An Ghaeilge ar na meáin shóisialta 

Le Caitríona O’Connell Is léir go bhfuil fíor-shuim le feiscint sa Ghaeilge ar líne sa lá ata inniu ann, le níos mó ná 100,000 póstáil ag #Gaeilge ar Instagram amháin. Leis sin, seo a leanas 6 cruthaitheoirí agus Gaeilgeoirí ar Instagram go mba chóir duit iad a leanúint: Gaeilgevibes: Is múinteoir í Siobhán agus cuireann sí an Ghaeilge chun cinn gach lá, ag cabhrú le Gaeilgeoirí atá ar gach leibhéal leibhéal a gcuid líofacht a fheabhsú trí fhoclóir a chur ar fáil le liostaí “Cúpla Focal A Day”, ar théamaí difriúla agus topaicí laethúla. Smaoiníonn sí ar imeartas focail fíor-ghreannmhar agus tugann sí míniú ar sheanfhocail difriúla. Is féidir stocaí leis an lógó GaeilgeVibes orthu, cupáin agus priontaí le frásaí agus seanfhocail agus cártaí d’aon ócáid a cheannach uaithi  Bíonn a lán earraí á ndíol aici a chuireann an Ghaeilge chun cinn chomh maith. D’fhoilsigh sí leabhar ina bhfuil roinnt des na “Cúpla Focal A Day” ann, le déanaí, ionas gur féidir le foghlaimeoirí teacht ar na frásaí go háisiúil agus iad go léir san áit chéanna, i leabhar beag áisiúil. Ciara Ní É:Is file í Ciara Ní É a scríobhann agus a léiríonn a cuid dánta ar réimse téamaí. Tá sí ina hambasadóir d’Áras Scríbhneoirí na hÉireann. Bhí sí ina scríbhneoir cónaitheach DCU in 2020 agus bhunaigh sí Reic; ócáid filíochta ó bhéal a bhíonn á reáchtáil go dátheangach i mBaile Átha Cliath. Faoi láthair, tá sí i mbun dráma a chur le chéile don Dublin Fringe Festival, darb ainm Idir Mise, ina fiostraítear saol an Ghaeilgeora aitigh trí mheán amhránaíochta, damhsa agus mar aon leis an bhfocal labhartha.  Bíonn ábhair Chiara le fáil ar a leathanach Instagram, TikTok agus YouTube, agus í ag labhairt faoi réimse leathan topaicí- stair focal agus frásaí Gaeilge, tuairimí faoin nGaeilge sa lá atá inniu ann agus, gan dabht, a cuid filíochta féinig.   An Chéad Ghlúin Eile: Beirt dheirfiúracha as Gaeltacht Ráth Chairn iad Máire agus Étain Ní Churraoin agus amhránaíocht ar an Sean-Nós á déanamh acu le chéile faoin dteideal “An Chéad Ghliúin Eile”. Bhuaigh siad an comórtas Réalta agus Gaolta in 2019 agus iad ag dul ó neart go neart ó shin! Ar an leathanach Instagram acu, faightear uasdátú ó na cailíní  faoina saoil, físeáin amhránaíochta, agus go leor craic agus comhrá ón mbeirt acu dar ndóigh! Is iontach an rud é caidreamh mar sin idir na deirfiúracha a fheiscint agus tá an grá atá acu don Ghaeilge fíor-spreagúil. Amhránaithe is ea an bheirt acu agus iad gealgháireach de shíor.  GaelGals: Is grúpa cairde iad na GaelGals, a tháinig le chéile nuair a bhíodar ag freastail ar Ollscoil Mha Nuad. Is iad Róisín Ní Mhaoláin, Clíodhna Ní Dhufaigh, Sinéad Ní Scolaí, Rachel Nic an Rí, Aoife Ní Oisín, Dúlra Ní Ainle, Alswyn Ní Aonghusa agus Lucy Nic Aindris atá mar bhaill den ngrúpa sin. Clúdaítear an-chuid ar an leathanach: smidiú, faisean, spórt, ceol, clár teilifíse, ealaín, leabhair, agus gan dabht an saol ó thaobh na Gaeilge de. Is éasca le rá go bhfuil rud éigin do gach éinne ar leathanach na gcailíní, is cuma pé caitheamh aimsire atá agat. Ina theannta sin, thosnaigh na GaelGals a bpodchraoladh féin in 2020, ina mbíonn siad ag plé  gnáthchúrsaí laethúla trí mheán na Gaeilge Is féidir iad a chloisint gach dara Céadaoin ar a hocht a chlog ar Raidió Rí-Rá gach re Céadaoin . The Kerry Cowboy: Is ar TikTok a thosnaigh An Kerry Cowboy (Séaghan Ó Súilleabháin) ar dtús, ach ansin fuair sé cuntas Instagram dó féin agus tá sé ag déanamh sár-jab an Ghaeilge a chur chun cinn ar a leathanach féin.  Bíonn sé ag caint faoi réimse leathan ábhar- an fheirmeoireacht, an Ghaeilge agus Ciarraí don chuid is mó!  Déanann sé a dhícheall stair na háite agus logainmneacha a mhíniú sa mhéad is gur féidir, chomh maith le traidisiúin stairiúla na hÉireann agus míniú ar fhocail Ghaeilge áirithe a léiriú. Agus, gan amhras, ní féidir an Kerry Cowboy a lua gan tagairt a dhéanamh do Bhraindí, a mhadra gleoite. Bíonn Braindí ag cabhrú le Séaghan leis an bhfeirmeoireacht agus í chomh gleoite sin os comhair os comhair an cheamara faoin bpointe seo! Múinteoir Meg: D’aon Ghaeilgeoirí go bhfuil suim aige nó aici san fhaisean, caithfidh sibh Múinteoir Meg a leanúint! Is múinteoir meánscoile í, ina theannta sin is í an fashionista is galánta a chonaic mé riamh. Cuireann sí gach saghas feistis le chéile, ó fheisteas neamhfhoirmeálta chun dul chuig na siopaí go feisteas chun dul amach ag ragairne nó chun dul ar choinne rómánsúil mar déarfá.  I measc a cuid scéalta, briseann sí síos cad atá á rá aici, ionas gur féidir le gach duine í a thuiscint; rud a mholfainn go mór d’aon fhoghlaimeoirí go dteastaíonn uathu cúpla focal laethúil a phiocadh suas. 

Previous
Previous

A Deep Dive into the World of Daytime Television

Next
Next

WHY YOU SHOULD CARE ABOUT AFGHANISTAN (AND WHAT YOU CAN DO TO HELP)