An Ghaeilge - Seaniarsma ón Stair nó Comhartha na Todhchaí? 

A Scríobhann Édith de Faoite, Eagarthóir Gaeilge Is minic a deirtear gur ‘teanga mharbh’ í an Ghaeilge. Níos minicí fós, deirtear go bhfuil an  Ghaeilge ina hiarsma ó ré atá thart agus is teanga a sheasann do thír choimeádach agus do  chreidiúintí a bhaineann leis an gcéad seo caite í. Dar le roinnt daoine, tá dlúthcheangal idir an  Ghaeilge agus an Eaglais Chaitliceach fós, sa lá atá inniu ann. Is argóint mícheart agus dochrach  é an argóint seo, argóint a chuireann leis an bpolaitiú a déantar den teanga, go háirithe sa  Tuaisceart. Ní féidir a shéanadh go raibh tionchar ag an Eaglais Chaitliceach ar an nGaeilge. Go minic b’iad  na sagairt agus na manaigh a bhí i gceannas ar na lámhschríbhíní a chaomhnú, a bhailiú agus a  aistriú. Bhí daoine ón Eaglais lárnach sa ghluaiseacht chun an Ghaeilge a athbheochan freisin. Sa  naoú haois déag, bhí an tArdeaspach John McHale go mór i bhfábhar na Gaeilge agus d’oibrigh  sé chun an teanga a chaomhnú trí leabhair urnaí a scríobh trí mheán na Gaeilge. Bhí cuid eile de  na creidmhigh páirteach i ndomhan litríochta na Gaeilge. Ba shagart é Peadar Ua Laoghaire a  scríobh leabhair trí Ghaeilge, agus a rinne aistriú ar litríocht meánaoise Gaeilge freisin. Tá a lán  eile, ba liosta le háireamh a bhí mar bhaill den Eaglais Chaitliceach agus a d’fhág a rian ar an  teanga Ghaelach. Tá tionchar na hEaglaise le brath sa teanga labhartha freisin. Nuair atá daoine ag argóint faoi an  méid Caitliceachais i nGaeilge, is minic a luann siad an frása ‘dia dhuit’. Is soiléir go bhfuil an  beannú seo fréamhaithe i reiligiún. An t-aon rud atá doiléir san argóint sin ná go mbíonn na  daoine i mbun na hargóinte sin ag tabhairt le fios go bhfuil an Gaeilge eisceachtúil sa slí seo,  agus nach bhfuil an scéal mar an gcéanna i dteangacha eile. Bíonn dlúthcheangal idir teangacha  áirithe agus creidimh difriúla. Tá baint ag Eabhrais le Giúdachas, tá an Araibis lárnach san Ioslam go minic agus úsáidtear an Scanscrait sa Hiondúchas. Fiú sa Bhéarla, tá an focal ‘goodbye’  giorrúchán de ‘God be with you’. Tá rian na heaglaise soiléir sa Ghaeilge, chomh maith sa  Bhéarla agus a lán teangacha eile. Is loighic lochtach a rá go bhfuil an Ghaeilge an t-aon theanga  a bhfuil ar maos le tagairtí creidimh. Ach é sin stair na teanga, cad faoi an teanga chomhaimseartha? An bhfuil an litríocht ar fad  scríte tar éis aimsir na manaigh fós lán le creideamh? Ní hé sin is atá rudaí a thuilleadh. Nuair a  bhí cinsireacht fós á chleachtadh in Éirinn, bhí i bhfad níos lú leabhair as Gaeilge coiscthe ná  leabhair trí Bhéarla. Bhí na dlíthe cinsireachta i bhfeidhm chun cosc a chur ar leabhair, scannáin  agus a leithéid a bhí “neamhoiriúnach” do mhuintir na hÉireann. B’iad na hábhair  neamhoiriúnacha ná an-chuid ábhair a bhí mísháshúil dar leis an Eaglais Chaitliceach. Ach, ar slí  éigin, d’éirigh le han-chuid leabhair trí mheán na Gaeilge na dlíthe seo a shárú. Ar cheann de na  hábhair a ndéanadh cinsireacht air ná ginmhilleadh. Rinneadh cinsireacht ar an scannáin Alfie  de chuid Micheal Caine ach d’éirigh leis an ndráma An Triail na dlíthe a sheachaint. Is dráma é  seo a cháineann an Eaglais Chaitliceach agus na hoird creidimh. B’é an chúis go raibh na píosaí  litríochta saor ó na srianta seo ná nach raibh Gaeilge ag na húdaráis a bhí i mbun cinsireachta.  Thug an Ghaeilge saoirse do dhaoine caint faoi na hábhair toirmiscthe gan eagla. Sa slí sin ba  bhealach í an Ghaeilge chun tuairimí conspóideacha a bhí i gcoinne teagasca na hEaglaise a  roinnt. Sa chéad seo, úsáidtear an Ghaeilge i reifrinn éagsúla a bhain le ceisteanna forásacha. Ar dtús, i  2015, úsáideadh an Ghaeilge i mana sa reifreann faoi chomhionannas pósta. Bhí ‘Make Grá the  Law’ ar cheann de na manaí a bhí ag an dream a bhí i bhfabhar an phósta comhghnéis. Ansin, i  2018, úsáideadh ‘Tá for Mná’ mar mhana sa reifreann faoin Ochtú Leasú. Is comharthaí iad seo  nach “teanga mharbh” í an Ghaeilge. Tá an Ghaeilge in úsáid chun tuairimí forásacha a roinnt  mar is teanga bheo í a chuireann in iúl dearcthaí na ndaoine a labhraíonn í, mar sin bíonn sí i  gcónaí ag athrú le himeacht ama. 

Previous
Previous

A Gut Feeling: How Gut Health Impacts your Physical and Mental Health  

Next
Next

Why the BBC’s, ‘A Perfect Planet’, is the most essential TV viewing in recent memory