Anois nó Riamh: Craobh na hÉireann buaite ag Ceann Tuirc agus Cnoc na Graí

Ar an tríú agus ar an gceathrú lá de Feabhra, bhí lucht leanúna Cheann Tuirc agus Cnoc na Graí ar bís chun a bheith mar bhall dá gclubanna. Bhí na himreoirí, lucht tacaíochta, agus daoine éagsúla ó Dhú Ealla agus Corcaigh ag taisteal go Páirc a’ Chrocaigh le údar imní orthu, ach fós le dóchas, spiorad agus paisean an cheantair. Is dóigh liom féin chomh maith go raibh na tacadóirí muiníneach go mbeadh na himreoirí ón dhá thaobh in ann Gaisce a dhéanamh agus Craobh na hÉireann a bhuchaint sa chaide shóisearach agus san iomáint idirmheánach.B’é seo an chéad uair riamh ina raibh na foirne in iomaíocht san léibhéal iontach ard seo. Tá aithne agam ar chuid des na leaids a bhí i mbun imirthe agus chun an fhírinne a rá bhíos buartha go gcuireadh an ócáid isteach orthu. Ach ní hamhlaidh sin a bhí ambaist!I dtús baire, caithfidh mé a rá go raibh mé thar a bheith sásta go raibh foireann as Dúiche Ealla in iomaíocht sa chaide i bPáirc a’ Chrocaigh. Go traidisúnta, b’é caide an rogha spóirt is coitianta sa cheantar. Le blianta beaga anuas, a bhuí leis an dul chun cinn suntasach san iomáint sa cheantar, mar shampla na hiomáinithe idir-chontae cosúil le Anthony Nash agus Marc Ellis, bhí daoine áirithe ag déanamh neamhní don chaide. Ní gá dom a rá ach go bhfuil caighdéan fíor ard caide sa cheantar. Creid nó ná creid, níor éirigh le Cnoc na Graí craobh Dhú Ealla a bhaint amach. Tar éis athimirt i gcoinne Bóthar Buí, buadh orthu. Dá bharr go raibh córas nua i bhfeidhm, bhí cead ag Cnoc na Groí dul chun cinn sa chomórtas an chontae. Cad é mar thuras a bhí acu.‘Tús maith leath na hoibre’ mar a deirtear agus d’fheadfaí a rá gurb é an sár-thús an phríomhchúis go raibh Cnoc na Groí in ann an lámh in uachtar a fháil ar Mhuilte Farannáin. D’aimsigh siad cúil luaithe agus bhí siad mar bhunchloch don cheád leath. An scór ag leath-ama ná: Cnoc na Graí 2-08 Muilte Farannáin 0-05. Tháinig na fir ón Iarmhí amach go láidir sa dara leath. Fuair captaen na foirne David Wallace cúl agus bhí an ionadaí Mark Fallon thar a bheith éifeactach nuair a tháinig sé chun páirce. Scóráil sé dhá cúil iontacha. ‘An rud is annamh is iontach’ mar a deirtear. Aon uair ina n-éiríonn le do bhadóir cúl a bhaint amach, caithfeadh bua a bheith i ndán do fhoireann. Sin díreach cad a tharla nuair a fuair Patrick Doyle báide do Chnoc na Graí le dhá noiméad faghta. An scór deiridh: Cnoc na Graí 3-13 Muilte Farannáin 3-09.Maidir le Ceann Tuirc, bhí cluiche cruaigh ina raibh pointe amháin idir iad agus Béal Átha Ragad ag deiridh na himeartha. Cluiche drámatúil ab ea é ina raibh na himreoirí ón dhá thaobh ar a seacht ndícheall chun an ceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic. Ní hamháin san ach bhí na tacadóirí ag screadaíl in ard a chinn is a gutha, ní a chur go mór le atmaisféar an chluiche.Bhí na foirne gob ar ghob i rith an chluiche. Ach nuair a éirigh le Ian Walsh pointe a fháil sa noiméad deirneach d’am cúitimh gortaithe, chinntigh sé go mbeadh Craobh na hÉireann buaite ag foireann as Dú Ealla don chéad uair riamh ag an léibhéal seo. Ba léir go raibh Walsh ann in am an ghátair. An scór deiridh: Ceann Tuirc 1-18 Béal Átha Ragad 1-17.Is foireann an-dlúth agus aontaithe iad Ceann Tuirc. Tá cúig ghrúpa de dheatháireacha agus tá cuid acu gaolta lena chéile. Mar shampla, tá Ian, Paul agus Ryan Walsh mar dheatháireacha agus ní hamháin san ach tá siad mar chéad chol ceathracha do Aidan Walsh. Deirtear go mion minic go mbíonn na clubanna áitiúla mar bhunchloch an Chumainn Lúthchleas Gael. Cé gur sórt cliché é, is léir go gcabhraíonn nadúr dúchais le forbairt chlub. Mar fhocail scoir, ní dóigh liom go dtarlóidh a leithéid aríst im’ shaolsa. Éacht iontach déanta acu agus sé mo thuairimse féin go mbeidh na himreoirí on dhá thaobh in ann céim eile a thógaint i mbliana mar is foirne óga iad.

Previous
Previous

#UCCVotes - Express straw poll results

Next
Next

#UCCVotes - Why you should vote to stay affiliated with USI