An Cumann Drámaíochta: deis iontach an aisteoireacht agus an scríbhneoireacht a dhéanamh trí mheán na Gaeilge

Le Orla Leahy

Chuir Orla agallamh ar Niamh Ní Leidí as an gCumann Drámaíochta anso san Ollscoil le déanaí.


Cad é aidhm do Chumainn?

Is é aidhm an Chumainn Drámaíochta an drámaíocht Ghaelach/Ghaeilge a chur chun cinn agus dráma nó dhó a dhéanamh nó a léiriú gach bliain. Tugaimid deis do dhuine píosa drámaíochta a scríobh iad féin. Tugaimid tacaíocht do dhrámaíocht agus do scannánaíocht as Gaeilge, chomh maith.


Cén sórt eachtraí a bhíonn agaibh de ghnáth?

Bíonn dráma ar siúl againn gach bliain. Chuireamar ‘An Triail’ i láthair ar an gcampas anuraidh. Chuireamar an dráma ‘Faoi Dheireadh Thiar’ ar siúl trí bliana ó shin.


Thosnaíomar imeachtaí nua agus tionscnaimh eile thar na blianta. Bhíomar ag lorg drámaíochta nó drámaí ó scoláirí ollscoile agus cuireamar fógra amach mar gheall air sin. Scríobh dalta amháin a dhráma féin agus chuireamar i láthair é i nGairdín an Uachtaráin. Bhí daoine in ann é a fheiscint agus iad ag siúl tríd an gcampas. 


Chuamar go dtí an phictiúrlann i gCorcaigh anuraidh agus chonaiceamar ‘Arracht’ agus tháinig scata daoine go dtí an scannán sin. Mar sin, táimid ag iarraidh imeacht bliantúil a chruthú darb ainm dó ‘Turas go dtí an phictiúrlann’.


Do scoláirí nach bhfuil acu ach cúpla focal, an bhfuil deiseanna sa Chumann do gach leibhéal; chun go mbeadh a leithéid páirteach ann?


Cuirimid imeacht, ‘Cluiche Searáidí,’ ar siúl gach bliain ag tús na bliana chun daoine mar sin; daoine nach bhfuil acu ach an cúpla focal, a spreagadh chun a bheith páirteach linn sa Chumann. Ní gá duit Gaolainn ar bith a bheith agat chun an cluiche sin a imirt!


Ní Cumann an-dáiríre sinn! Faigheann gach duine a dhéanann triail do dráma ról; nílimid chun aon duine a dhiúltú. Chomh maith leis sin, cuirimid fáilte roimh dhrámaíocht dhátheangach, mar shampla, sa dráma ‘Faoi Dheireadh Thiar’, bhí ról as Béarla ann. Mar sin, bímid ag iarraidh duine nach bhfuil acu ach cúpla focal a bheith páirteach linn gach bliain.

Anuas air sin, is féidir le héinne a bhfuil spéis acu sna scannáin nó sa scannánaíocht dul chuig an ‘Turas do dtí an Phictiúrlann’!


Cén plean atá agaibh don bhliain seo? Cad é an ócáid is mó a bheidh ann do scoláirí na hOllscoile seo?

Táimid ag iarraidh scríbhneoireacht na scoláirí a chur chun cinn níos mó i mbliana; bígí ag faire amach do sin! Beidh dráma mór againn agus turas go dtí an phictiúrlann, chomh maith, gan amhras.


Do scoláirí a bhfuil suim acu a bheith ar an gCoiste iad féin, cathain a bheidh an deis acusan a bheith ar an gCoiste?

Bhí ár gCGU nó EGM againn ar an 13ú de mhí Dheireadh Fómhair! Bhíomar ag lorg an méid seo leanas: Cathaoirleach, Oifigeach Airgeadais, Ionad na Chéad Bhliana, Ionadaí don Dara Bliain, agus gnáthbhaill, chomh maith. Ní féidir leat an iomarca gnáthbhall a bheith agat chun lámh chúnta a thabhairt!) Cé go bhfuil an dáta sin caite, beidh deis eile ann ag an CCB nó AGM don Choiste céanna san Earrach, nó ag an CGU/ EGM an bhliain seo chugainn. É sin ráite, beidh roinnt deiseanna ann idir seo agus sin chun an aisteoireacht agus an scríbhneoireacht a dhéanamh. 


An bhfuil aon mholtaí agatsa do scoláirí chun a gcuid Gaeilge a fheabhsú?

Mholfainn duit teacht chuig na himeachtaí cosúil le Ciorcal Comhrá na Cuallachta, nó teacht ar an dTuras go dtí an Phictiúrlann linn mar shampla! Cuir ceist ar do chara dul leat má tá tú neirbhíseach, ach muna bhfuil éinne in ann dul leat, ná bí buartha, beimid in ann aire a thabhairt duit. Má bhíonn aon deis cosúil leis seo ann; do chuid Gaeilge a cleachtadh, bhuel tapaigh an deis, a chara!



Previous
Previous

Dublin-based Electronic Artist Chósta on inspiration, collaboration and taking pride in his debut album. 

Next
Next

Video Games Could Steer Men in a Better Direction