Bliain Nua, Duine Nua

Tosnaíonn bliain nua amach sa slí céanna. Bíonn sé mar rún na hAthbliana ag gach duine go mbeidh siad níos slántúla, níos aclaí, go stopfaidh siad ag caitheamh tabac nó alcól nó rudaí eile mar sin de. Tosnaíonn siad amach leis an rún agus bíonn siad ar fheabhas ach tosaíonn an iarracht ag laghdú diaidh ar ndiaidh thar na seachtaine.Tuigim féin an streacailt. Nuair a thosnaíonn laethanta saoire na Nollag bímid go léir ag ithe an iomarca, eirímid an-leiscúil agus dá bharr téann an uimhir beag ar na scálaí meáchain i mhéid. Ach cén fáth a dhéanaimid é seo? Tá tradisiún ann go bhfuil sé ceart is cóir chun an-chuid bia a ithe, bia míshláintiúl de háirithe agus tá fhios agam go bhfuil daoine ag ceiliúradh am Nollag ach an bhfuil sé ceart chun am Nollag a úsáid mar leiscéal chun a bheith míshláintiúl?Gach bliain tarlaíonn an rud céanna, bíonn an-chuid daoine tinn i rith an gheimhridh le slaghdáin agus casacht, mar sin bheadh daoine i bhfad níos fearr as a bheith ag ithe níos slántúla ná mar a itheann siad don chuid eile den bhliain mar is léir nach bhfuil a gcóras imdhíonachta ábalta deileál leis na drochfridíní a bhíonn timpeall orthu. Ach ní bhíonn daoine ag smaoineamh ar na rudaí sin. Ní bhíonn sé ar intinn ag daoine ach chun a tslí a ligint agus taitneamh a bhaint as na laethanta saoire.Is fáinne fí é, agus anois tá sé in am dúinn a bheith sláintúil agus aclaí arís. Tá am Nollag thart. Don chéad mí nó mar sin le teacht beidh gach ionad aclaíochta beagnach lán, daoine ag dul ar ais go Slimming World nó Weight Watchers, ag iarraidh a “seanléim” a fháil ar ais. Ní bheimid ábalta folaigh faoi na geansaithe móra scaoilte i bhfad eile! Tá plean déanta amach agamsa cheanna féin ach tá sé fós le tosnú agam mar sin tuigim cé chomh deacair is atá sé do dhaoine nach bhfuil ró-spórtúil nó slántúil. Ach is féidir leat é a dhéanamh ach díriú air, tig leat é a dhéanamh má chuireann tú i do cheann é. Is féidir leat do rún a choimeád.

Previous
Previous

The Golden Globes – A Post-mortem

Next
Next

Express Interviews: Janet Ní Shuilleabháin