Áras Uí Thuama - Gaeltacht na hOllscoile

Le Caitríona O'ConnellIs scéim do mhic léinn Choláiste na hOllscoile atá ann, ina mbíonn spás do 27 mac léinn sna hárasáin in Áras Uí Thuama, Ionad Cónaithe Gaeilge in University Hall. Is minic a ghlaotar “Gaeltacht na hOllscoile” ar an áit, toisc gur Gaoluinn amháin a bhíonn á labhairt ann. Bunaíodh an scéim in 2006 nuair a tógadh na hárasáin ar dtús agus ainmníodh an tÁras i ndiaidh an Ollaimh Seán Ó Tuama (1926-2006) a bhí mar fhile agus léachtóir i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Tá an scéim oscailte d’aon mhac léinn lán-aimseartha atá in aon bhliain fhad is atáid líofa sa Ghaoluinn agus sásta í a labhairt gach lá. Cuirtear roinnt áiteanna i leataobh gach aon bhliain le haghaidh mhic léinn na chéad bhliana. Bíonn ar lucht an Árais an Ghaoluinn a labhairt gach lá lena chéile san Áras agus freastal ar na himeachtaí a eagrófar dóibh i gcaitheamh na bliana.Tá an tÁras suite go fíor-áiseach; níl sé ach 10 nóiméad de shiúl na gcos chuig an bpríomhchampas agus tá siopa béal dorais. Tá 3 cinn d’árasáin do bheirt, 3 cinn do thriúr agus 3 cinn eile do cheathrar; rud a chabhraíonn le scoláirí cairde nua a dhéanamh. Seo liosta des na háiseanna atá ar fáil agus tú i do chónaí san Áras:Sa seomra codlata tá:

  • Binse staidéir agus lampa léitheoireachta 
  • Leaba dhúbailte le slí stórála 
  • Seilpeanna
  • Scáthán lánfhada.
  • Cófraí
  • Clár Fógraí
  • Leithreas “ensuite” i bhformhór des na seomra

Sa chistin/seomra comhluadair tá:

  • Iarta Leictreonach
  • Oigheann Leictreonach 
  • Oigheann Micreathonnach
  • Cófraí
  • Folúsghlantóir
  • Cuisneoir/Reoiteoir
  •  Áraistí 
  • Sceanra
  • Teilifís
  • Iarann/Bord smúdála
  • Tóstaer
  • Citeal

Tá a lán áiseanna ar fáil in Áras Uí Thuama agus ina measc áirítear: 

  • Ceangal idirlín saor in aisce 
  • Teas lárnach leictreach Goldshield
  •  Teilifís dhaite (cábla)
  • Páirceáil shlán rothair
  • Níolann féinseirbhíse (bíonn táille i gceist leis seo).
  • Bailiú Bruscair
  • Maoir Chónaithe

