“Fáilte Romhat go Tuairín Dubh:” Dráma Dhochreidte Dátheangaigh
Éagarthóir Gaeilge: Leah Buckley
Leis an nGeimhreadh ag bagairt linn, bainim an Everyman Palace amach chun an chéad léiriú don cheoldráma Gaelach ‘An Tuairín Dubh’ ag Cumann Léirithe Bhéal Átha an Ghaorthaidh sa chathair a fheiceáil. Is fíorscéal é an léiriúchán seo, bunaithe ar na heachtraí lárnach do ní hamháin Cogadh na Saoirse agus an bhaint a bhí ag pobal Múscraí iad féin leis, ach do scéal tragóideach an t-óglach Criostóir Ó Luasa ach go háirithe. Ar siúl ar feadh dhá oíche, an 12 agus an 21 Deireadh Fómhair, is follas go bhfuil ocras ann do níos mó drámaíocht as Gaeilge, nó don a leithéidí, toisc go bhfuil na ticéidí go léir díolta amach fé dhó ar feadh tamall!
Tá atmaisféar den scoth san amharclann bhríomhar nuair a thosaíonn gach éinne ag tógaint a suíocháin taobh istigh. Ar an dá thaobh den stáitse óir agus dearg galánta, tá dhá scáileán a thaispeánann fotheidil as Gaeilge agus as Béarla, gné inrochtana ba chóir a bheith ar fáil i gcónaí, dar liomsa. Le maoiniú agus an-tacaíocht faighte ó Fhoras na Gaeilge, Ealaín na Gaeltachta, Comhairle Contae Chorcaí, Údaráis na Gaeltachta, Plean Teanga agus Comharchumann Forbartha Mhúscraí, is cúis bhród é an léiriú amaitéarach seo go deimhin do na haisteoirí a insíonn a stair dhúchais féin, agus do éinne a bhfuil dúil ar bith acu sa teanga. Ón mbród uathúil atá ag teacht ó dhaoine, is furasta a aithint go bhfuil an-chuid den lucht féachana ceangailte leis an bhfoireann agus leis an gcriú. Téann an mheitheal agus an muintearas atá le brath mórthimpeall orm i bhfeidhm go mórmhór orm. Tá an áit lán go barra le daoine idir óg agus aosta, ag labhairt le chéile le an-chuid Gaeilge le cloisteáil anseo. Tá seanóirí ag plé cé chomh iontach is atá sé chun léiriúchán mar seo a fheiscint ar an stáitse, agus le cailíní óga ag pocléimneach le ríméad a gaolta a fheiceáil.
Ní hé anocht an chéad uair atá an léiriúchán seo ag teacht ar an ardán, áfach, toisc go raibh a chéad taibhiú domhanda thíos i Múscraí i mí na Bealtaine seo caite. Is i halla Bhéal Átha an Ghaorthaidh a tosaíodh i dtosach báire an ceoldráma nuascríofa agus nuachumtha seo, cruthaithe le príomhoide áitiúil Seán Óg Ó Duinnín, mar aon le léiritheoirí ceoil, Alan Kiley agus Kevin Connolly. Chuir Kiely agus Connolly léiriúcháin mór le rá ‘Shame the Devil’ agus ‘Murder at Shandy Hall’ i láthair le déanaí, agus d’fhiafraigh Ó Duinnín an bhféadfaí a leithéid den cheoldrámaí sin a chruthú as Gaeilge, leis an mbéim chéanna curtha ar aisteoirí áitiúla ag insint a n-oidhreacht shaibhir féinig. Mar gheall ar idirnasc i bpobal beag, ba chóir a bheith cúramach agus an scéal seo á chumadh. De réir Ó Duinnín, tá páirt a
sinsear á dhéanamh ag cuid acu chomh maith, rud a chruthaigh úinéireacht comhroinnte eatarthu iad ar an dráma. Ní hamháin go bhfuil baint an phobail leis an léiriúchán seo tar éis suim sa stair a athmhúscailt, ach is bealach cruthaitheach agus sóisialta é don phobal chun comhluadar nua a dhéanamh freisin. Ba dheis iontach ab ea é do dhaoine níos mó Gaeilge a labhairt lena chéile, ag cur comhthéacs ar leith ar fáil chun í a úsáid atá tairbheach agus taitneamhach araon. I ndiaidh cleachtaí seachtainiúla ó Eanáir agus na sé n-oíche i rith an tsamhraidh, tá na thart ar seasca duine atá ag glacadh páirte ann tar éis bogadh go dtí Sráid Mhic Churtain, ag tabhairt ar aghaidh ar an stáitse go rathúil.
