Cead Cainte sna Cluichí Gaelacha

Nuair a thagann sé chomh fada le cursaí spóirt in Eirinn, bíonn lucht leanúna an-bhrodúil a bheith ag caint faoin cluiche a bhí sa tsiúl aréir nó an t-imreoir a chuaigh I bhfeidhm air/uirthi. Sa tslí sin, is léir go dtugann spóirt faoiseamh do dhaoine ó saol na hoibre. Gan amhras, baineann daoine taitnimh agus sult as a bheith ag feachaint ar fhoirne ag iomaíocht ar a cheile. Sna cluichí Gaelacha, tá fhios ag gach mac mathair agus iníon athair go mbíonn géariomaíocht sna seisiuín traenála go hairithe ag an leibhéil idir chontae. Nuair a bheidh an craobh ar leac a’ dorais, bheadh chuile imreoir ar a ndícheall chun tabhairt le fios go dti an bhainisteoir agus na roighnoirí go bhfuil sé/sí dairire. Le déanaí, d’eirigh Paddy Kelly as painéal contae Chorcaigh. Ba é an triú duine a imigh maraon le Fintan Goold agus Daniel Goulding. Nuair a bhíos ag léámh faoi chás Paddy Kelly, bhi ionadh an domhain orm faoin teanga a bhí in úsáid aige. Amuigh ar an bpáirc, bheadh tú ag ceapadh “Sea is fear ciúin é”. Ag an am ceanna, tá tuairim bríomhara aige. Tar éis cruinniú eigint le clubanna eile, de réir Kelly, tá méadú suntasach ar na daoine atá míshona leis an choras C.L.G i gCorcaigh: “Everyone was pissed off at what Cork GAA has become” a dúirt sé. An bhfuil an ceart aige?Chun dul nios doimhne sa scéal, an bhfuil aon guth ag na himreoirí idir chontae na laethanta seo? Tá clú agus cáil ar cead cainte na laethanta seo. Ach tá an coincheap cainte sin ó chian is ó chóngar sna Cluichí Gaelacha. Is iomaí duine a cheapann go bhfuil gach aon ní in ord agus in eagart sa struchtúir idir chontae I gCorcaigh. Is inmholta an rud é go bhfuil an mhalairt fíor. Tá údar imní ann sa mheid is go gcaithfidh imreoir eirí as go dti go mbeidh rud eigint á labhairt aige/aici. Ar an lámh eile, tá an baol ann a deir gur “cluichí amaitearch” iad caid agus iomáint. Ach sé mo thuarimise féin go bhfuil ag teip ar na meain. Tá said ag tabhairt chluas bhodar dos na himreorí sa lá atá inniú ann. Ní chuireann said ach na ceisteanna is coitianta ar na himreoirí.  Nílim ag rá go gciathfidh said dul go pearsanta leis na ceisteanna, ach dar liom tá an próiseas ro-athráiteach na laethanta seo. Idir na meáin agus an cluiche é féin sin é cás an imreora. Gan amhras ar bith, bíonn sé deacair an dá thraigh a fhreastal.

Previous
Previous

Sailing to Success at UCC

Next
Next

Let’s go Dancing with the Stars!