Beatha Teanga í a Labhairt: Saol Soisialta na Mic Léinn UCC le Gaeilge

Le Isabel Duff, Eagarthóir Gaeilge

Is léir go bhfuil an Ghaeilge ag flúirseach sa bhliain 2024. Táimid bródúil as ár dteanga dhúchais agus táimid ag iarraidh í a spreagadh i ngach gné den saol. Sin fíor i gcás UCC. Feictear domsa go bhfuil meas agus grá laidir ag na scoláirí maidir leis an nGaeilge. Is minic a chloistear an Ghaeilge nuair a bhíonn tú ag siúl tríd an ORB, ag dul amach timpeall na cathrach, nó fiú ag ligeadh do scíth san Ionad na Mic Léinn. Gan aon dabht ar bith, tá an ghaeilge beo go leor sa UCC.

Ar an Luain bhí an t-adh orm agallamh a dhéanamh le Caitríona Ní Ógáin, Cathaoirleach an Chuallacht, Mollie Ní Lionnáin, Oifigeach Oideachais an Chuallacht agus Catherine Finn, an Oifigeach Gaeilge san Aontas na Mic Léinn. Ar dtús bhuail mé le Catríona agus Mollie as an gCuallacht. Is cumann iontach rathúil í an Chuallacht agus bíonn na mbaill ag déanamh iarracht den scoth chun an Ghaeilge a spreagadh agus chun dul chun cinn a dhéanamh ag ár dteanga agus ár gcultúr dhúchais, go háirithe na cailíní sin. Bhíomar ag caint faoin imeachtaí iontach a bhíodh ar siúl ag an gCuallacht an seimeastar seo agus an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge a usáíd go neamhfhoirmiúil lenár gcairde.

Bhuail mé leis na gcailíní isteach san Hub chun sos a fháil ón ‘booling’ san am ghnóthach sin. Tá an-mheas agam ar an bhfuinneamh atá acu maidir leis an ngaeilge sa UCC agus an suim a bhí acu chun an agallamh seo a dhéanamh liomsa.

Chun tús a chur leis an agallamh seo, chuir mé cheist ar na gcailliní faoin tábhacht an ghaeilge ina saol. Fuair mé go leor eolas as a bhfreagraí.


Mollie: Dár ndóigh táim ag déanamh stáidear ar an ngaeilge agus ba bhreá liom í a mhúineadh. Ón am gur thosaigh mé leis an gCuallacht bíonn an ghaeilge in úsaid agam go laethúil, ceapaim go bhfuil mo ghaeilge níos mo thábhachtach domsa anois. Anuraidh ní rabhas ag úsaid an ghaeilge gach lá, ach anois fiú ag caint leis na leaids táim ag úsaid an ghaeilge. Agus freisin sa bhaile tá mo thuismitheoirí ag foghlaim an ghaeilge.

Caitríona: Bhuel, rugadh agus tógadh sa ghaeltacht mé, mar sin níor thuig mé cé chomh tábhachtach a raibh an ghaeilge go dtí gur tháinig mé ar an eolas go raibh daoine ag labhairt as béarla. Sa chéad bliain ní raibh mé bainteach leis an gCuallacht i ndáiríre ach sa dara bhliain thuig mé go raibh sé thar a bheith tábhachtach agus go bhfuil go leor daoine ar champus le go leor gaeilge agus ní cheart go mbíonn siad néirbhíseach í a labhairt, tá sé tábhachtach teacht go dtí na himeachtaí agus tá sí an-thábhachtach i mo shaol.

I mo shaol sa UCC buailaim le go leor daoine as an Ghaeltacht agus le daoine as cheantar lán béarla ach fós tá an grá céanna acu don Ghaeilge. Ní gá duit a bheith líofa chun an teanga a labhairt. Féach ar thuismitheoirí Mollie, is inspioráid iad!


