An C.L.G: Amaitéarach nó gairmiúil?

Chun an fhírinne a rá, ní lá dá dtéann thart nach mbím ag smaoineamh faoi nó ag déanamh machnaimh ar na cluichí gaelacha. Tagaimse ón áit ina mbíonn caid agus iomáint greanta go smior i bhfurmhór des na daoine spóirtiúla. Sé Dú Ealla an t-ainm ar an gceantar agus creid nó ná creid beidh Ceann Tuirc (ceann des na foirne sa cheantar) ag imirt sa leibhéal sinsir san iomáint tar éis dóibh an lámh in uachtar a fháil ar Mhaigh Eala i gcluiche ceannais den scoth. D’fhéadfaí a rá gurb í an chaid an rogha spóirt traidísúnta i nDú Ealla, ach is léir don saol é gur féidir le Ceann Tuirc an dá thráigh a fhreastal mar beidh siad ag imirt i gcluiche ceannais idirmheánach an chontae sa pheil ghaelach. Ní féidir a shéanadh gur éacht den scoth é dul chomh fada le dhá chluiche ceannais. Ar na saolta so an bhfuil teorainn leis an méid cluichí agus traenáil atá sa tsiúl? Is eol do chách go bhfuil tuairim ag chuile dhuine faoi na cluichí gaelacha.  Nuair a ghlaoigh Mícheál Ó Cíosóg cruinniú in Óstán Hayes i nDúrlas Éile, bhí trí mhórchuspóir ag an eagraíocht. Trí mhórchuspóir a fhanann chomh húr sa lá atá inniu ann. B’iad:

  • Go mbeadh fáil ag gach aicme shóisialta ar an lúthchleasaíocht
  • Caitheamh aimsire dúchasach a chur ar fáil
  • Infrastructúr na gclubanna a bhunú.

Is fada an turas é ó 1884 nuair a bunaíodh an eagraíocht. Ar an gcéad dul síos, is féidir a rá go mbeadh sé ceart agus cóir go mbeadh córas ‘pay for play’ ann maidir leis na cluichí gaelacha. Thabharfadh sé cothrom na Féinne do gach éinne a bhíonn ag glacadh páirte, go háirithe dos na himreoirí. Ach, ní thagaimse go huile is go hiomlán leis an dearcadh sin. Cúis amháin ná an taithí saoil agus na luachanna a fhoghlaimíonn duine ó chluiche amaitéarach. Mar shampla conas post a fháil nó an taithí oibre a fhaigheann tú ó a bheith fostaithe. Aontaím le Dónal Óg Cusack agus an méid a bhí le rá aige ag an Web Summit in 2014. An plé a bhí fé chaibidil acu ná: ‘Amateur ethos in a professional game’. Chuir sé béim ar cé chomh gearr is atá an saol spóirt: We all know that the lifespan of professional sports people is shortening, it’s the same in our games. He’d maybe make a full time salary out of it but then when he gets injured or is finished playing or is no more good to the team he’s playing with, he’s dropped out of that system and hasn’t had the life experience that the current inter county player gets”. Cé go mbíonn cúrsaí dian ar na himreoirí idir- chontae sa lá atá inniu ann, creidim go bhfuil an ceart aige.Is iontach an rud é go mbeidh na hiománaithe as Gaillimh, Bleá Cliath, Tiobraid Árann agus as an gClár ag tabhairt cuairte ar na Stáit Aontaithe chun an cluiche ‘Super 11’s’ a thaispeáint do lucht Mheiriceá. Beidh sé sa tsiúl i bhFenway Park i mBostún; áit ina bhfuil na mílte de mhuintir na hÉireann ag cur fúthu. Is maith an smaoineamh é ó thaobh cúrsaí urraíochta go bhfuil sé urraithe ag AIG. Ina theannta sin, is deis iontach é spéis na Meiriceánach a mhealladh. Ach, nuair a thagann sé chomh fada leis an mbunchloch den Chumann Lúthchleas Gael, is é mo thuairimse féin go seasann na clubanna áitúla an fód. Nuair a bheadh gach rud pléite agus athphléite ag gach éinne, is é do chumann fhéin an áit ina thosnaíonn duine agus an áit ina chríochnaíonn duine. Ina chinn sin, is craobhacha den chéad scoth iad na craobhacha clubanna ina mbíonn spiorad, paisean agus dóchas an cheantair le brath ins gach aon cheantar a bhíonn páirteach ann. Sea, tuigim go bhfuil an leibhéal scile agus aclaíochta i bhfad Éireann níos airde ná mar atá sé ag na clubanna éagsúla ach is é bun agus barr an scéil ná go bhfuil ceangal idir an t-imreoir agus a chumann féin agus is deacair an ceangal sin a mhalartú.Cuirfear córas nua i bhfeidhm in 2018 agus tá údar dóchais ann sa mhéid is go gcaithfidh sé a bheith níos fearr ná an córas deireanach dos na foirne, don lucht urraíochta, do na meáin chumarsáide agus do lucht leanúna na hiomána. Beidh níos mó cluichí ann, rud a theastaíonn ón lucht féachana go háirithe. Níl amhras ar bith ach go mbeidh méadú suntasach ag teacht ar an ráta oibre a bheidh bainteach leis an eagraíocht.  Is inmholta an rud é go mbeidh díospóireacht ann i mbliana faoin na cluichí. Ach leis an gcabhair a fhaigheann na himreoirí ón GPA, agus meon aigne atá bainteach leis an mbonn amaitéarach. Mar shampla, tagann an focal ‘amaitéarach’ ón bhfocal Laidine ‘amare’ (grá). Imríonn daoine óga cluichí gaelacha – an iomáint, an chaid, an chamógaíocht, peil na mban – le grá don spórt. Ní bhíonn said ag smaoineamh ar chúrsaí airgid agus iad ag baint taitnimh astu ar pháirceanna imeartha ar fud na tíre ó cheann ceann na seachtaine.Chun críoch a chur le mo chuid cainte, is ceart go bhfuil tuairim ag gach éinne faoin ábhar seo. Is Éireannach go smior mé agus táim thar a bheith bródúil as a leithéid. Tá an tÉireannachas sin mar chuid dár gcultúr. Baineann sé lenár stair fhuilteach, le teanga bhinn na Gaoluinne, agus leis an gCumann Lúthchleas Gael agus chun scéal gearr a dhéanamh de, ní raibh aon trácht ar chúrsaí airgid bheith ann sa tslí sin.  ‘Is glas iad na cnoc i bhfad uainn’ mar a deirtear.

Previous
Previous

Border Aesop

Next
Next

Fashion Quickie: Halloween 2017 Edition