Bliain na Gaeilge 2018

Athbhliain faoi shéan ‘is faoi mhaise daoibh go léir, a léitheoirí! Bliain nua atá againn agus is ionann é sin agus go bhfuil ‘Bliain na Gaeilge’ linn. B’fhéidir go bhfuil sé mar rún na hAthbhliana ag cuid agaibh feabhas a chur ar bhur gcuid Gaeilge nó b’fhéidir go bhfuil suim agaibh níos mó faoi stair na teanga a fhoghlaim. Cibé rud atá ar intinn agaibh maidir leis an teanga, is cinnte go mbeidh rud éigin ar fáil daoibh an bhliain seo. Ach cad a bheidh i gceist go díreach le ‘Bliain na Gaeilge’, cén fáth go bhfuil sé á ceiliúradh anois agus conas gur féidir libh páirt a ghlacadh?Ceiliúradh na teanga atá i gceist le Bliain na Gaeilge. Tacaíonn na heagraíochtaí éagsúla a oibríonn ar son na Gaeilge agus an rialtas léi. Cuirfear béim ar cúig réimse: tábhacht athbheochan na Gaeilge agus a tionchar sa stair go dtí an lá atá inniu ann, imeachtaí éagsúla a bheidh eagraithe i rith na bliana, méadú ar úsáid na teanga agus íomhá phoiblí na teanga, spreagadh na Gaeilge sa tír agus ceiliúradh a dhéanamh ar an obair a dhéantar anois ar son na teanga, agus tábhacht na nGaeltachtaí. Tá an bhliain dírithe ar dhaoine le líofacht sa teanga, daoine le cúpla focal nó a thacaíonn leis an gcúis, pobal na Gaeltachta agus pobal an diaspora. Roghnaíodh 2018 mar bhliain na Gaeilge toisc gur cuireadh tús le hathbheochan na Gaeilge 125 bliain ó shin, sa bhliain 1893, nuair a bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill agus a gcomhghlacaithe Conradh na Gaeilge.Cuireadh tús le Bliain na Gaeilge le heisiúint leagain ‘Auld Lang Syne’ as Gaeilge agus is féidir libh éisteacht leis an amhrán ar YouTube anois. Amach anseo, beidh idir imeachtaí áitiúla agus imeachtaí móra timpeall na tíre ar fáil daoibh. Ceann de na himeachtaí is mó a bheidh á eagrú ná ‘Beo!’; mórshiúil i gcathair Átha Cliath ar 3 Márta chun ceiliúradh a dhéanamh ar bhunú Chonradh na Gaeilge agus ar an athbheochan. Is féidir libh eolas a fháil ar na himeachtaí áitiúla go léir atá eagraithe go dtí seo ar an léarscáil atá ar fáil ar ‘Peig.ie’. Táim cinnte go bhfógrófar imeachtaí nua i rith na bliana ar an suíomh sin chomh maith, so bígí cinnte go gcoimeádann sibh súil ghéar air!Guím séan agus sonas oraibh go léir don mbliain nua agus tá súil agam go mbainfidh sibh an-sult as Bliain na Gaeilge.

Previous
Previous

Oasis or Blur - The Battle of Britpop

Next
Next

No One Believes Your Eating Disorder When You’re Not Thin