Fiche Bliain faoi Bhláth
A Scríobhann Édith de Faoite, Eagarthóir Gaeilge Bhí mo bhreithlá ar an t-aonú lá is triocha de mhí na Nollag. Ar an lá sin, bhí bliain is fiche slánaithe agam. Don lá ar fad, bhí mé ag smaoineamh ar an seanfhocal ‘fiche bliain ag fás, fiche bliain faoi bhláth, fiche bliain ag cromadh agus fiche bliain gan rath’. Is ceart dom a rá go bhfuil an seanfhocal seo ceart go leor domsa mar dhuine óg, ach níl sé ró-mholtach don té atá thar daichead bliain d’aois! Is seanfhocal é a úsáidtear go minic sa Ghaeilge chun cur síos a dhéanamh ar aoiseanna daoine mar tá nós sa Ghaeilge, mar aon le teangacha eile, fiche a úsáid mar aonad comhairimh. Chaith mé tamall ag céistiú úsáid an uimhir fiche don seanfhocal seo. Bíonn sé ráite i gcónaí go bhfuil críonnacht ag baint leis na seanfhocail - mar sin, cén fáth go bhfuil fiche úsáidte chun saol duine a roinnt i bpíosaí? B’fhéidir go bhfuil rud éigin sásúil faoi an uimhir fiche, ré-uimhir a bhfuil mór go leor, gan a bheith ró-mhór. Tá seans go bhfuil cloiste agat faoi an nath seo cheana má tá suim agat i litríocht na Gaeilge mar tá leabhar leis an teideal ‘Fiche Bliain ag Fás’ ar cheann de na leabhair scríofa faoi shaol na hoileánaigh ar na Blascaodaí. Scríobh Muiris Ó Súilleabháin an leabhar úd. Sa leabhar luann sé an seanfhocal agus an slí inar mhínigh a sheanathair é dó. Tá an teideal thar a bheith oiriúnach don leabhar mar, nuair a bhí Muiris ina bhuachaill óg ar an oileán, bhí sé ina chónaí i dteach lena athair agus lena sheanathair. Mar sin, bhí na daoine ina theach go léir i gcéim dhifriúil sa saol, agus i gclásal difriúil sa sheanfocal chomh maith. Is deacair a shamhlú go bhfuil bliain beagnach imithe tharainn agus muid faoi dhianghlasáil, nó ar tí dul faoi dhianghlasáil, nó ag caint faoi dhianghlasáil. Nuair a shroich mé fiche bliain d’aois, agus bhí mo fhiche bliain ag fás curtha isteach agam, bhí an todhchaí lán le dóchas agus féidearthachtaí agus bhí mo shaol ag bogadh le fuadar. Shamhlaigh mé mo shaol agus mé ‘faoi bhláth’, mar, de réir an seanfhocail, agus beagnach gach duine, is iad na fichidí ar chinn de na blianta is fearr i saol an duine. Faraor, níl an ráiteas sin fíor dom faoi láthair, ach tuigim go bhfuil cúinsí eisceachtúla i gceist agus ní hé mar seo a bheidh mo fichidí ar fad.Ceapaim go bhfuil gach duine ar comhthuiscint maidir leis an mbliain atá thart - gur d’imigh sé go mall agus gan fuadar, ach ag an am céanna, chuaigh an bhliain go tapa. Is cosúil go raibh an cnaipe sosa brúite agus cuireadh stop lenár saoil. An t-am ar fad, an bhliain sin ar fad, chaith mé mo chuid ama ag caoineadh na míosa a chaill mé. Nuair a cheart dom a bheith ag déanamh na rudaí a dhéanann daoine óga agus iad ‘faoi bhláth’, bhí mé sáinnithe i seomra leapa m’óige, gan chéad agam dul níos mó ná cúig chiliméadar ó mo theach. Tá sé deacair glacadh leis an bhfírinne shearbh - nach bhfuil mé féin agus mo shaol faoi bhláth i láthair na huaire. Ag deireadh an lae, níl ach bliain imithe as an bhfiche atá agam chun a bheith faoi bhláth. Nuair a smaoiním air, b’fhéidir sin a raibh i gceist ag na daoine a chum an seanfhocal seo - ní thógann drochbhliain amháin ón am ar fad atá agam chun a bheith faoi bhláth, agus b’fhéidir é sin an chríonnacht atá uainn sa lá atá inniu ann.