An bhfuil an ceart ag Khabib?

“I have a question for Ireland. What about your language? What about the Irish language? Where is your language right now?”“You guys change it? Please someone give me an answer? Are you guys with England right now?”Bíonn ceist na teanga go mór i mbeal an phobail anois is aríst. Nuair a bhíonn duine ag machnamh faoi ghnéithe atá bainteach le híomhá na hÉireann, tagann cúpla rud chun cinn go hiondúil:

  • Cairdiúlacht na ndaoine
  • Cáil na flaithiúlachta
  • An tart atá orainn d’alcól

Toisc go bhfuil teanga bhinn na Gaoulinne ar cheann des na nithe a neartaíonn ár thírgrá, ba cheart go mbeadh sí á lua sa chomhtéacs sin. Is é an mhalairt ar fad atá fíor i mo thuairimse. Don chuid is mó, ‘sé an t-aon tagairt ina mbíonn Gaeilge á lua ag muintir na hÉireann ná chun an teanga a cháineadh. Dírionn siad ar nithe éagsúla. Mar shampla, go mbíonn an iomarca gramadaí le foghlaim.Fadó, nuair a bhíodh sruth na himirce ó Éirinn faoi lán seoil, clositear scéalta áirithe ón am sin. Mar shampla, tá sé ráite go mbíonn na hoibrithe ó thíortha iasachta (ón Fhrainc, ón Spáinn, ó Mheicsiceo) breá sásta labhairt faoi a gcultúr féin agus a dteanga dhúchais san áireamh. Áfach, bhíodh srian le cloisint ón meid a bhí le rá ag na Gaeil.De réir na staisticí ón Census 2016, tá laghdú tagtha ar líon cainteoirí Gaeilge sna Gaeltachtaí. Ina iomláine, sa bhliain 2011 bhí 23,175 cainteoirí sna ceantair. Ar an drochuair, thit an uimhir san go 20,586 cainteoirí. Le déanaí, dhírigh Khabib Nurmagomedov (trodaí i saol na n-ealaíon comhraic measctha) ar cheist na Gaeilge ag seisiún oscailte traenála roimh a bhabhta troda i gcoinne Conor McGregor. “I have a question for Ireland. What about your language? What about the Irish language? Where is your language right now?” a dúirt sé. Is cinnte go neartaíonn an meid thuas a chuid fiosrachta.Sin ráite, ag an gcéad preasócáid, dhein McGregor tagairt d’eachtra inar ionsaigh é agus a chriú bus ina raibh Khabib agus daoine eile. “An bhfuil cead agam dul go dti an leithreas? You know what that means? Can I take a s***e on the bus!”Creid nó ná creid, d’fhreastail McGregor ar scoil lán-Ghaeilge, Coláiste de hÍde i dTamhlacht i mBleá Cliath. Dúirt Tom Egan (trodaí MMA agus dlúthchara le McGregor) go bhfuil “ábhar machnaimh” san achrann faoi chúrsaí teanga. D’fhreastail Egan ar an scoil lán-Ghaeilge chéanna le McGregor. Dúirt sé: “Is ceist mhaith í d’Éireannaigh atá bródúil as a gcultúr: céard a tharla do theanga na nGael? Agus creidim faoin am seo go bhfuil an locht orainn féin nach bhfuil an teanga chomh láidir agus ab fhéidir agus gur chóir dúinn é sin a phlé nó a cheartú.”Mar fhocail scoir, toisc an tionchar atá ag McGregor sa lá atá inniú ann, ba cheart dó an deis a thapú an Ghaeilge a chur chun cinn thar lear. Mar a dúirt Egan: “Ba bhreá liom dá labhródh Conor níos mó Gaeilge mar bheadh sin ar fheabhas don teanga.”    

Previous
Previous

Mental Health: Stigmatised, Silenced, and unapologetically Ours

Next
Next

Tritoan Ly Interview