“Beatha teanga í a labhairt”

Is mise Séamus agus táim mar éagarthóir Gaeilge don bhliain atá amach romhainn. An fhreagracht atá orm ná an Ghaeilge a chur chun cinn agus gnóthaí na Gaeilge a chur in iúl do leitheoirí agus mé i mbun pinn. Beidh sé sin cuibheasach éasca mar bíonn an-chuid imeachtaí suimiúla agus taitneamhacha sa tsiúl ar fud na háite anseo!Deirtear go bhfuil an Ghaeilge ag teacht chun críche agus nach bhfuil fonn foghlamtha ar dhaoine chun í a fhoghlaim. Ní aontaím le sin ar chor ar bith, ‘sé an mhalairt ar fad atá fíor i UCC. Is cosúil le mionchampas Gaeltachta anseo! Mar shampla, bíonn cumann darb ainm ‘An Chuallacht’ ar a seacht ndícheall chun an Ghaeilge a scapadh i measc na scolairí. Bíonn réimse leathan imeachtaí ar siúl in aghaidh na míosa. Anuraidh, bhí Ceardlann fostaíochta ar siúl ina raibh aoichainteoirí ó TG4, RTÉ agus ó Chonradh na Gaeilge ag labhairt faoi na deiseanna oibre iontacha atá anseo agus thar lear. Creid nó ná creid bhí ‘Pop Up Gaeltacht’ againn ag tús na bliana! Deis den chéad scoth ab ea é aithne a chur ar dhaoine nua agus cairde nua a dhéanamh. Bíonn roinnt imeachtaí eile cosúil le ciorcal comhrá a bhíonn ar siúl go seachtainiúil. Ná bí cúthalach bíonn fáilte roimh chách chun páirt a ghlacadh! Is féidir leat ‘An Chuallacht’ a leanúint ar Facebook: https://www.facebook.com/anchuallachtucc/Chomh maith leis sin, tá ‘Ionad na Gaeilge labhartha’ sa Choláiste. Déanann siad sárobair ar son na Gaeilge sa choláiste. Bíonn a gcuid iarrachtaí dírithe ar nasc a bhunú agus chothú idir iad féin agus daltaí éagsúla. Mar shampla, cuireann siad ranganna deonacha ar fáil do dhaoine atá suim acu feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Chomh maith leis sin, bíonn aoichainteoirí cosúil le iariománaí Chorcaí Seán Óg Ó hAilpín a labhair go bríomhar paiseanta faoi na difriochtaí suntasacha idir Rotuma agus Corcaigh agus cé chomh cabhrach is a bhí na Cluichí Gaelacha chun cúrsaí an tsaoil a dhéanamh níos fusa. Ní gá go mbeadh an Ghaeilge fé chaibidil agat chun freastal ar na himeachtaí seo.Is féidir leat ‘Ionad na Gaeilge labhartha’ a leanúint ar Facebook: https://www.facebook.com/gaeilgel/Is cuid lárnach dár gcultúr é an iriseoireacht sa lá atá inniú ann. Bíonn tionchar ag na meáin shóisialta sa tslí is go mbíonn daoine ag fáil nuachta ó a gcuid gúthan. Sin ráite, is breá le daoine áirithe iriseoireacht chlóite, mé féin san áireamh! Ní gá go mbeadh aon taithí nó cúlra san iriseoireacht agat chun scríobh don ‘UCC Express’. Bíonn fáilte is fiche roimh gach éinne chun a gcuid tuairimí a thabhairt nó chun nuacht a thuairisciú. Ceapaim féin gurb iad na tréithe is tabhachtaí chun a bheith i do iriseoir ná a bheith:

  • Cruinn – litriú na n-ainmneacha agus na teidil.
  • Cothrom – dhá thaobh an scéil a léiriú i gcónaí.
  • Soiléir – bí cinnte go bhfuil ciall ag baint le do chuid scríobhneoireachta.

Chun críoch a chur le mo chuid cainte, is léir nach bhfuil easpa áiseanna Gaeilge i UCC agus ní sin ach blaiseadh! An t-aon píosa comhairle atá agam do dhuine a bhfuil speis aige/aici sa Ghaeilge ná páirt a ghalcadh sna himeachtaí. Thar gach ní eile, sult, spraoi agus tairbhe a bhaint as do shaol foghlamtha Gaeilge. ‘Beatha teanga í a labhairt’ mar a deirtear.

Previous
Previous

Kicking and Screaming: six students and a rat

Next
Next

PGA Elects First Female President