Ba ea an bhéim an agallamh seo ná an Ghaeilge a spreagadh ar bhealach neamhfoirmiúil agus taitneamhach. I mo bharúil féin, tá sé riachtanach ár gcuid Gaeilge a úsaid ar bhealach neamhfhoirmiúil, lenár gcairde agus nuair a táimid amuigh le chéile. Bhíos ag tnúth go mór leis na thuairimí ón gcailíní faoin ábhar sin a chloistéail.


Mollie: Ceapaim más rud é go bhfuil tú ag úsaid an ghaeilge gach lá go neamhfhoirmiúil, téann tú i bhfeabhas leis an dteanga agus bíonn níos mó, domsa ar aon nós, mar níor thógadh mé sa ghaeltacht, bíonn níos mó muinín agat. Más rud é go bhfuil tú ag labhairt gaeilge le do chairde, níl aon brú ort gach rud a bheith i gceart an t-am ar fad, ceapaim go cabhraíonn sé sin go mór, go háirithe na daoine gan an ghaeilge sa bhaile.

Caitríona: Déarfainn mise go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach, ceann de na rudaí is tábhachtaí ná an teanga a labhairt go neamhfoirmíul mar cloiseann tú n-oiread scéalta faoin Ardteist agus bíonn dearcaidh diúltacha ar dhaoine i leith an Ghaeilge ach má deanann siad cleachtadh go neamhfoirmiúl bíonn an craic ann agus is an rud chéanna a bheith ag labhairt as béarla.


Aontaím go huile is go hiomláin leis na gcailíní. Is minic a fheictear daoine leis dearcadh dhiúltacha ar thaobh an Ghaeilge tar éis an Ardteist. Is dócha nuair a tháninig mé go dtí UCC agus nuair a thosaigh mé ag labhairt gaeilge i mo shaol soisialta, ag imeachtaí an Chuallacht mar shampla, thit mé ingra leis an dteanga arís.

Mar sin féin, leannamar ar aghaidh ag caint faoin obair an chuallacht agus na róla éagsúla atá i gceist.


Mollie: Táim i mo hoifigeach oideachais agus bíonn go leor imeachtaí difriúil againn. Dé ghnáth bím ag obair ar na trath na gceist, déanann mé féin agus Daniel (Oifigeach Forbartha) na ceisteanna agus beidh níos mó imeachtaí acadúila ar siúl i seimeastar a dó. Cabhraíonn gach duine leis na himeachtaí go léir, na maidin caife, agus na pop-up gaeltachta mar shampla.

Caitríona: Is mise an cathaoirleach agus mo ról ná cinntiú go bhfuil chuile dhuine ag déanamh a bpost agus nach bhfuil an iomarca brú ar dhuine amháin, mar shampla, oifigeach siamsaíocht go teicniciúil tá ar an oifigeach gach imeacht a dhéanamh, ach ní bheadh sé sin fearailte, bíonn an ghnáth bhall agus chuile róil i ndáiríre ag tabhairt cúnamh dó. I rith an sheimeastar bhíodh go leor imeachtaí taitneamhach ar siúl, tuigtear domsa go raibh slua mhór anni gconaí. Is iontach an rud é daoine óga ag spealpadh gaeilge agus bíonn an-craic againn freisin.

Mise: Ar sheasann imeacht amháin amach dóibh nó an bhfuil imeacht is fearr ón mbliain seo acu?

Mollie: Is brea liom na tráith na gceist, is brea liom tráth na gceist ar aon nós agus bíonn suim ag gach duine agus bíonn gach duine ag déanamh iarracht na ceisteanna a fhreagairt. Bhíodh slua mór againn ag na tráth na gceist. Táim ag tnúth go mór leis na cinn eile.

Caitríona: Déarfainn mise tráth na gceist freisin mar scataí an tráth na gceist chomh dhairíre ach níl ann ach píosa craic chun chuile dhuine gáire agus na daoine taobh thiar den mic tá siad just chomh thick agus barúil ag caint, nó na pop-up ghaeltachtaí mar is oiché maith atá ann.

