An tSlí chun níos mó Gaeilge a úsáid in 2022

Le Caitríona O'ConnellAthbhliain faoi mhaise daoibh go léir! Agus 2022 buailte linn, b’fhéidir gur rún na hathbhliana é duitse chun níos mó béim a chur ar an nGaeilge sa bhliain nua. Más ea, seo cúpla smaointí chun níos mó Gaeilge a úsáid i do shaol i 2022!

  1. Frásaí simplí a úsáid i gcaitheamh an lae:

Is éasca an rud é dearúd a dhéanamh ar an nGaeilge a úsáid inár saol laethúil.  Níl ag teastáil ach athrú beag bídeach is na focail laethúla a athrú ó Ghaeilge go Béarla. Mar shampla, abair “Dia dhuit” seachas “Hello”, agus is féidir buíochas a gabháil le duine tré “Go raibh míle maith agat” a rá in ionad “Thanks,” agus do bheannacht a chur le duine i dtaobh “Slán” a rá in áit “Goodbye”.    2. Úsáid do chuid Gaeilge le do chuid teicneolaíochta:Is féidir Google a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge agus fiú an teanga ar do ghuthán é féin a aistriú chuig an nGaeilge, chun cabhrú leat beagáinín Gaeilge a fheiscint agus a chloisint gach lá.    3. Tabhair aird ar an nGaeilge atá os do chomhair amach:Bíonn an Ghaeilge i gcónaí inár dtimpeall agus is féidir í a chlos go forleathan sa domhan mór. Tabhair aird ar chomharthaí bóthair agus ainmneacha siopaí nó foirgnimh. Is féidir an Ghaeilge a fheiscint ar aon chomharthaí poiblí chomh maith, mar shampla ar chomharthaí páirceála. Ina theannta sin, bíonn ainmneacha na gcontaetha le feiscint as Gaeilge ar phlátaí cláraithe gluaisteáin.       4. Ceannaigh earraí agus an nGaeilge le feiscint orthu:Tá mórán earraí ar fáil agus an Ghaeilge le feiscint orthu. Is féidir t-léinte agus geansaithe ó Beanantees, le mana ar nós “Dia Bitch” agus “Yas Banríon” orthu. Tá hataí, t-léinte agus geansaithe áilne ar fáil ó Gaeilgegheansaí , le frásaí “Ta cúpla focal agam”, “Ní Saoirse go Saoirse na mBan”agus “Tá Gaeilge Agam.” Is féidir réimse earraí ó mhascanna aghaidhe, cártaí Nollag, geansaithe agus t-léinte a fháil ó shuíomh An Spailpín Fánach. Ar shuíomh Betty agus Biddy, faightear seodra álainn óir agus airgid le frásaí agus seanfhocail ar nós “Dá fhad é an lá, tagann an tráthnóna” agus “An té a bhíonn siúlach, bíonn scéalach”.  Is féidir cupáin ghleoite a fhail ó Dunnes Stores go rialta le ráitisí comónta as Gaeilge orthu, mar shampla “Is breá liom cupán tae” nó “Go raibh míle maith agat” orthu.     5. Éist le podchraoltaí trí mheán na Gaeilge:Bíonn an t-uafás podchraoltaí ar fáil sa lá atá inniu ann trí mheán na Gaeilge agus faoin nGaeilge í féin chomh maith, mar shampla: Gaelgals, Pod Beag, Gaeilge Anois, Tae is Plé, Bladhaire, Motherfoclóir, Imperfect Irish, Spreagadh Saoil, Nuacht Mhall, Guthanna na nGael (Raidió na Life), Bitesize Irish Podcast, StaidAir le Bláthnaid Treacy, Gaeilge  Bhriste agus Corpoideachas le Mollaí agus Máirtín.    6. Labhair Gaeilge le do mhuintir agus le do chuid cairde:Is féidir do chuid Gaeilge a fheabhsú tré an teanga a labhairt le do mhuintir is do chairde chomh minic agus gur féidir. Fiú más rud é go ndéanann sibh an cinneadh díreach chun an Ghaeilge a labhairt ag am dinnéir, nó nach féidir ach Gaeilge a úsáid sa ghrúpa WhatsApp, más rud é go gcabhraíonn sibh lena chéile beidh gach duine agaibh níos compordaí á húsáid in atmaisféar neamhbhreithiúnach, nuair nach bhfuil an Ghaeilge á húsáid ach chun teangmháil lena chéile go neamhfhoirmeálta. B’fhéidir go ndéanfaidh tú an cinneadh le cara amháin bualadh leo uair sa tseachtain agus nach labhróidh sibh ach Gaeilge lena chéile san am sin; chun cabhrú lena chéile an Ghaeilge a labhairt go rialta. Agus, mar a deir an seanfhocal, “Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste”.    