Cóma Daonlathas? | Seán Laoghaire

Do bhuaigh Barack Obama an rás don Teach Bán le déanaí, agus mar sin tá gach rud ceart go leor arís. Bhuel níl, ach fós ar a laighead ní tofáiodh Mitt Rommney, agus Paul Ryan, agus níos tabhachtaí fós, faigimid ceithre bliain eile gan baol den pháirtí Poblachtanach mar uachtaráin ar ceann de na tíortha is mó ar domhain. ‘Sé an t-aon amhrás atá orm féin faoin toghchán seo ná; ar chuma cé a bhuaigh, i ndáirire? Cinnte is é Obama an rogha is fearr eadarthu, agus ba é an scéal ceanna a bhí ann i 2008, ach ní rabhas díreach ag céiliúradh an toradh sin ach an oiread. ‘Sé an ceist is mó ná, an é Meiriceá an tír daonlathach ceart is a bhí tráth dá raibh? Nó an bhfuil sí, “the most democratic nation on the planet”, tar éis cailliúnt an stádas agus an brí a bhí i gceist leis an dteideal sin? An rialtas daonlathach í a huile, fiú?Chun tosnú ag scrúdú ar an gceist seo, is ceart tosú leis an Cogadh Saoirse Méiricea, agus an chéad Bunreacht acu. Go simplí, murach gur éirigh leis an réabhlóid seo, bheadh stair Méiricea Thuaidh an difriúl. Ach laistear den réabhlóid bhí docúméidí fíor thabhachtach dréachtaithe acu. Bhí smaointí faoin Daonlathas agus cearta daona le fáil ar ndóigh roimh 1776, ach tríd an dearbhú seo, chuireadh amach fógra don domhain gur cheart leis na Stáít Aontaithe Mhéiricea, ag an am trí coilíneacht déag, briseadh le rialú an Ríocht Aontaithe. Ní amháin a raibh siad ag briseadh ón aontas, ach briseadh comh maith ón gcóras tradisiúnta Uaslathach an Ríocht Aontaithe. Mar sin, bhunaithe ar na fíreanna nua ina chréideadar, bhí gá acu le córas rialtas a chuirfeadh an duine i lár an próiséis polaitiúil. Is í seo, an búnús don daonlathas i Meiricea agus an cúis go bhfeictear uirthi mar cheann de na Stáit daonlathach is tabhachtaí ar domhain.Sa chomhtheacs éagsúil ina fuaireadar an aontas nua seo, bhí ar an rialtas nua seo teacht suas le córas rialú a chlaí leis na prionsabal a leagadh amach i 1776, ach na traidisiúin difriúla go léir a bhí ag na stáit seo roimh an réabhlóid a choimeád beo. Bunaíodh, dá bhrí sin, córas feidearálach. Laistigh den córas seo, tugadh guth agus ról do saoráinigh ag cruthú an Rialtas –ag roghnú na seanadóirí agus na hionadóirí a bheadh mar ionadaí don Stáit os comhair an tír. Ón tús ba é an dhá theach seo – an Seanad agus an Teach Ionadaithe – a bhí mar rialtas na tíre. Bhí módh indíreach acu chun Uachtarán na tíre a thoghadh, agus go stairiúil, ní raibh an cumhacht céanna ag an Uachtarán, is a mheasfar leo inniu, go háirithe i gcomparáid le cumhacht an rialtas. Bunaíodh an leagan amach seo ionas nach mbeadh aon guth amháin ró-láidir, ach go mbeadh an dá theach den rialtas ag obair ar son an phobal.Anois ag féachaint ar an suíomh i 2012, tá a lán cosúileachtaí ann leis an modúil don daonlathas ionadaíocht chionmhar a bhí ag an tír ón tús, ach amháin, go raibh níos mó cumhacht ag an Seanad acu ná an Teach Ionadaithe. Ach ba mhór an bua é san am sin, nuair a bhí formhór do rialtais na hEorpa ag feidhmiú mar uasalacht faoi ríthe, nó fiú monarcacht díreach.De bharr nach raibh traidisiún d’aicmí sóisialta roimh nó tar éis an réabhlóid, meastar gur thug sé seo deis níos fearr chun rialtas cuimsitheach a chuir i feidhm. Cinnte, dh’fhéadfá a rá go moillíonn an córas seo an próiséis rialúcháin, ach tugann sé go leor ócaidí don saoránach chun é féin a gafa le gníomhaíochtaí an ceantair/stáit/tír, ach