I mo thuraim mhacánta, Is cinnte go mbeidh go leor imeachtaí taitneamhach ar siúl sa bhliain 2025. Ba chóir do gach duine iad a fhreastail. B'fheidir bíonn daoine neirbhíseach, tuigim é sin ach dar liomsa agus na cailiní nach bhfuil aon brú a bheith líofa nó gramadach foirfe a bheith agat. Sin ach píosa craic agus spraoi. Is cleachtadh a dhéannan máistreacht!

Mollie: Ceapann daoine go bhfuil an chuallacht i gcomhair daoine atá ag déanamh stáidear ar an ngaeilge nó daoine ata líofa sa ghaeilge ach níl sé sin fíor tá sé i gcomhair gach duine. Fiú nach bhfuil focal nó dhó agat sa ghaeilge. D’fhoghlainn gach duine an ghaeilge sa bhunscoil ach ní úsaideann siad an ghaeilge tar éis é sin, rinne siad an Ardteist agus dúirt siad ‘sin e as an ngaeilge’, agus ceapaim go bhfuil sé tábhachtach chun í a spreagadh san ollscoil.

Caitríona: Dearfainn mise ba chóir do dhaoine páirt a ghlacadh sa chuallacht mar ba cheart go mbeadh chuile dhuine ag labhairt gaeilge agus tá íomhá ann má tá tú sa chuallacht agus má tá tú ag iarraidh imeachtaí ba cheart duit a bheith líofa nó do chúrsa a bheith i ngaeilge. Nil mó chúrsa i ngaeilge agus tá go leor daoine eile nach bhfuil agus freisin téann scolairí idirnáisiúinta suas ann agus deireann siad ‘ba bhrea liom an ghaeilge a fhoghlaim’ agus rudaí mar sin. Tá an ghaeilge do chuile dhuine, má tá tú líofa nó mura bhfuil agat ach cúpla focail. Má théann tú go dtí na himeachtaí tá an teanga níos éasca a fhoghlaim má tá tú ag éisteacht leis an dteanga agus í a labhairt seachas a bheith ag scríobh agus ag stáidear an gramadach i gconaí. Bíonn failte do chuile dhuine.


Bhíos ag tnúth go mór leis mo chomrá le Catherine Finn, an oifigeach gaeilge san Aontas na Mic Léinn. Is ról iontach tábhachtach é seo agus déanann Catherine obair den scoth an ghaeilge a chur chun cinn ar champus UCC. ‘Breathaim go bhfuil mo shaol ar fad ag bogadh timpeall ar an ngaeilge’ a dúirt sí dom, rud álainn cumhachtach é sin. Bhíos ag caint leí isteach sa seomra na Gaeilge, croí na teanga ar champus. Bhíos ag tnúth go mór chun obair an oifigeach gaeilge ag caint faoi.


Catherine: Is dócha gur ról páirt aimseartha é an ról seo ach táim ag feachaint ar bhéalaí chun é a dhéanah lán aimseartha. Ó lá go lá, téim ar ranganna mar an ghnáth scoláire ach i mo am saor táím ag freagairt riomhpoisteanna, ag eagrú rudaí do cruinniú leis na hoifigeach agus bíonn crinniú coiste gnó againn anseo sa seomra ghaeilge uair sa tseachtain freisin.

Mise: Cad iad na himeachtaí a bhíodh ar siúl chun an gaeilge a chur chun cinn sa UCC?

Catherine: An tSeimistear bhí go leor rudaí eagrúcháin ar siúl agus go leor rudaí ‘behind-the-scenes’ ar siúl, mar shampla bhíos ag obair ar rudaí a bhí sa straitéis. Maidir leis an straitéis, bhíos ag eagrú ranganna saor an aisce do dhuine ar an gcoiste gnó leis an gcoláiste agus beidh siad ábalta freastail ar ranganna gaeilge uair sa tseachtain an seimeastar seo chugainn. Fuaras leabhar nua don seomra na gaeilge. Scríobhas tuairisc ansin faoin gaeilge ar an dtriúi léibhéil agus bhíos ag obair le hoifigeach gaeilge coláiste na trínóide. Táim ag obair ar fheachtas fheiceálacht na gaeilge, feiceann tú daoine agus níl an t-eolas agat cad iad na teangacha atá á labhairt acu. Seo an chaoi a thaispéaint go bhfuil go leor daoine sa choláiste leis an ngaeilge, ag tabhairt amach fáinní ar costas níos ísle agus beidh eolas ar na meain soisialta.

