An Flying Enterprise Ag Fall-Úint?

Mar tá a fhios ag gach mac agus iníon máthar beo faoin chuspóir a thit amach idir an teach tabhairne,An Flying Enterprise, agus a n-íar-fostaí le casadh an mí anuas. D’éirigh Cormac Ó Bruic, 23 ó Chorca Dhuibhne, as a phost mar maoirseoir beara sa teach tabhairne, lonnaithe ar Cé Ó Sulleabháin. Chuir an bhainisteoireacht cosc air an Ghaeilge a bheith á labhairt agus é i mbun oibre. Dúirt Fionbarr Ó Sé, bainisteoir den Flying Enterprise, leis go raibh scairt caointe curithe isteach ag custaiméirí ó thaobh an theanga a bhí i núsáid aige ó am go chéile - an Ghaeilge. Thóg Ó Bruic seachtain chuige féin lena bhreith a thabhairt maidir lena fhostaíocht. Faoi mar a tharlaíonn, le linn na seachtaine sin, fuair an maoirseoir a P45 ón Flying Enterprise. I raiteas a d’fhógair an teach tabhairne, luadar nach raibh lá ruim acu Ó Bruic a scaoileach óna phost - ach é sin go díreach a tharla agus a rinneadar.Luaigh Ó Bruic,agus é faoi agallamh ar “An Saol ó Dheas” ar Radio na Gaeltachta, go raibh neart oibritheoirí ag obair san bheár ó scairt tíortha difríula. D’inis sé don chlár nach raibh sé as áit do é féin agus dá chomhghleacaithe leas a bhaint as a dteangacha dhúchasacha agus iad i dteangmháil lena chéile. Dúirt sé gur bhain sé úsáid as cúpla focail le custaméirí dá mba rud é go raibh an Ghaeilge ar a dtoil acu agus dá mbeadh suim acu inti, roimh dó an Béarla a úsáid. Dhearbhaigh Ó Sé gurb é an Béarla teanga gnó an teach tabhairne, agus gur ar nós éide oibre a bheith á chaitheamh acu. Luaigh sé go raibh “language code” i bhfeighm acu agus go rabhaídís san “hospitality business.” D’eagair an eagraíocht Gael Taca fordhearbhú ar an 11ú de Méán Fómhair chun tacaíocht na Gaelgóirí a learú agus a neartú.“We’re all Europeans” a d’fhógair Ó Sé, ach is léir go bhfuil sé imithe as a chuimhne gurb í an Ghaeilge teanga oifigiúl na hÉireann, agus an Béarla an teanga tháineastach. Is cuid lárnach í dár noidhreacht agus dár bhféiniúlacht. Cuireadh an iomad bac uirthi leis na céadta anuas chun an cosc céanna a ghearradh uirthi inár tsochaí ilchultúrtha, nua aimseartha, thar a bheith forbartha. Mealann sí na mílte turasóirí bliain i ndiadh bhliain, ag feabhsú ár stád eacnamaíochta , firic dodhearmadta i ndiadh an gearrchéim a thit amach ag tús an dara míle bliain. Ní dheanfaidh muintir Chorcaí nó Gaelgóirí Chorcaí dearmad ar an scanal seo le fada an lá. Mar a chuirtear ar ár gcluasa go minic, tír gan teanga, tír gan anam.

Previous
Previous

Save Us Daft Punk

Next
Next

Shournagh Line, the Portal to divine