An Lucht Siúil agus Meas

Is grúpa eitneach dúchasach Éireannach iad an Lucht Siúil, a bhfuil an-chuid miteaseolaíocht ag baint leothú. Deireann roinnt foinsí go scaradar leis an daonáireamh socraithe ag am an ghorta, deireann roinnt gur thiomáin Cromall as a dtithe iad, ach de réir taighde déanta ag an gColáiste Ríoga na Máinleá in Éirinn agus Ollscoil Dhún Éideann bhí sé i bhfad Éirinn níos faide siar. De réir an taighde san tá an ghrúpa tar éis a bheith scairthe leis an bPobal Socraithe go gineadach le os cionn dhá ghlúin déag, nó 360 bliain.Grúpa an-dhifriúl is ea iad siúd, lena dteanga fhéin agus traidisiúnta stairiúla. Cuirtear an-chuid ainmneacha éagsúla orthú i mBéarla: Pavee’s, Mincéirí (ina dteanga agus úsaid bainte as i mBéarla comh maith) Travellers, Itinerants, an lucht taistil agus ar uile. Ní bhíonn meas ar chuid mhaith den dhaonáireamh socraithe orthú áfach, agus bheadh ionadh ar scata mhór acu fáilt amach go bhfuil teanga acu nach bhfuil an Béarla. Faraor is minic a chuirtear lipéidí eile lena focail. Táid feicithe ag na héinne, liostaí focal ‘Slang’ ar líne, ach is ró-mhinic a cheaptar gur ‘Slang áitiúl’ í teanga na Lucht Siuil, Da Gammon, Cannt nó Shelta, in áiteanna ina bhfuil líon árd dóibh siúd.Mar a luaigh mé cheana féin, tá traidisiúnta láidre ag baint leis an ngrúpa leis, bainteach leis an mbás agus leis an dtaisteal, sampla maith dar liom is ea an slí ina láimhseáiltear an bhás. Dóitear gach aon earra phearsanta a bhí ag an nduine agus iad fós beo, agus deirtear go cuidíonn sin le próiséas an bhróin, agus d'fhéadfá san a thuiscint, mar tá 'closure' de shaghas i gceist leis. Traidisiún eile atá láidir ina measc, a bhí láidir i measc an phobail socraithe comh maith ná gan riamh casadh timpeall agus iad tar éis aghaidh a thabhairt d'áit éigint ar thuras. Deirtear go bhfuil mífhortún ag baint le san a dhéanamh, agus is féidir é san a thuiscint s'é ar na rudaí is tábhachtaí do ghrúpa a bhíonn i gcónaí ag taisteal ná a bheith in ann an ceann scríbe ceart a phiocadh gach aon uair, mar bhraitheann a slite beatha ar an gcinneadh san.Faraor is minic a bhíonn na meáin agus cuid measartha mhór de ghnáthphobal na hÉireann á gcáineadh na daoine san. Dar liom tá meas mar cheart bunúsach daonna, agus ba chóir do lucht an ghaeilge a aithint gur grúpa fé leith atá ann atá fé chos an rialtais agus ag na comhairlí éagsúla áitiúla timpeall na tíre a dheireann 'not in my back yard' dos na daoine san nach bhfuil ach ag iarraidh maireachtáil san sean-slí atá acu. Cinnte is féidir le muintir na Gaoluinne a thuiscint nár mhaith leis na daoine san a traidisiúnta a thréigean.Tá dul chun cinn déanta ag an bpobal le déanaí, le gníomhaithe ar nós an Dochtúir Sindy Joyce, bean siúil ó chontae Luimnigh, atá ina saineolaí soceolaíochta, a bhí ceapaithe chun a bheith ar an gComhairle Stáit i mbliaina. Bíonn sí ag giolcaireacht fé na dúshláin éagsúla leis a bhíonn ar an bpobal dul i ngleic. Is sampla iontach í dos na haon taistealaí óga, mar b'í an chéad Mincéir (an focal atá an an bpobal chun tagairt a dhéanamh dóibh fhéin) a bhain PhD amach ariamh. Táim buíoch go pearsanta go raibh a tvuíteanna ann nuair a theastaigh uaim go pearsanta níos mó a fhoghlaim fén bpobal ó dhearcadh pearsanta.'s é an méid atá á rá agam ná go mbíonn claonta ag daoine, agus nithe foghlamtha is ea iad. Más rud é go bhfuil claonta mar gheall ar an lucht taisteal foghlamtha agatsa fhéin, bí cinnte iad a scrúdú go géar, agus an rud a mholfainn duit ná iad a thréigean. Ní chóir breithiúnas a dhéanamh ar ghrúpa daoine ar chor ar bith, agus mar Ghaeil tá súil agam go dtuigimid go léir san.Ní chóir dúinn neamhaird a thabhairt ar an gcás deacair a bhí ag na Gaeil ó thaobh na claonta de, agus ar tábhacht an meas agus an dlúpháirtíocht ach an oiread.

Previous
Previous

Why You Should Give the Gift of Music This Christmas

Next
Next

The Confessions of a Student Elf