Díol suime go mbeidh go leor rudaí corraitheach nua ar siúl sa bhliain seo caite maidir leis stádas na Gaeilge ar champus. Is smaointe iontach é na fáinne, cruthaíonn sé níos mó deiseanna chun an ghaeilge a labhairt ar champus UCC mar tá tú in ann na gaeilgeoirí a fheicéail agus an ghaeilge a spreagadh leis daoine nua!


Chun críoch a chur leis an agallamh chuir mé cheist ar Catherine maidir leis gaeilge á labhairt go laethúil, ar bhealach neamhfhoirmiúil. Is é seo an teachtaireacht atáim ag iarraidh béim a chur ar san alt seo. Má tá focal nó dhó agat nó má tá tú líofa nó aít sa lár má tá suim agat agus má fonn ort an ghaeilge a labhairt, déan é!


Catherine: Ní feidir fheabhas a dhéanamh nó an ghaeilge a fhoghlaim ar bhealach amháín. Caithfidh tú a bheith ag éisteacht léi, caithfidh tú í a labhairt,caithfidh tú í á léamh, caithfidh sí ag teacht isteach ón ngach áit. Tríd an bhéal, tríd do chluasa, amach as do bhéal, tríd do shuile. Caithfidh tú na na cúig chéadfa a usáid chun aon rud a fhoghlaim. Freisin, déanann tú cairde, sin an chaoi is fearr, an chaoi is fearr chun dul chun cinn ar aon rud, go háirithe leis na dteangacha agus go bhfuil muid ag iarraidh í a chaomhnú agus í a chosaint agus í a úsáid i gconaí.


Mar chonclúid, bhíos ag iarraidh na nathanna cainte nó seanfhocail is fearr leis na gcailliní.

Dúirt Mollie ‘Filleann an feall ar an bhfeallaire’, ‘What goes around comes around’, as béarla.

Dúirt Caitríona ‘Cé go bhfuil gach éin ag déanamh nead, níl an nádur fhéin mar a bhí sé’, ‘Though every bird is making a nest, nature itself is not as it once was’, as béarla.

Dúirt Catherine ‘Beatha teanga í a labhairt’, ‘The life of language is in the speaking’.

Phrasaí cumhachtach iad seo.

Is é mo dhearbhú ná go bhfuil an ghaeilge fós beo go leor ar champus UCC. Tá sé éasca an páisean láidir ag daltaí a fháil amach. Is é an fhírinne gur chúis é an fuinneamh na daoine sa UCC agus timpeall na hÉireann agus fiú thar lear go bhfuil sí fós beo agus ag fluirseach sa bhliain 2024. Ba chóir go mhaireann sí beo! Mothaím brodúil as mo chultúr agus mo theanga nuair atáim ag dul chuig mo leachtaí agus cloisim comhrá as gaeilge, nuair a fheicim daoine ag caitheamh geansaí ‘Debúrca’ leis phrasaí gaeilge orthu agus nuair a cloisim ceol bloscach ‘Kneecap’ ar mo bhealach amach Dé Deardaoin. Is cinnte go bhfuil áit lárnach ag an nGaeilge sa UCC agus téann sé seo i bhfeidhm go mór orm. Sílim gur achoimre é an seanfhocal a thabhairt Catherine dúinn, ‘ Beatha teanga í a labhairt’ agus is rud fíor tábhachtach é sin!








Previous
Previous

Cozy, Intimate, and Quietly Powerful: Lisa Hannigan at the Everyman Palace

Next
Next

Why the Premier League Rainbow Laces Campaign is Necessary in 2024