An Bhfuil Stair na hÉireann Dearmadta Againn?

Is scéal atá i mbéal an phobal é seo i gCorcaigh i láthair na huaire agus tá roinnt díspóireachta ag baint leis. Tá grúpa áirithe tar éis an t-ainm “Victoria” a scrios ó roinnt dos na comharthaí timpeall na cathrach. Tá an ghrúpa a dhein é seo ag iarraidh stopadh a chur le moladh “na huaisle agus coirpigh” Shasanach agus an t-aitheantas a thabhairt dos na laochra Éireannacha. Ainm amháin a chruthaigh an chuid is mó dos na fadhbanna ná an t-ainm “Victorian Quarter” a bhí tugtha ar an áit ina bhfuil Sráid Mhic Churtáin agus cúpla sráideanna eile suite le déanaí. Glaotar an t-ainm sin ar an áit de bharr na bhfoirgneamh Victeoiriach atá ann ach cháinnigh Diarmaid Ó Cadhla, an ghníomhaí pholaitiúil agus ghaeilge, an t-ainm mar dúirt sé go mbaineann sé le Banríon Victoria, a bhí mar banríon don Bhreatain Mhór i rith an Gorta Mór.Ainneoin a chuid cúiseanna, tá sé fós mí-dleathach na hainmneacha a scrios. Ach an bhfuil pointe mhaith déanta ag Diarmaid? An bhfuil sé ceart is cóir ainmneacha cosúil le Victoria, atá bainteach leis na huaisle Shasanach, a bheith mar logainmneacha i gcathair Chorcaí? I mo thuairmse, tá sé droch-bhéasach mar ainm, cé go bhfuil sé bainteach leis an stíl togála atá ar na foirgnimh, de réir dealraimh. Ach fós, dheineadh uafásach dos na hÉireannaigh fadó nuair a bhí Victoria ina bhainríon. Tá a fhios agam gur tharla na heachtraí sin i bhfad ó shin ach fós caithimid cuimhneamh ar ár stair, an streacailt a bhí ag daoine fadó agus cinnte na gaiscígh a dhein rudaí iontacha ar son neamhspleáchas an tír seo. An dteastaíonn uainn a dtíránaigh a cheiliúradh in ionad agus in ainneoin na daoine sin? Bheifeá ag súil go mbeadh Tomás Mac Curtáin ag tionta san uaidh dá gcloisfeadh sé go bhfuil Sráid Mhic Churtáin suite i gcearn darb ainm Victoria.Measaim nár chóir an t-ainm Victoria a úsáid. Tá fuílleach ainmneacha ann le úsáid seachas cinn a bheadh conspóideach nó a chuirfeadh isteach ar daoine. Ar ndóigh, ní mheasaim go raibh na daoine a chum an t-ainm sin ag smaoineamh, go mí-ámhrach, agus anois tá siad fágtha le fadhb mór. An bhfuil siad chun an t-ainm Victoria Quarter a athrú nó é a fhágaint? Agus dá n-athróidh siad é, cad a dheineadh siad leis na logainmneacha eile le Victoria iontu? Tá sé deacair a rá cad ba cheart dóibh a dhéanamh mar tá roinnt ainmneacha le Victoria ann le fada, cosúil le Victoria Cross, agus ní bheadh na daoine atá cónaithe ansin sásta leis an t-athrú, gan amhras. Táim sásta nach bhfuil mé páirteach sa rírá seo ach bheadh sé suimúil cad a dtarlóidh a fheiceáil.

Previous
Previous

Students vote for unity, against capitation fee rise

Next
Next

Paying for Gold