comh maith le sin faighfá go noibríonn daoine níos díograisí nuair a bhfuil feidhm a gcuid oibre tuigthe acu, nó nuair a bhfuil baint díreach acu leis.Ceann dos na torthaí eile a thagann ón córas daonlathach a fhaightear i Meiriceá ná go bhforbraíonn sé traidisiún ina n-oibríonn daoine le chéile i dtreo cúspóir comónta. An sampla is soléire de seo ná an Gluaiseacht Chearta Siabhialta sna seascaidí. Ach cé comh cumhachtach a bheadh a gcuid gníomhaíochtaí is a gcuid focail gan tacaíocht ón aontas de comhoibrithe agus an pobal a raibh mar cuspóir acu na cearta a raibh tuilte acu a bhaint amach? Níorbh iad an móramh dár le smaointe an phobal, ach léirítear, más mionlach iad, fós féin ba mionlach substaintúil iad – fianaise a ndóthain chun brú a chur ar rialtas Stáit Aontaithe Meiricea, na cearta a choinnigh siad ón phobal gorm a bhronnadh orthu.Anois, tá fadhb beag amháin leis an íomha atáim díreach tar éis a cruthú – ní hé seo an tír céanna is na Stáit Aontaithe Meiriceá a chímid inniu. Scríobh De Tocquville na cúntaisí seo roimh 1861, nuair nach raibh aon rian den ‘World Super Power’ atá againn inniu. Le himeacht ama d’éirigh cumacht an Uachtarán níos láidre, ag bogadh ó Uachtarán a shínigh na billí i ndlí, go dtí príomh ceanaire a n-oibríonn chun spreagadh a tabhairt do billí áirithe, nó fiú a chuid billí féin a dréacht. Ní ón Seanad nó ón Teach Ionadaithe a thagann tearmaí cosúil le ‘Obamacare’ chugainn, agus níor mhaith liom samhlú na billí aguss dlíthe a dréacht  George W. Bush é féin.Tá dhá locht leis an forbairt seo i ‘ndaonlathas’ Méiricea. Ar dtús meallann sé polaiteoirí atá sa pholaitíocht chun a dtuairimí féin a bhaint amach, in ionad a ndualgais a dhéanamh ag freastáil ar an tír. Ach fadhb eile atá le seo, ná má infeistítear an cumhacht go léir i láimhe an uachtarán, nó i níos lú daoine, aithneoidh an phobal ina hiomlán nach bhfuil mórán feidhm acu sa ‘daonlathas’seo, agus caillfeadh an muinín sa próiséas daonlathach a bhíodh acu, go háirithe muna bhfuil Uachtarán cumasach acu. Labhrás suas faoin ngluaiseacht cearta siabhialta mar íomhá de chumhacht an phobal agus cumas na haontais chun tionchar a beith acu ar sochaí agus polaitíocht Meiriceá. Ach de réir na staitisticí, ba é na 1960idí an pointe ab airde de chumhacht an phobal, agus go bhfuil titim scanrúil tar éis teacht ar na huile sort gníomhaíocht saoránacht agus aontú.Is léir domsa, gurb é atá i gceist ná ciorcal dáinséarach – feictear don phobal go bhfuil eilimintí den rialtas ag teipeadh, mar go bhfuil siad neamhéifeachtach, nó ró láidir. Cailleann an pobal a gcuid muinín sa chóras, agus dá brí san ní ghlactar páirt díreach, nó indíreach fiú, le cúrsaí polaitúil laethúil. Gan an pobal bheith ag glacadh páirt i gcúrsaí polaitíochta na tíre, níl amhrás ann ach go bhfuil an córas daonlathach féin ag laghdú. Is sa chomhthéacs seo a chuirim an cheist faoi Obama, Romney agus an daonlathas. Níl aon dabht ach gur roghaníps fearr é Obama, ach an d’fhéadfadh go bhfuil an cúmas aige múinín an tír a hathchóiriú? Nó an bhfuil Méiriceá gafa ar bhóthar gearr, ag imeacht ón stát daonlathach óg a rinne De Tocquville stadéir air, a mhúchann guth an phobal, agus a tachtann polaiteoirí ionaraic trí maorlathas agus lobhadh de dheasca tionachair éagsúla ón taobh amuigh? 

Previous
Previous

Erdoğan takes tough stance against Kurdish hunger strike | Bernard Long

Next
Next

Orwell Sex | Eoghan Lyng