Ceartas do Pheig

Le fada an lá, úsáidtear bean amháin in argóintí faoin nGaeilge agus faoi mhúineadh na Gaeilge. Gach cúpla mí, fiú anois, bíonn láithreoir radió soiniciúla ag gearán faoin nGaeilge agus an taithí uafásach a bhí acu léi agus iad ar scoil, cé go bhfuil sí imithe ón tsiollabas Ardteiste le breis is fiche bliain anuas. Peig Sayers. Níl a dara hainm fiú ag teastáil. Peig. Glúin amháin suaite tar éis a gcuid ama léi, de réir cosúlachta. Tionchar éachtach do bhean a chailleadh breis is seasca bliain ó shin, dar liom.Is cinnteacht é go gcloisfí fúithi má tá tú ag éisteacht isteach ar aon phlé ar an nGaeilge (é sin nó “is é an slí ina múintear í’, ach is scéal iomlán eile an ráiteis sin). Bhí mé chomh bréan de na scéalta scanrúla faoin mbean seo gur chinn mé beart a dhéanamh mé féin. Chuaigh mé go Boole agus fuair mé cóip sheanchaite do Peig.Ach cé hí Peig? Cé hí an bhean a d’fhág na céadta dalta le fuath don Ghaeilge? Rugadh í i 1873 i nDún Chaoin in iarthar Chiarraí do chlann bhocht. Bhí go leor tubaistí agus tragóidí ina saol óg, ag maireachtáil i gceantar iargúlta i gCiarraí. Fuair an-chuid dá deartháireacha agus deirfiúracha báis, chonaic sí a múinteoir scoile ag fáil bháis, bhí na tiarnaí talúin fós i réim le linn a hóige agus bhí fadhbanna sláinte aici. Lean an mí-ádh sin í agus í fásta. Bhí deis aici imeacht ó hÉireann ach theip ar a chara an táille a sheoladh chuici. Le sin, ní raibh an dara rogha aici ach fanacht i gCiarraí agus socrú síos ann. Phós sí fear ón mBlascaod agus thug sí aghaidh ar an oileán chun clann a thosú. Faraor, cailleadh triúr clainne agus iad óg. Saol crua d’éinne.Chaith Peig 40 bliain ar an oileán agus sé ansin a tháinig cáil uirthi mar scéalaí agus mar sheanchaí. Moladh í chun a cuid scéalta, an seanchais agus na seanscéalta a thaifeadadh agus, mar sin, dheachtaigh sí a scéal agus a scéalta dá mac. Sin fréamh an oilc ar fad atá ag daoine áirithe don Ghaeilge. Scéalta seanbhean bhocht.Chomh luath is a thosaigh mé ag léamh an leabhair seo, bhí ionadh orm - an raibh an leabhar seo an leabhar céanna a mhúscail gráin agus déistin do dhaltaí Gaeilge an chéad seo chaite? Níl ann ach beathaisnéis mhná agus an seanchais a d’inis sí i slí mealltach. Bhain mé féin taitneamh as an leabhar. Chuir sé ag smaoineamh mé - cén fáth a bhfuil a hainm beagnach comhchiallach le fuath don Ghaeilge? Tá cúpla smaointe agam.Ar dtús, an chúis soiléir - ní hiad daltaí Ardteiste na léithóirí oiriúnacha don leabhar seo. Bhí sé scríofa nuair a bhí Peig ina seanbhean. Ní raibh saol éasca aici, bhí tragóid agus cruatan go flúirseach ina saol. Anois, samhlaigh go raibh déagóirí ag léamh faoin anró seo i rith na seascaidí agus na seachtóidí nuair a bhí an tír ina praiseach agus bhí na daltaí sin bréan bailithe de scéalta faoi fhadhbanna airgid agus imirce. Déarfainn nach raibh aon ardú meanman ag baint leis an rang Gaeilge nuair scéalta Peig á léamh.Ach cad iad na cúiseanna eile? B’fhéidir go bhfuil mé saghas claonta san argóint seo ach ceapaim nár thaitin le daoine cloisteáil faoi bhean agus na deacrachtaí a bhí aici ag maireachtáil in Éirinn, ag tógáil clainne agus ag cailliúnt páistí. Ní haon rún é dúinne, go háirithe tar éis imeachtáí na coicíse seo, go bhfuil stair ghránna in Éirinn ina dtugtar an chluas bhodhar do scéalta agus deacrachtaí mná. Thug Peig léargas do dhaoine ar shaolta tromlach na mban in Éirinn ag an am - b’fhéidir go raibh agus go bhfuil sé níos éasca neamhaird a thabhairt ar chruachás na bochtáin agus ar chruachás na mban.Dar liomsa, ar aon nós, tá greann ag baint le Peig agus a cuid focal. B’fhéidir go bhfuil mé mícheart, ach tá dúghreann soiléir sa leabhar. Tosaíonn an leabhair leis na focail mhíchlúíteacha sin “Seanbhean is ea mise, a bhfuil cos léi san uaigh is an chos eile ar a bruach.” Cuireann an abairt seo an greann a bhíonn ag mórán daoine anois i gcuimhne dom - níl ár saolta éasca agus úsáidtear an greann i slí mhífholláin chun dul i ngleic leis. Ceapaim féin go bhfuil Peig úsáidte mar leithscéal éasca chun míniú nach bhfuil Gaeilge agat agus go bhfuil fuath agat don teanga. Ní raibh mórán ceana agam do King Lear agus mé ar scoil . Níl fuath agam don Béarla mar theanga mar thortha ar sin, áfach. Ní hionann teanga iomlán agus leabhar amháin. Ceartas do Pheig, bean a d’inis a scéal agus ansin rinneadh ceap milleán di toisc gur raibh sé éasca í a ionsaí.

Previous
Previous

Achieving Your Five-A-Day in the Best Way

Next
Next

‘Woke Aesthetics and Breaking the Cycle’