Ceol as Ceoldrámaí: Ná déan dearúd ar cheol na gceoldrámaí  

Orla Leahy (Eagarthóir Gaeilge)


Is aoibhinn liom dul chuig na ceoldrámaí, tá suim mhór agamsa agus ag mo mháthair sna ceoldrámaí a thagann chuig an amharclann Bhord Gáis i mBÁC cúpla uair i rith na bliana as an West End i Londain Shasana. Anois is arís, tagann siad chuig Corcaigh, chomh maith, go dtí Áras na Ceoldrámaíochta. Bhí an t-ádh dearg agam deis a fháil ticéad a bheith agam do The Phantom of the Opera i Nua-Eabhrac -, sular tháinig deireadh leis an seó; i ndiaidh don seó 35 bliain bheith bainte amach acu ar stáitse.


Gan aon agó, bíonn eolas ag gach uile dhuine faoi na hamhráin cháiliúla as Mary Poppins. Ba é Mary Poppins ceann de na chéad cheoldrámaí a chonaic mé beagnach deich mbliana ó shin. Is rud draíochtúil é an príomhcharachtar a fheiceáil ag eitilt thar an lucht éisteachta, nó Bert, an glantóir simléar, a fheiceáil ag crochadh na bhfallaí lena scuab. Is fíor a rá gur bhaineas fíor-thaitneamh as an gceoldráma seo, go mór mór nuair a bhí mé mar pháiste brionglóideach. 


Tar éis roinnt ama, thosnaigh mo shuim ag athrú nuair a chonaic mé roinnt ceoldrámaí eile. Is fíor a rá go bhfuil crosánacht oiriúnach do gach uile dhuine, athraíonn an saghas ceoil idir gach aon cheoldráma. Mar shampla, faightear glór briosc i roinnt de na hamhráin in Wicked, cosúil le “Popular”, agus amhráin eile a bhíonn mar cheoldrámaí den scoth, cosúil le “Defying Gravity.” Taitníonn ceoldrámaí áirithe liomsa is bíonn cuid acu san brónach go leor; is sampla deas iad na hamhráin “Stars”, “On My Own” agus “Bring Him Home” as Les Misérables. Uaireanta eile, athraíonn an t-atmaisféar agus bím ag gáire in aonacht leis na carachtair a bhíonn ag canadh leo, mar shampla i gcuid de na hamhráin in Mamma Mia


Le gach ceoldráma, insíonn na hamhráin scéalta na gcarachtar. Thar na blianta, chuala mé roinnt scéalta, gach amhrán is é saibhir le mothúcháin - uaigneas agus brón, grá, áthas, náire, aiféala, agus sceitimíní. Gach uair a théim chuig an amharclann, mothaím scéalta na gcarachtar. Tugaim buíochas do na haisteoirí as a bheith ag canadh go hálainn is go proifisiúnta ar an stáitse. Is rud iontach é aisteoirí paiseanta bheith ar stáitse le grá do na scéalta a mbíonn siad ag canadh fúthu. Tugaim buíochas chomh maith don lucht gairme taobh thiar den stáitse; na léiritheoirí, na cóiréagrafaithe, na línitheoirí, agus na daoine eile as bheith ag tabhairt tacaíochta don bhfoireann ar an stáitse. Is le chéile a chabhraíonn a leithéid linn an scéal a insint agus a thuiscint.      


As na ceoldrámaí atá feicthe agam, luafaidh mé trí chás de na hamhráin is tábhachtaí. Sa cheoldráma Blood Brothers, canann máthair an chúpla an t-amhrán, “Tell Me It’s Not True”, amhrán ina mhothaíonn sí a pian tar éis na heachtraí a tharla ó thus go deireadh an cheoldráma. Is deireadh cumhachtach é an t-amhrán seo don taispeántas féin. In The Phantom of the Opera, is amhrán álainn agus goinbhlasta é Think of Me. Canann Christine, oibrí Thigh na Ceoldrámaíochta i bPáras na Fraince faoin Phantom nó faoin dTaibhse, duine a mbíonn fhios aici faoi ach duine a bhí fós sa doircheacht ag an am sin. Tar éis an cheoldráma sin a fheiceáil, chuala mé an t-amhrán arís nuair a bhíos sa phictiúrlann ag ceolchoirm André Rieu - veidhleadóir agus stiúrthóir a chuireann taispeántas cáiliúil ar siúl ó áit amháin ar fud an domhain trí scáileán dhá uair sa bhliain. Ag ceolchoirm amháin, chan soprán amháin é agus leagan den chéad scoth a bhí ansan. Anuas air sin, is aoibhinn liom an t-amhrán, “Wouldn’t it be Loverly?” sa cheoldráma My Fair Lady - amhrán a chuirtear os ár gcomhair dúinn is a léiríonn cé chomh fada is atá an príomhcharachtar, Eliza Dolittle, ón réalt-scoláire a bhí sa bhrionglóid. Ag deireadh an ceoldráma, áfach, taispeánann “Without You” an chontrárthacht sin ó thús an cheoldráma. Ardaíonn an ceol sna drámaí seo na mothúcháin agus bíonn tionchar mór ag na scéalta éagsúla a bhaineann leo ar na lucht éisteachta go deimhin. 


Tá dúshlán agam do mo chuid léitheoirí; go ndéanfadh sibhse iarracht ceoldráma a fheiceáil an bhliain seo, mar scannán (bíonn beagnach gach ceoldráma le fáil mar scannán, chomh maith) nó in amharclann éigin. Is taithí iontach é chun tábhacht an cheoil, agus úsáid an cheoil i rith an tsaoil agaibh, a fheiceáil.

Previous
Previous

Ducksy’s Video Vault 

Next
Next

Editor’s Picks: Xbox Game Pass