An Grá i bhFad i gCéin

A scríobhann Seán Ó hUallacháinAoibhinn beatha an scoláire, nach é sin a deirtear? Oícheanta amuigh sa chathair, cairdeas, agus craic. Fiú má tá saol na gcaorach ag mic léinn sa lá atá inniubh ann, ní hé sin le rá, áfach, nach mbíonn ár gcuid deacrachtaí againn. Is minic go mbíonn fadhbanna ag mic léinn le cúrsaí airgid, cúrsaí tithíochta, lena gcuid caidrimh phearsanta, agus le cúrsaí ollscoile iad féin. Bhí deis agam féin labhairt le triúr mac léinn atá ag streachailt le caidrimh fhadtriallaigh, agus na deacrachtaí uilig a bhaineann leo. Cad é an rud is deacra leis an long-distance? An mbíonn fadhbanna cumarsáide ann? Seo hiad na smaointe a bhí acu:Ábhar oidí is ea Molly, atá ag siúl amach le fear as Luimneach. Conaíonn sí i gContae Chorcaí agus má theastaíonn uaithi dul ar cuairt go dtí a páirtnéir, turas bóthair 90 nóiméad ar a laghad a bhíonn i gceist. Mhínigh sí dhom cé chomh deacair is a bhíonn sé ar orthu:‘Sé an rud is measa ná nach féidir leat an tacaíocht fhisiciúil a thabhairt do do bhoyfriend nuair a bhíonn sí ag teastáil’ a dúirt sí. ‘Má tharlaíonn rud éigint diúltach dó nó má tá drochlá aige, ní féidir liom a bheith in éineacht leis chun lámh chúnta a thabhairt dó. Ní féidir liom geallúint dó go mbeadsa in éineacht leis fé cheann cúig neomat, toisc go bhfuil an achar fada bóthair sin eadrainn. Ní bhíonn fhios agam an chéad uair eile a bhfeicfidh mé é de ghnáth. Ní rud éasca é a adhmháil, ach sí an fhírinne í.’Bhí deis agam chomh maith labhairt le Megan. Tá Megan i mbun Erasmus sa Spáinn i láthair na huaire, agus tá a páirtnéir fós ag maireachtaint i gCorcaigh. Labhraíomar ar FaceTime, agus bhí cómhrá deas againn, í suite amuigh fé sholas na gréine, lasmuigh dá hárasán i gcathair Seville.‘Mar a shílfeá’ a dúirt sí, ‘labhair mé féin agus mo bhoyfriend mar gheall ar mo bhliain Erasmus arís is arís eile sular d’fhág mé na tíre. Ní cómhrá éasca é. Bhí a fhios agam go mbeadh sé deacair, ach níor thuigeas cé chomh pianmhar is a bheadh sé. Mheasas go mbeadh sé níos deacra i dtosach báire agus go n-éireodh sé níos fusa le himeacht ama. Le bheith macánta, bíonn roinnt laethanta ceart go leor agus an chuid eile ana-dheacair. Measaim gurb í an chumarsáid an rud is tábhachtaí. Má thagann aon rud aníos, ní mór dúinn é a phlé chomh luath agus is féidir. Muna bpléann, bíonn an baol ann go n-éireodh an fhadhb níos troime agus go tobann titeann an tóin as gach rud. Le cúnamh Dé tá mo chuid eitiltí curtha in áirithe agam don Nollaig agus beidh mé in ann é a fheisicnt tar éis an oiread seo ama scartha uaidh. Is fiú an frustrachas ag deireadh an lae.’Gailleamhach ó dhúchas is ea Dara atá ag dul amach le fear as Corcaigh. Mac léinn dlí is ea é chomh maith, atá i mbun bhliain na céime. Mhínigh sé dhom conas a bhíonn sé a bheith i bhfad óna pháirtnéir.‘Tá cleachtadh mhaith againn ar bheith i bhfad óna chéile, ní raibh fhios againn a mhalairt go dtí le gairid, ach fós féin bíonn sé deacair. Ní fhaca muid a chéile ar feadh cheithre mhí i mbliana nuair a bhí an chéad thréimhse dianghlasála ar siúl agus bhí sé sin an-chrua go deo. Cé go nglaodh muid ar a chéile chuile oíche ar FaceTime, scaití ní bhíonn ag teastáil ó dhuine ach teagmháil fhisiciúil – fiú fáisceadh láimhe nó póigín mar thacaíocht nuair nach bhfuil tú ar fónamh. Bíonn roinnt imní agus faitíos ag baint le bheith i do chónaí i bhfad ó do leannán freisin. Dia idir sinn agus gach anachain, ach dá dtarlódh aon cheo do cheachtar againn, dá mbeadh ceachtar againn i gcontúirt mhór ar bith, is beag cúnamh a bheadh muid in ann a thabhairt dá chéile agus achar 200 ciliméadar eadrainn. Ná tóg mícheart mé, is mór is fiú ár gcaidreamh agus cibé ceard den domhan mór ina mbeinn, fiú dá mbeadh muid na mílte míle ó chéile thar tír is thar farraige, ‘sé an fear ceannan céanna a bheadh uaim.’Is léir ón méid a chuala mé ón triúr gur deacair an rud é a bheith scartha ó do ghrá geal. Gan amhras, bheadh ort a bheith foighneach agus tuisceanach mar dhuine dá mbeifeá ag iarraidh triail a bhaint as caidreamh fadtriallach. An rud a chuir áthas orm i ndiaidh na n-agallamh ná go raibh fhios ag gach éinne acu go raibheadar i ngrá ag deireadh an lae. Faigheann an grá an lámh in uachtar i gcónaí, is cosúil.

Previous
Previous

Diving into Fish

Next
Next

A Year in Numbers