Domhan na nGaeil

Deirtear go bhfuil peirspectíocht eagsúil ag chuile teanga ar an domhain agus ar an tsochaí ina bhfuilimid inár gcónaí. Cloistear go bhfuil bhfeiceann na Spánaigh an domhain lán de bhás ach lán d’fhuinneamh freisin, go bhfeiceann na Danmhargach an saol mar eisint simplí, íogair agus na Gaeil.. Bhuel, go bhfeicimid an domhan i tslí neamhgnáthach.Cruthaíonn na focail agus na cinéal fuaimeanna a dhéanann na focail sin an réadúlacht ina mhairimid. Baineann sainchiall agus forchiall le chuile focal a thagann as ár mbeola - fé muna thugamuid faoi ndeara é! Cruthaíonn an Ghaeilge, agus a friotal, domhan abhairín míreadúil - leiríonn sí domhan foirfe, ársa, bun os cionn. Fiú na mílte bliain níos deanaí, feictear an domhan ceanna mar a deantar cur síos i sna scéalta bealoidis, ar nós na Fianna, Cú Chulainn, Clann Lir agus a leithead. Ceapaimid go bhfuil an domhan foirfe seo gan lucht - ní mhothaítear eagla ná brón. Níl ann ach grá, áilleacht, foirfeacht. Níl ann ach focail fholamha. Cuimhnigh siar chuig ré an Teastas Sóisearigh agus ár scéalta. Fiú más rud é go raibh an gadaí i mbalaclava, ag siúl níos moille ná turtar, le seinteor ag screadaíl ceoil, fós tarlóidh sé, “Go tobann.” Is léir go bhfuil easpa mothucháin agus doimhneacht ag baint leithí.Ar an taobh eile den scéal, nilim in ann a shéanadh an áilleacht a ghabhann leí. Fiú le linn mo Theastas Sóisearach, ní rabhas in ann a chrediúnt na fuaimeanna siúcrach, éadroma a d’eascair ó na sreanganna d’fhocail nascaithe le chéile in abairt. Fós go dtí an lá seo, nuair atáim sáite i’m chuid ranganna Gaeilge anseo i UCC, titim i ngrá leí, lá i ndiadh lae. Agus tá siúl agam go leanfaidh mo ghrá di go dtí lá mo bhás.

Previous
Previous

Cadogan treble sinks UUJ in Fitzgibbon opener

Next
Next

UCC Societies Guild To Appoint 2 NEW OCMs