Agallamh leis an Ionadaí Gaeilge, Darragh Ó Caoimh

Le Caitríona Ó' Conaill Cá bhfuair tú do chuid suime sa Ghaeilge?   Bhí ana-spéis ag mo sheanmháthair sa Ghaoluinn.  As Trá Lí di, tá sí caillte beannacht Dé léithi. Dhein sí an-chuid Gaoluinne  ar scoil is dhein sí ana-chuid ábhar trí Ghaoluinn. Bhí spéis éigint aici sin sa Ghaoluinn, cé nár labhair sí Gaoluinn liom agus bhíodh sí saghas ag aithris filíochta is bhíodh sí ag caint faoi Raiftearaí  agus Aogán Ó Rathaille agus daoine mar sin. Chuireas suim sa Ghaoluinn ansin ach b’fhéidir an chéad uair go dtosnaíos ag cur suime sa Ghaoluinn i gceart ná nuair a chuas chuig an nGaeltacht in 2014 go dtí Ceann Trá ar chúrsa samhraidh trí seachtaine. Fé mar a deir siad as Béarla, ní fhéachas thar n-ais  ina dhiaidh san, bhíos sa Ghaeltacht gach aon samhradh ina dhiaidh san i gColáiste Uisce thuas i nGaeltacht Mhaigh Eo. Bhaineas ard-taitneamh as agus sin an tús, is dócha. Cén fáth gur maith leat an Ghaoluinn? Tá sé ábhar randamach do duine as Ceann Toirc. Níl mórán Gaoluinne timpeall an bhaile s’againne, tá sí ar scoil ar ndóigh, fé mar a bhí ag gach éinne. Cé nach bhfuil mórán Gaoluinne sa cheantartá ana-chuid staire…mar shampla, má shiúlaim amach cúldoras an tí age baile is má fhéachaim uaim síos ar dheis, táim ábalta barra Chaisleán Cheann Toirc a fheiscint. Sin caisleán a thóg na Cárthaigh, Clann Mhic Chárthaigh agus bhíodar san mar phátrúin ag Aogán Ó Rathaille. Is cuimhin liom féachaint ar chlár faisnéise ós na 70dí ar YouTube, ceann a dhein RTÉ “Voices from a Hidden People: Sliabh Luachra” agus bhí Aogán Ó Rathaille á phlé agus ceann des na dánta a luadar ann ná “Is Fada Liom Oíche Fhírfhliuch” agus tá Ceann Toirc luaite sa dán san.  “Carathach, rí Chinn Toirc, in uaigh ’s a chlann” agus nuair a chualas é sin bhain sé siar asam agus bhíos saghas faoi gheasa ansan, mar thuigeas gur bhain an Ghaoluinn liomsa. Sin cúis amháin is tá mórán cúiseanna eile, ach chomh maith leis sin, b’fhéidir go dtiteas isteach le dream iontach daoine agus thosnaíos ag cothú cairdis.Cén saghas meoin a bhí ag na daltaí eile ar scoil i dtaobh na Ghaoluinne?An formhór gur chuma leo ann nó as í chun na fírinne a rá. Féachann siad, an formhór is dócha, formhór na ndaltaí scoile in Éirinn ar an nGaoluinn mar ábhar scoile thar aon rud eile. Rud amháin nach ndéanfadh daoine ar scoil ná; ní théidís chuig an nGaeltacht sa tsamhradh. Ba mise, is dóigh liom, an t-aon duine amháin des na daoine i mo bhliain ar fad a chuaigh go dtí an Ghaeltacht; b’fhéidir go raibh beirt nó triúr. Bhí daoine im rang is bhíodar go hiontach chuig an Ghaoluinn, is go hiontach chun í a fhoghlaim, ach bhíodar á foghlaim i gcomhair scrúduithe agus ní dóigh liom go raibh an tuiscint sin acu gur bhféadfaidís í a úsáid amach anseo agus gur teanga bheo í. Bheinnse ag moladh go ndéanfaí níos mó scoláireachtaí a thairiscint do dhaltaí meánscoile, ó scoileanna nach dtéann go dtí an Ghaeltacht de ghnáth, mar tá scoileanna agus seolann siad ana-chuid daoine chun na Gaeltachta. Ach tá sé sin fós ana-thábhachtach ar fad, dar liom, daoine a chur go dtí an nGaeltacht, tá sé chomh simplí leis sin.Conas ar éirigh leat baint a bheith agat leis an gCuallacht is leis an gCumann Drámaíochta nuair a tháinig tú chuig an gColáiste? Is cuimhin liom a bheith suite, b’fhéidir an chéad nó an tarna seachtain, i léacht Ghaoluinne agus bhíodar ag lorg ionadaithe ranga agus níor chuireas mo lámh in airde. De ghnáth, ní bhíonn aon drogall in aon chor