7. Déan cinneadh go bhfuil tú chun do chuid Gaeilge a fheabhsú:Má thugann tú sprioc bheag duit féin gach lá, mar shampla focal nua a scríobh síos duit féin gach lá, 10 nóiméad a chaitheamh ar Duolingo nó frása nua a fhoghlaim gach lá. Más rud é go dtugann tú sprioc duit féin nach dtógann mórán ama ach atá éasca le déanamh agus le smaoineamh air, beidh sé i bhfad níos éasca duit an cinneadh nó nós sin a choimeád leat féin ionas go leanfaidh tú ar aghaidh á dhéanamh ar feadh i bhfad.     8. Léigh leabhair trí mheán na Gaeilge:Tá go leor leabhar ar fáil trí mheán na Gaeilge atá ar leibhéal difriúil deacrachta agus téamaí difriúla chomh maith. Ina theannta sin, faighim go bhfuil sé ana-chabhrach roinnt leabhar a léamh (atá) faoin nGaeilge ach scríofa as Béarla, ionas gur féidir gach rud a thuiscint go héasca agus fós blúire Gaeilge a fhoghlaim chomh maith.  Is féidir ficsean nó neamhfhicsean a léamh agus is féidir liom a rá ó mo thaithí féin agus mé ag léamh “Harry Potter agus an Órchloch” faoi láthair go bhfuil an-chuid foclóra le foghlaim óna bheith ag léamh as Gaeilge. Agus mé tar éis dhá chaibidil den leabhar a léamh, bhí 80 frása scríofa síos agam nach raibh ar eolas agam roimhe sin.     9. Úsáid an Ghaeilge ar na meáin shóisialta:Is rud fíor-éasca é an Ghaeilge a úsáid ar na meáin shóisialta, tré sheanfhocail a úsáid, d’ainm a aistriú chuig an leagan Gaeilge, frása a chur isteach i dteideal pictiúir agus cuntaisí a chuireann an Ghaeilge chun cinn a leanúint. Is féidir Gaeilgeoirí a thabhairt faoi deara ar líne agus suim acu i ngach rud - feirmeoireacht, cócaireacht, faisean, ealaín, smidiú, spórt agus mórán rudaí eile.    10. Tóg an rogha Gaeilge i gcónaí:Ag aon ATM is féidir an Ghaeilge a roghnú mar an teanga ab fhearr leat a úsáid agus tú ag déanamh do chuid gnó. Bíonn an rogha seo ar fáil ag aon mheaisín féinseirbhíse i leabharlanna ar fud na hÉireann, chomh maith.      11. Féach ar chláracha teilifíse agus scannáin trí mheán na Gaeilge:Tá físeáin agus cláracha teilifíse ar fáil ar YouTube, Netflix, RTÉ, TG4 agus go leor áiteanna eile. Is féidir féachaint ar an gcéad TED Talk trí mheán na Gaeilge le Bláthnaid Ní Chofaigh ar Youtube. Bíonn go leor cláracha faisnéise ar fáil ar TG4 agus ar sheinnteoir TG4 ar réimse leathan ábhar, chomh maith le cláracha agus físeáin atá aistrithe ó Bhéarla go Gaeilge. Bíonn spórt á léiriú le tráchtaireacht Ghaeilge ar TG4 chomh maith, agus is nós coitianta é go dtaispeántar cluichí CLG ar TG4, mar shampla cluichí ó na clubanna. Is féidir leagan Gaeilge de roinnt cláracha a fháil ar shuíomhanna eile chomh maith, mar shampla an leagan Gaeilge de Spongebob Squarepants ar Netflix.    12. Bí páirteach i saol na Gaeilge:Glac páirt in aon chiorcal comhrá atá timpeall ort, sa Choláiste nó i do bhaile féin. Téir chuig ócáidí ina mbíonn an Ghaeilge mar theanga an imeachta féin; mar shampla Oireachtas na Samhna, Spraoi Cois Laoi, Fleadh Cheoil na hÉireann nó Féile na Gealaí. Is pobal fáilteach, flaithiúil é pobal na Gaeilge agus má bhíonn tú díograiseach agus cairdiúil éireoidh go hiontach leat!  

Previous
Previous

DOUGLASS WEEK 2022 and the Cork Migrant Centre

Next
Next

Help, I’m Trapped in an Online Printing Press