Agus mé i mbliain na hArdteiste, chuala mé faoi Áras Uí Thuama don chéad uair, nuair a tháinig mic léinn chuig ár scoilne chun labhairt linn faoin ollscoil. Nuair a tháinig mé chuig Coláiste na hOllscoile Corcaigh ar dtús, ní raibh aithne agam ar mhórán daoine, ach chabhraigh muintir an Árais liom. Cuireadh in árasán le beirt eile mé a bhí sa chéad bhliain, chomh maith, agus réitíomar go hana-mhaith le chéile. Chabhraigh sé sin liom mé féin a shocrú maidir le saol na hollscoile, toisc go rabhas i mo chónaí le daoine eile a raibh an t-eispéireas céanna acu is a bhí agam féinig. Táimse tar éis fanacht san Áras le haghaidh dhá bhliain de mo chéim agus caithfidh mé a rá gur chuir sé le heispéireas na hollscoile go mór. Dar liom, toisc go rabhas i measc Gaeilgeoirí, thug sé an seans is fearr dom seadú i saol nua an choláiste. Chabhraigh mo chuid ama in Áras Uí Thuama go mór liom cairde nua a dhéanamh agus díriú ar mo chuid staidéar. Chruthaigh mé saol sóisialta in Áras Uí Thuama i dtaobh ceol traidisiúnta a sheinnt agus rince seite a dhéanamh le muintir eile san Áras. Thaitin an saol in Áras Uí Thuama liom mar go raibh gach duine cairdiúil lena chéile agus bhraith mé go rabhas mar pháirt de theaghlach mór toisc go mbíodh gach duine ag caint agus ag cabhrú lena chéile riamh is choíche. Dheineas roinnt des na cairde is fearr liom agus mé i mo chónaí san Áras agus bíonn atmaisféar álainn ann, le gach duine i gcónaí. Is pobal atá ann leis féin agus bíonn an méid sin suime agus grá ag na mic léinn don Ghaolainn chuirfeadh sé gliondar ar do chroí an méid sin daoine óga agus iad go léir ag labhairt na Gaoluinne le chéile go lánsásta! Chomh maith leis sin, bualann tú leis an méid sin daoine éagsúla as cúrsaí agus blianta éagsúla, agus ní bheadh an t-eispéireas sin agatsa in aon áit eile. Cabhraíonn na himeachtaí chomh maith maidir le cairde nua a dhéanamh. Roinnt des na himeachtaí a bhíonn ar siúl is ea oíche ag tosach na bliana chun fáilte a chur roimh dhaoine, agus ansin bíonn roinnt imeachtaí sóisialta, mar shampla babhláil agus tráth na gceist, chomh maith le hócaidí chun bualadh le gach éinne (ag tosach na bliana). Bíonn ócaidí eile ar siúl chomh maith, mar shampla d’fhreastal lucht an Áras ar Bhál na Gaeilge i mbliana. Chun cur isteach ar an Áras i mbliana, caithfear an fhoirm iarratais a líonadh isteach atá le fáil ar shuíomh idirlín Ionad na Gaeilge Labhartha. Caithfidh an t-iarrthóir cur síos a dhéanamh ar a cuid sonraí pearsanta, an bhaint a bhí acu leis an nGaoluinn sa bhliain atá imithe tharainn (maidir le saol an Choláiste agus lasmuigh + den Choláiste) agus cén bhaint a bheidh acu leis an nGaoluinn sa bhliain atá le teacht. Cuirtear ceisteanna chomh maith ar na cúiseanna gur mhaith leis an iarrthóir fanacht in Áras Uí Thuama agus conas gur mhian leo cabhrú leis an gColáiste agus an tÁras a neartú go fadtéarmach. Iarrtar ar an iarrthóir cur síos a dhéanamh ar a gcuid caitheamh aimsire.Más rud é gur mic léinn ollscoile iad cheana féin, is féidir leo ainm carad a chur síos gur mhaith leo cónaí leo sa bhliain atá rompu; más rud é go bhfuil cairde leo ag déanamh iarratais don scéim, chomh maith. Más rud é go n-éiríonn leis an iarrthóir agallamh a fháil, rachaidh siad os comhair bord agallaimh. Ceistítear an t-iarrthóir ar a gcuid suime sa Ghaoluinn agus an taithí atá acu inti. Fiafrófar chomh maith conas gur féidir leo cur le saol an choláiste i dtaobh na Gaoluinne agus aon phleananna atá acu don bhliain atá le teacht. Má éiríonn leis an iarrthóir áit a fháil in Áras Uí Thuama agus cloíonn siad leis na coinníollacha go léir a bhíonn i gceist leis an scéim, tabharfar scoláireacht €500 dóibh ag deireadh na bliana ag searmanas bronnta na Scoláireachtaí. Má tá tuilleadh eolais ag teastáil, is féidir dul i dteangmháil le hIonad na Gaeilge Labhartha ag g.labh@ucc.ie   Is é an dáta deireanach le haghaidh foirmeacha iarratais 14 Aibreán. Bígí cinnte go gcuirfidh sibh isteach ar an scéim i mbliana mar cuirfidh sé le do shaol san ollscoil go mór, déanfaidh tú cairde nua agus is seans é chun do chuid Gaoluinne a úsáid go laethúil.  Ní bheadh mo shaol sa choláiste chomh hiontach is atá go cinnte gan mé a bheith i mo chónaí san Áras agus beidh an-díomá orm é a fhágaint, ach beidh na cuimhní iontacha agam de mo chuid ama ann agam i gcónaí!  *Má tá suim agat sa Ghaolainn i gCorcaigh, bígí cinnte Gael-Taca a leanúint ar Instagram! *

Previous
Previous

The College Experience - Sarah O Mahony 

Next
Next

FEED ME! A new Carnivorous Plant on the Block: UCCMTS Little Shop of Horrors Review