orm mo lámh a chur in airde ach níor dhein a babhta san ar chúis éigint. Ach ansan, chonac an fógra don Chumann Dramaíochta agus bhí a fhios agam gur theastaigh uaim a bheith sáite i gcúrsaí Gaoluinne agus chuireas isteach ar an gCumann Drámaíochta. Bhíos ann mar Ionadaí na Chéad Bhliana agus bhíos páirteach sna drámaí agus bhí craic agam ann. Mo chomhairle d’éinne atá ag iarraidh dul suas na céimeanna, dar liom nach bhfuil sé chomh deacair san mar tá siad ag lorg daoine chun postanna áirithe a dhéanamh. Tá ganntanas foirne agus ganntanas daoine agus fiú amháin muna bhfuil tú ar an gcoiste, d’fhéadfá a bheith i do ghníomhaí Gaeilge. Mholfainn do dhaoine a bheith páirteach, má tá smaoineamh ag éinne amuigh ansin nach bhfuil á dhéanamh ag an gCuallacht nó ag an gCumann Drámaíochta, téir i dteangmháil leo nó téir i dteangmháil liomsa, mar is mó rud nach gcuimhním orthu agus is mó san cuimhneamh maith a bhíonn ag daoine eile, is breá liom iad a chlos.Conas mar ar éirigh leat a bheith i do Ionadaí Gaeilge agus Cultúir de chuid an Aontais? Thaitin an toghchán go mór liomsa caithim a rá, agus toghchán as an ngnáth a bhí ann mar is eol do chách; ní raibh mórán daoine ar campas in aon chor is mar sin a chaitheamar an feachtas ar fad. Ní raibh aon chead imeachtaí a chur ar siúl timpeall an champais, chaitheamar an feachtas ar fad a athrú ar line. Bhí an t-ádh dearg liom; bhí bainisteoir feachtasaíochta ana-mhaith agam, Eve Ní Chathasaigh, agus táim ana-bhuíoch di. I ndáiríre  bhí ana-spraoi againn i mbun an fheachtais, ag cur físeáin amach ar na meáin shóisialta agus ag cur teachtaireachtaí go dtí daoine ag roinnt méimeanna greannmhara. Bhaineas ana-thaitneamh as an óráidíocht agus an díospóireacht. Bhí beirt iarrthóirí eile maithe san iomaíocht Katie agus Megan, agus dheineadar go hiontach, do bhí feachtas iontach láidir acu. Chabhraigh sé sin liomsa go deimhin mar chuir sé piobar lem’ thóin d’fhéadfá a rá!   Cad atá i gceist leis an bpost mar Ionadaí Gaeilge? Táim ar Choiste Feidhmiúcháin an Aontais, Choiste na Cuallachta agus suím ar Bhord na Gaeilge, chomh maith. Sin iad na trí rud mhóra atá le déanamh agam agus seachas san tá scóip ana-mhór agam mo rogha rud a dhéanamh toisc gur jab páirt-aimseartha atá i gceist. Níl aon saghas foirmle fé leith ann cad a chaithfidh tú a dhéanamh. Tá cúpla rud beartaithe agam chun an Ghaoluinn a chur chun cinn laistigh den Aontas agus san ollscoil go léir. Ceann des na rudaí a bheidh mé ag féachaint air i mbliana ná scéimeanna teanga. Níl aon scéim teangan ag an Ollscoil ó 2009 agus táim ag iarraidh gabháilt amach canathaobh nach bhfuil. Níl aon scéim teangan nó scéim Ghaeilge nó polasaí Gaoluinne ag Aontas na Mac Léinn ach oiread. Beidh mé ag féachaint air sin mar déanann an tAontas obair na gcapall gach aon bhliain ach teastaíonn uaim go mbeadh an Ghaoluinn fite fuaite san obair sin. Mar shampla, de ghnáth chuireann an tAontas féilire amach gach aon bhliain, féilire pleanála bliana gur féidir le mic léinn é a chrochadh ar a’ bhfalla agus ní bhíonn aon Ghaoluinn air sin. Sin sampla den tsaghas rud a bheadh i scéim teangan an Aontais; go mbeadh sé scríte is go ndéanfar é sin go dhátheangach. Ó thaobh cad is féidir liom a dhéanamh do mhic léinn; má tá fadhbanna ó thaobh na Gaoluinne nó ceisteanna nó smaointe agaibh, téigí i dteangmháil liom ag irish@uccsu.ie. 

Previous
Previous

‘It’s Heartbreaking’ – UCC Food Bank Reopens 

Next
Next

Let’s talk about money: financial literacy in college