An Ghailís agus an Dátheangachas: ceachtanna le foghlaim ag Éirinn

Nuair a shroich mé Santiago de Compostela dhá mhí ó shin chun tús a chur le mo bhliain Erasmus, cheap mé go raibh mé lán le heolas faoin áit. Bhí mé tar éis oícheanta a chaitheamh ar Ghoogle ag déanamh mo chuid taighde. Léigh mé gur cathair bheag í, suite sa Ghailís, in iarthuaisceart na Spáinne. Ceann de na réigiúin fhéinrialaitheacha is ea an Ghailís, cosúil leis an gCatalóin, atá i mbéal an phobail faoi láthair. Tá a teanga agus traidisiúin féin aici a thagann ó na cultúir éagsúla a bhí san áit thar na blianta. Bhí tionchar fiú ag na Ceiltigh uirthi, agus feictear é sin sa cheol traidisiúnta agus sa teanga chomh maith.Mar mhac léinn teangacha thug mé an-aird agus mé ag léamh faoin ngné sin de shochaí na Gailíse. D’fhoghlaim mé go bhfuil dhá theanga oifigiúil inti- an Chaistílis (nó Spáinnis) agus an Ghailísis, agus mar gheall air sin, tá áit faoi leith ag an nGailísis san oideachas sa réigiún, i m’ollscoil óstach chomh maith. Ach cé gur léigh mé é sin, bhí mé in amhras faoin méid Gailísise a bheadh le feiceáil agus le cloisteáil agam san ollscoil. Tar éis an tsaoil, is duine Éireannach mé, agus tuigim, trí chás na Gaeilge, nach ionann i gcónaí teanga oifigiúil agus ‘áit faoi leith sa tsochaí’, mar ba cheart dó. Dá dheasca sin, ní raibh mé cinnte cad a bheadh ag fanacht liom in ollscoil dhátheangach sa Ghailís, ach tar éis dhá mhí, is féidir liom a rá go bhfuil an dátheangachas san ollscoil ag dul go mór i bhfeidhm orm.Mar chuid den dátheangachas, tá rogha ag chuile léachtóir Gailísis nó Spáinnis a úsáid agus iad ag múineadh. Is féidir leo tascanna agus aistí a leagan amach i nGailísis chomh maith, más mian leo. Déantar an comhfhreagas ollscoile i gcónaí as Gailísis agus bíonn Gailísis le feiceáil ar na póstaeir timpeall na hollscoile freisin. B’fhéidir ag an bpointe seo go bhfuil tú ag cur na ceiste ort féin conas go dtuigeann na mic léinn idirnáisiúnta agus as réigiúin eile sa Spáinn cad atá á rá agus á scríobh ag na léachtóirí. Ag an tús, caithfidh mé a admháil go ndeachaigh sé crua orm chuile rud a thuiscint, ach bhí mé in ann a thuiscint cad a bhí i gceist den gcuid is mó mar gheall ar na cosúlachtaí idir Spáinnis agus Gailísis. Thosaigh mé ranganna Gailísise chomh maith agus cabhraíonn siad le deacrachtaí tuisceana. Ach cé nach bhfuil sé ró-dheacair an teanga a thuiscint do thromlach na mac léinn, bíonn foighne ag na léachtóirí leis na mic léinn go hiomlán caillte sna ranganna. Muna dtuigeann mac léinn cad a bhí ráite, níl aon fhadhb leis, agus míníonn na léachtóirí an pointe as Spáinnis dóibh.Níl an rogha ag na léachtóirí amháin áfach. Bíonn cead ag chuile mac léinn ceisteanna a chur agus a fhreagairt as Gailísis nó as Spáinnis i gcónaí. I gcaifitéire na hollscoile sa Roinn Focleolaíochta cloistear an dá theanga i measc na mac léinn. Nuair a bhím ag caint le mo chairde ón áit, léiríonn siad meas dom toisc go ndéanaim stáidéar ar an nGailísis anseo, ach bíonn siad sásta labhairt liom as Spáinnis den gcuid is mó agus seans a thabhairt dom mo Ghailísis mhall a chleachtadh leo. Tuigeann siad nach bhfuil chuile mac léinn idirnáisiúnta chun an Ghailísis a fhoghlaim go foirmiúil agus bíonn foighne acu le haon mhac léinn a deir nach dtuigeann siad cad a bhí ráite, nuair a deirtear é i tslí dea-bhéasach. Ní tharlaíonn sé mar sin i gcónaí, faraor. Bím ag caint go han-mhinic le mic léinn idirnáisiúnta eile anseo agus bíonn grúpa mac léinn ag tabhairt amach faoina léachtóirí ag múineadh trí Ghailísis. Feicim mic léinn idirnáisiúnta eile ag casadh a súl timpeall agus iad ag féachaint ar na póstaeir as Gailísis. B’fhéidir gur as tíortha le teanga oifigiúil amháin dóibh, agus ní thuigeann siad an tábhacht a bhaineann le dátheangachas i gcásanna cosúil leis an nGailísis óna taithí féin. Bíonn sé deacair a thuiscint fós cén fáth gur tháinig siad anseo ar an gcéad dul síos.Ach b’fhéidir go dtagann an méid suime atá agamsa sa dátheangachas san ollscoil seo ó mo shuim sa Ghaeilge agus mo shuim sa dátheangachas (nó an easpa dátheangachais) in Éirinn. Cuireann an ollscoil seo ag smaoineamh mé ar chás na Gaeilge i gcónaí. An mbeadh sé indéanta ollscoil dátheangach cosúil leis an ollscoil seo a bheith againn in Éirinn? Is léir go mbeadh deacrachtaí againn nach bhfuil i gceist sa Ghailís. Mar shampla, is cainteoirí dúchais iad na léachtóirí agus na mic léinn san ollscoil seo, ach bheadh níos mó ná cainteoirí dúchais amháin ag taisteáil uainn chun ollscoil dhátheangach a chur ar fáil in Éirinn. Is féidir leis na mic léinn idirnáisiúnta an Ghailísis a thuiscint den gcuid is mó anseo mar gheall ar na cosúlachtaí atá aici leis an Spáinnis. Ní bheadh na mic léinn idirnáisiúnta ag teacht go hÉirinn in ann an Béarla a úsáid sa bhealach céanna leis an nGaeilge. Ach fós, ceapaim gur ceist shuimiúil í agus déanaim iarracht a bheith dóchasach fúithi. Ar deireadh thiar thall, is maith an scéalaí an aimsir.

Previous
Previous

City win the Double in Dublin on Penalties

Next
Next

Cork City WFC Shine in Aviva