Buff Egan - Laoch na hImeartha

Is beag duine nach n-athnódh an t-ainm ‘Buff Egan’ na laethanta so. Fear spóirt atá i gceist, ach ní sa tslí thraidisiúnta, mar a déarfá. Is sort ‘blogger’ é, agus tiománann sé ó cheann ceann na tíre ag iarradh airde a tharraingt ar ár gcluiche náisiúnta, iománaíocht. Ach cad ‘na thaobh go n-aithnítear é mar stócach conspóideach chomh maith?Tá lucht leanúna ollmhór ag Buff so againne i measc na ndaoine óga agus aosta in Érinn agus thar lear. Is féidir é a leanadh ar a chúntas Snapchat, Facebook, Twitter agus Instagram, agus sa tslí san gheobhar amach scéal an chluiche fé mar a tharlaíonn sé, mar caitheann Buff gach deireadh seachtaine i lár an aonaigh ó thaobh cúrsaí iománaíochta de.Ní laoch domsa é de dheasca go bhfreastalaíonn sé ar chluichí móra an tsamhraigh, áfach. Is laoch domsa é mar tarraingíonn sé aird ar na sreathanna agus foirne atá nach mór fé cheilt, clúdaithe ag na foirne móra le rá a ghnóthaíonn cuid mhór airgid don CLG. Ní hé sin an teachtaireacht a bhaineann leis an gceannródaí so!Mar a déarfadh Buff é fhéin, téann sé siúd ó ghleannta Aontroma go páirceanna Chiarraí chun tacaíocht a thabhairt dos na contaetha a bheadh níos laige i súile an phobail ó thaobh iománaíochta de. Níl sé gafa le dornán contaetha go bhfuil féadarthacht ann go mbuafaidh said Craobh na hÉireann.In ainneoin a n-íobairtí uilig, áfach,an obair dheonach a dhéanann sé chun iománaíocht na tíre ar fad a chur chun cinn, ní fhaigheann Buff pingin rua ón CLG. Íocann sé as a chuid ticéidí agus as a chuid costaisí taistil é fhéin, agus nuair a d’iarr sé orainn cabhair a thabhairt dó gluaisteán a cheannach, do thosnaigh cuid mhór daoine ag magadh faoi agus dá cháineadh. Ciarraíoch atá ann, agus dá bharr san níor éirigh leis a lámh a leagann ar thicéad do Chraobh na hÉireann san iomáint i mbliana. É siúd, nár chaill cluiche ar bith riamh, fágtha ar lár ar an lá is mó i bhféilire an CLG! An bhfuair Buff bocht Cothrom na Féinne, meas tú?Tugann Buff siamsaíocht dúinn agus is beomhar agus fuinniúil an tráchtaire é. Tá eolas leathan aige ar chúrsaí iománaíochta agus meallann sé lucht na n-óg lena bhéarlagair bunaidh ar nós, “Obsolete Mule”, “Nah Man” agus “a man with the strength of two horses!” N’fheadar fúibhse, ach bíonn meangadh gáire ar m’aghaidh i gcónaí nuair a chloisimse é ag screadaíl, “That was my shucky ducky quack quack moment of the match!” Caithfear a rá go mbainfeá taitneamh as a bheith ag faire air. Agus ná bí ag trácht ar ‘Cooking with the Buff!’Tá seanfhocal iomráiteach a deir, “Síleann do chara agus do namhaid nach bhfaighfidh tú bás choíche.” Tuigeann Buff é seo níos fearr ná éinne eile. Tá daoine ann a deireann rudaí maslacha mar gheall ar an bhfear uasal so ar líne agus os a chomhair amach ina shaol pearsanta. Is daoine gránna iad siúd agus níl áit ar bith dóibh i ndomhan an CLG. Obair dheonach atá i gceist le Buff, agus is cinnte go mbíonn sé ag stracadh uaireanta lena ualach maidir le hiománaíocht a chur chun cinn. Ba chóir dúinn a bheith buíoch den ógánach so in ionad a bheith dá cháineadh mar a dhéanaimid anois. Is laoch é Buff do chuid mhór daoine, mé fhéin san áireamh, agus cuireann sé ar an eolas mé fé chúrsaí spóirt gach seachtain. Bheimis caillte gan é, dár ndóigh. Tá sé in am dúinn seasamh leis agus stádas a thabhairt dó, mar is ceart. Ba choir dó urraíocht a fháil ón gCLG de dheascadh an líon oibre a dhéanann sé, agus ticéidí a fháil nuair a bhíonn ganntanas ann. Níl fear nó bean eile sa domhan a thugann an méid san go deonach don iománaíocht. Ná bac le Rory’s Stories agus leithéidí siúd! Is é Buff Rí an domhain anso. Ná laga Dia thú, a Buff! 

Previous
Previous

Snap Out of It: The Newest Danger Taking Lives on Our Roads

Next
Next

A chat with Tim Wheeler of ASH