Nochtann Ó Duinnín as an mbrat veilbhite agus cuireann sé réamhrá dátheangach ar an bpíosa agus fearadh na fáilte romhaibh go léir, agus múineann sé dúinn an loinneog don amhrán an teidil ‘Fáilte Romhat go Tuairín Dubh’ ar deireadh. Nuair a ardaítear an cuirtín, cuirtear tús le eiseamláir fheabhais a mhaireann 90 nóiméad. Mheabhródh sé ceoldráma ar nós ‘Les Miserables’ nó ‘Newsies’ duit, agus é ag leanúint íochtaráin dhionbháilte ag gabháil d’éirí amach staire i gcoinne tioránach brúidiúil. Bhí fórsaí na Breataine lonnaithe timpeall na háite, agus iad ar ruathar agus ar thóir na n-óglach sa cheantar go rialta. Is scéal tírghrá é atá bunaithe ar an tréimhse a chaith an meirleach Criostóir Ó Luasa, dochtúir faoi oiliúint a thagann ó dhream airgid, ar a theitheadh thíos i dTuairín Dubh agus an tearmann a fhaigheann sé ann le Mag Welsh agus John Twomey, i ndiaidh ruathar a thug Ó Luasa ar siopa airm i gCorcaigh agus a stailc ocrais i bPríosún Mhuinseo. Tosaíonn an ceoldráma nuair a tógadh Traolach Mac Suibhne ina ardmhéara ar Chorcaigh agus leanann sé na hocht mí a chaith Ó Luasa ina chodladh i bpluais ‘tais agus caol,’ ag déanamh íobairte ar son saoirse na tíre. Maraíonn saighdiúir Briotanach, Cafferata, an buachaill bocht ag buaicpointe an scéil i mí na Samhna 1920, agus nuair a iompraíonn a chorp ón stáitse ar dhoras ag baill den phobal nó ag sochraid Uí Luasa, faighimid an-taispeántas muintearais. Déirtear go bhfuil conspóid fós ann maidir leis na tosca a bhain lena bhás, breis is céad bliain ina dhiaidh sin. Is é an scéal a nglactar leis go coitianta ná gur scaoileadh é agus é faoi bhéal an ghunna ó thaobh an bhóthair sa Tuairín Dubh, mar ghníomh díoltais agus mar fhéinschosaint, ach de réir an ceoldráma seo bhí Ó Luasa neamharmtha agus dúnmharaíodh é gan trócaire. Ina theannta sin, litríodh a ainm agus ainm a áit chónaithe go míchruinn, i dtuairiscí faoina bhás, ag léiriú an neamhaird mí-ámharach don Ghaeilge a bhí ann ag an am.
Tá an léiriúchán seo breac le scéalta grá, comhtharraingt bhríomhar an pobal, mar aon le méid áirithe de huaibhreacht. Ón t-amhrán gealgháireach ‘Capaillín Iarainn’ go dtí bailchríoch corraitheach, is ceoldráma thar a bheith taitneamhach agus mothúchánach é, ó
thús go deireadh gan aon agó. Is é mo bhuaicphointe pearsanta féin ná láithreacht na mban le linn gluaiseacht na saoirse, sa phíosa seo. Léiríonn ‘An Tuairín Dubh’ an ról suntasach agus gníomhach a bhí acu, laistigh den tréimhse achrannach i stair na tíre seo, le haintiún Cumann na mBan a deir “Ní cailíní aimsire an Cumann dos na h-Óglaigh, Nílimidne ann le freastal ar gach achainí.” Ar fud an ceoldráma seo, is féidir cumhacht bhaineann a fheiceáil le mná ar nós Mhollaí Ní Chróinín as Guagán, ceannaire mór le rá le Cumann na mBan, go dtí ár gcailín féin Méabh Ní Chonaill agus a carachtar cróga a íobairt grá agus a sábháilteacht féin, le post ceilte ag idircheapadh teachtaireachtaí ar son a tíre. Ina theannta sin, feicimid tábhacht chaolchúiseach na mná ar bhealach níos traidisiúnta le Welsh, a d’eagraigh ócáidí tiomsaithe airgid do na leaids agus a rinne an tae do chách. Bhí na mná seo i bhfad níos neamhspleáiche ná na fir i Múscraí, toisc nach raibh siad faoi shúil aireach na Póilíní Cúnta, agus dá bharr sin níl aon éighníomhacht i measc na mban sa phíosa seo.
Mar fhocal scoir, ní haon áibhéil é a rá go bhfuil fuinneamh speisialta agus draíochtúil ag baint leis ‘An Tuairín Dubh.’ Is deis den scoth é an dráma seo don ghlúin óg chun tuiscint níos fearr a fháil ar stair na háite agus seans do stair agus teanga na tíre dul i gcion ar phobal níos leithne. Tá an-ghaisce déanta ag an bhfoireann seo gan amhras ar bith, ón gcóras fuaime agus soilsithe ar fad go dtí gach uile aisteoir, tá caighdeán gairmiúil ag baint leis an dráma seo. Ní féidir é a shéanadh go bhfuil an t-éileamh ann do níos mó léiriúcháin don saghas seo, ag comóradh ár dteanga agus ár n-oidhreacht faoi leith. Ar an iomlán, is mian liom é a chur in iúl gur bhain mé an-sult as an gceoldráma agus is mór an trua é nach bhfuil níos mó dátaí ar fáil dúinn ach mholfainn go mór do chách amharc ar an bpíosa go seoigh seo, ach an chaoi a fháil air.