil go leor cumhacht inár bpobail. Níl an rialtas nó duine amháin an freagar. Ní feidir leis an rialtas nó duine amháín an Ghaeilge a chosaint agus í a choiméad beo gan tacaíocht agus fuinneamh an phobail. Mar a dúirt Treasa níos luaithe, ‘Dé réir a chéile a thógtar an caisleáin ‘ is feidir linn aon rud a dhéanamh nuair a thagaimid le chéile. Maidir leis an Ghaeilge níl aon teorainn lenar féidir linn a dhéanamh. Ón gcomhrá le Treasa tuigtear cé chomh éasca is atá sé na rudaí beaga a dhéanamh chun an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn. Chomh maith le sin, cén fath nach feidir an Ghaeilge a bheith spraoíul? Tá deis ann i ngach comhlacht, club agus eagras ár dteanga dhúchais a úsáíd ar bhealach amháin nó bealach eile. B’fheidir tá fonn ort oíche scannáin as Gaeilge a éagrú (scannán Kneecap gan dabht), déan é. B’fheidir tá fonn ort lipéid Gaeilge a chur ar trealamh timpeall na hoifig, lean ar aghaidh! Gach éinne agus a chúram féin air. Ná déan dearmad ar chumacht an phobail. Is feidir linn ár dteanga dhúchais a chosaint le chéile!

Previous
Previous

Mayhem Cements Lady Gaga’s Place in Superstardom

Next
Next

The Importance of EDI Hiring in Europe in Response to Recent Developments in the United States