Díthocsainiú ó na Meáin Shóisialta

Le Emma Nic Aoidh, ScríbhneoirTá andúil agam sna meáin shóisialta. Níor chaill mé insta post le bliain anuas, seolaim na céadtaí Snapchats achan lá, agus níl mórán difríocht idir mo leathanach Twitter agus dialann pearsanta an gnáthdhuine. D’fhill mé abhaile go Tír Chonaill an tseachtain seo agus le’mchuid meabhairshláinte ina praiseach, ghlac mé an chéad chéim chun biseach a chuir orm féin; d’admhaigh mé go raibh fadhb agam.Mhothaigh mé mar dhúnmharfóir agus na haipeanna ag crith romham ar an scáileán, agus bhí géarchéim coinsiasa agam nuair a chuirtear an cheist ‘Delete Snapchat?’ ach bhí m’intinn socraithe air. D’fhág mé slán leis na streaks, na DMs, na likes, na followers, agus na views. Seachtain iomlán. Mé féin agus mo chuid meanmanra i lár na tuaithe.Bhí stánadh folamh ar m’aghaidh nuair nach dtiocfadh liom a bheith ag amharc ar Twitter mé ag ullmhú spaigití don dinnéar. Chuaigh mé ‘na chodladh gan féachaint ar Tiktok go dtí’n dó a’chlog ar maidín. Bhí mo shaol chomh folamh. Ghlac mé páirt i mo chéad léacht ar líne riamh nár chríochnaigh liom ag coimhéad ar Instagram stories. Bhí mé chomh bródúil asam féin.Chuaigh mé ar shiúlóid agus níor ghlac mé pictiúrí den trá. Rinne mé béile domh féin le oideas a bhfuair mé as leabhar cócaireachta in áit ar jamieoliver.com. Thosaigh mé ag cniotáil. Ní raibh an foighne agam rud ar bith a chniotáil domh féin ach fuair mo chat, Denver, scairf álainn as mo chaitheamh aimsire úr. Caithfidh mé é a admháil gur cheadaigh mé uair beag ar Twitter domh féin achan tráthnóna chun seiceáil isteach le Richard Chambers agus chun teachtaireacht a sheoladh chuig mo chuid cairde chun é a chuir in iúil daofa go raibh mé beo liom, ach taobh amuigh de sin, tá seachtain iomlán saor ó na meáin beagnach bainte amach agam agus ba mhaith liom na príomh pointí a thug mé faoi deara a roinnt.1. Codladh.Chodail mé níos luaithe agus níos fearr ná riamh. Thit mé ‘na chodladh le dorchadas na hoíche agus mhúscail mé le solas na maidine gan mo scáileán bheag gorm i mo bhos agam. Bhí mé ábalta níos mo oibre a dhéanamh i níos lú ama mar nach raibh aon tuirse orm. Tuigim go bhfuil daoine ann ar night owls iad - shíl mé go raibh mé féin mar dhuine acu – ach má fheiceann tú go bhfuil tú ag fanacht múscailte ar feadh leath na hoíche agus gan rud ar bith bisiúil a dhéanamh agat b’fhéidir go bhfuil an t-am agat machnamh adhéanamh ar do chuid nósanna. B’fhéidir go sábhálfaidh tú rud beag airgead ar chaife i ndeireadh na dála.2. Am Saor.Ar an lá ba mheasa, chaith mé suas le dhá uair déag ar mo fón póca. D’úsáid mé achan leithscéal faoi’n spéir liom féin; bhí mé a úsáid le haghaidh taighde, bhí mé ag coimhéad ar físeáin faisnéiseach, bhí ailt nuachta a léamh agat. Níl teorainn leo. I ndairíre, chaith mé na uaireannta fada ag déanamh scrolling baoth. Is dócha go bhfuil cúpla maratón déanta ag m’ordóg, suas agus anuas ar an scáileán. Is iontach an difríocht a ndéanann an am saor seo. B’fhéidir siúlóid níos faide, rud beag glanadh. Béile a ullmhú a ghlacann a thuilleadh ama ná pasta agus anlann as próca. Tá na deiseanna éigríochta.3. Féin-mhuinín.Níor shíl mé riamh gur duine cúthail a bhí ionam ach thug mé faoi deara go mór an seachtain seo go raibh mé ar mo shuaimhneas i bhfad níos minice. Cosúil le go leor daoine, tá cás fiánta mask acne orm faoi láthair agus bhí sé ag cuir isteach go mór orm. Bhí m’aghaidh scallta agam ag piocadh agus ag glanadh thart ar mo ghiall go dúghabhálach. Anois, tá sin chóir a bheith leigheasta. Ní influencers dóighiúla le síntiúis Photoshop a fheicim achan lá, ach gnáthdhaoine ina bhfuil fadhbanna níos mo acu ná goiríní dubha. Níl mo chuid lochtanna imithe ach ní chaithfidh mé iad a chuir i bhfolach le Snapchat filter a thuilleadh. Tá coilm aicne ar m’aghaidh, so what?4. Sonas Pearsanta.Níl an ainm ‘Donald Trump’ feicthe agam le fada’n lá. Níl scéalta apacailipteacha cloiste agam le cúpla lá anuas. Níl mé ag déanamh comparáid síoraí idir mé féin agus achan mac mathair a fheicim ar an timeline. Tá mo chuid ama a chaitheamh agam ar dhóigheannaníos sláintiúla, ní hamháin go fisiceach ach go meabhrach. Ní bhaineann aon mhíbhuntáistí gránna le crochet ach amháin b’fhéidir na tairgí leataobhach a mbím fágtha leo. Shíl mé go mbeadh mo chuid am caite san iarthuaisceart go h-iomlán tubaisteach ach tá mé ní ba shásta agus ní ba shocra anois ná mar a bhí ar feadh tamaill fada.Tá go leor rudaí maithe faoi na meáin, ní thig é a shéanadh, ach sílim go bhfuil sé millteanach normalaithe i measc daoine óga na uaireannta fada seo a chaitheamh ar an fón. B’fhéidir go bhfuil sé in am súil a chaitheamh ar nósanna s’againn agus na hathruithecuí a dhéanamh.

Previous
Previous

Mac and Cheese: A comforting classic for crazy times

Next
Next

A Question of Class