An Laoch Nua-Aimseartha

Cad is brí le ‘laoch’ sa lá atá inniu ann? Cad iad na tréithe a bhaineann le laochas, agus cén saghas duine a thuilleannan an lipéad sin anois? Mórcheist agam oraibh – an ceart go mbímid ag faire ar leithéidí Kylie Jenner agus ag déanamh aithris ar a gcuid nósanna lá i ndiaidh lae? Measim féin nach mbaineann meabhair ná ciall le bheith ag glúcaíocht ar leithéidí na Kardashians, agus ag iarraidh an stíl saol atá acu dúinn féin. Níl an domhan san réalaíoch – tá gach aon ní cruthaithe acu i gcomhair na teilifíse, agus má leanaimid ar aghaidh leis an seointíneacht so, bhuel, déanfaidh sé raic don sochaí domhanda i gcoitinne. Go ró-mhinic anois, is iad daoine fiáin mímhacánta a bhaineann aitheantas agus cáil amach, agus a thuilleann méid mór d’airgid dá bharr. Tá daoine óga na tíre so gafa leis na Kardashians, mar shampla, agus ina súile féining, is laochra iad. Bíonn said ardnósach agus drochbhéasach, ag spocadh as daoine eile agus ag caitheamh airgid ar rudaí seafóideacha. Agus léirítear meas orthu. Ach, in ainneoin go bhfuil seans ann gur mise an t-aon duine amháin anso a diúltaíonn leis an ndearcadh san, táim chun é a rá glan amach – ní hiad Miley Cyrus agus Ariana Grande na heiseamláir a leanaim im’ shaolsa. Tá Corcaíoch chun tosaigh i m’aigne atá i bhfad Éireann níos tábhachtaí dom ná iad. Is as sráidbhaile beag darb ainm Biorainn don bhean so, agus in ainneoin a cuid gaiscí go léir, is uamhal an bhean í. Do chruthaíos pictiúr éadomhain daoibh den ‘laoch nua-aimseartha’ thuas, ach a mhalairt ar fad atá i gceist anso. Ná bígí buartha, tá moráltacht fágtha sa domhan againn! Is pearsa spóirt í an bhean so, a bhíonn ag briseadh curiarrachtaí mar phíosa spraoi, is cosúil. Mí Mheán Fómhair seo caite, bhuaigh sí a hochtú bonn Uile-Éireannach déag idir chamógaíocht agus peil na mban. Anuas ar san, ba í an chéad duine riamh a bhí mar chaptaen ar a contae dúchais nuair a bhuadar Craobh na hÉireann sa pheil agus san iomáint. Tánn sibh ag smaoineamh anois nach bhféadfadh cúrsaí éirí níos fearr, ach tá dea-scéal eile agam daoibh- do thug sí óráid bhreá i nGaoluinn bhinn Mhuscraí uaithi agus í ag glacadh Corn Uí Dúbhthaigh! Nach ceart an laoch agus an gaiscíoch í, an bhandia ar ndóigh. Muna bhfuil ainm na himreora so ar bharr teanga agaibh faoin dtráth so, faire mo náire! Táim ag labhairt anois faoin Rena Buckley, an pearsa spóirt is fearr a tháinig as Corcaigh riamh. Tá chuile rud faoin ngrian buaite aici ó thaobh peile agus camógaíochta de, agus gan í ach tríocha bliain d’aois. Tá ‘All-Stars,’ gradaim ‘Imreoir na Bliana,’ agus duaiseanna eile nach iad sa chófra sa bhaile aici, áit éigin as radharc na súile, mar ní chuirfeadh Rena a cuid ama amú ag glúcaíocht ar na gradaim atá buaite aici. Féachann sí ar aghaidh i gcónaí, don chéad seisiún traenála eile, nó don chluiche ag an deireadh seachtaine. “Cleachtadh a dhéanann máistreacht,” a deirtear, agus is fíor san i gcás Rena. Ach deirtear chomh maith gur furasta fuineadh in aice na mine, agus caithfear trácht a dhéanamh ar thuistí Rena chun solas a chaitheamh ar conas a dhein sí a bealach ó bheith ina girseach óg, le bua neamh-mhúinte an spóirt aici, go dtí an t-imreoir clúiteach atá inti anois. Is cinnte go bhfuil sí fíor-bhuíoch dena tuistí as an spreagadh agus an moladh a thugadar di, fad is a bhí sí ag fás aníos. D’fhéach Rena óg ar a seanmháthair, Rena eile, chomh maith i gcomhair treoir agus tacaíochta. Bean í seo a tógadh i gCill Garbháin, Co. Ciarraí, a raibh Gaoluinn ón gcliabhán aici, agus dúil mhór sa spórt aici ina theannta san. Is beag ócáid a dhíríonn na meáin ar Rena agus a gaiscí, agus sin croí na faidhbe go rabhas ag gearán faoi thuas. Craoltar cláracha seafóideacha ar nós ‘Keeping up with the Kardashians’ ar an teilifís go mion minic, agus mar sin, ní nach ionadh go bhfuil daoine socair, macánta ar nós Rena ceilte ón ndomhan, agus ard na tíre dírithe ar dhaoine mífhreagracha, teasaí nach bhfuil ár meas tuillte acu in aon chor. Bíonn daoine óga tarraingthe don ghalántacht (nó don bhaothghalántacht?) a chíonn said i ndomhan na ndaoine cáiliúil. Agus mé ag siorsmaoineamh air, an féidir iad a lochtú? Is dócha go bhfuil na meáin freagrach as an gclaoníomhá atá ag an aos óg ó thaobh ‘laochra’ de. ‘Laoch’ is ea duine a mhaireann i ngort na moráltachta, a thabharfadh droim láimhe do cháil dá bhféadfadh sé no sí, dar liomsa. Ní hionann Rena agus réaltaí éadoimhne saibhre na teilifíse. Is buaine clú ná saol, ach bíodh sin i gcomhair cúis measúil, cúis go bhféadfadh duine bheith bródúil as. Mo ghrá thú, a Rena!

Previous
Previous

That Time My Cat Broke Up With Me

Next
Next

Culture shock and Asian food: Two Whitehalls abroad