Colún na Réaltaí

Iompróir an Uisce - AquariusTá tú i ngrá. Is fuath linn tú.Na hÉisc - PiscesBeidh Seachtain na bhFreisir mór agat, agus beidh tú go hiomlán briste ina diadh.An Reithe - AriesNíl Tinder chun an folús i do shaol a líonadh.An Tarbh - TaurusScar leo, tá leadrán orainn go léir.An Cúpla - GeminiNí hionann ag scríobh faoi dhuine ar UCC Confessions agus cliúsaíocht. Fás suas.An Portán - CancerNíl tú chun cáil a bhaint amach ar TikTok - stop anois, níl tú an chéad Charli eile.An Leon - LeoNíl suim acu ionat. Bog ar aghaidh.An Mhaighdean - VirgoTá Hot Girl Summer thart, ullmhaigh le haghaidh Cuffing Season.An Mheá - LibraNí chaoinfidh tú ar do bhreithlá i mbliana don chéad uair riamh. Comhghairdeas.An Scairp - ScorpioNíl an bhosca Amber Leaf chun do fhadhbanna a réiteach, ach ba cheart duit é a cheannach ar aon nós.An Saighdeoir - SagittariusGlan do sheomra. Ól uisce. Tá tú déistineach.An Gabhar - CapricornStop ag rómánsú do shaol, cónaíonn tú ar Bhóthar an Choláiste.

Previous
Previous

‘Autumn-Winter, A Midsummer's Dream’

Next
Next

G’way ya cábóg! – Tionchar na Gaelainne ar Bhéarla Chorcaí