Foinsí ionspioráide ab ea iad na hUnderdogs

I mbliana thug clár na ‘madraí lathaí’ deis do imreoirí ar fud na hÉireann áiteanna a bhaint amach ar a bhfoireann idirchontae. Deich mbliana ó shin, d’éirigh le Kieran Donaghy agus Pearse O’Neill a leitheid a thapú. Níorbh fhada ina dhiaidh an chláir go raibh rólanna lárnacha acu do Chorcaigh agus do Chiarraí.Ba léir gur chuir an chomhairle ó Mhíceál Ó Muircheartaigh, Jarlath Burns agus Mickey Ned O’Sullivan go mór i bhfeidhm orthu agus boinn Uile-Éireann ag líonadh a bpócaí féin.Ní raibh ann ach riachtanas amháin: Nár imir éinne des na himreoirí i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann dá gcontaetha féin. B’iad Ray Silke ó Ghaillimh, Valerie Mulcahy as Corcaigh agus Paul Galvin as an Ríocht a bhí mar roghnóirí foirne i mbliana. Cheapas gur dhein said a ndícheall chun an Ghaeilge a labhairt dos na himreoirí ina gcuid óráidí agus fiú amháin agus iad i mbun traenála.Tar éis roinnt dianchampaí traenála, cluichí dúshláin agus cuairteoirí éagsúla (Ina measc do bhí Kieran Donaghy é féin, Iarpheileadóir de chuid Bhleá Cliath Denis Bastick agus fear a bhí an-rathúil leis an fhoireann pheil na mban Chorcaí, Eamon Ryan) thug said aghaidh ar Bhleá Cliath sa chluiche cinniúnach. Bhuaigh Bleá Cliath go héasca ar an lá. B’é an scór ná: Bleá Cliath 5-17 na hUnderdogs 1-03. Cé nár éirigh leo an lámh in uachtar a fháil ar na buachaillí Átha Cliath, sílim go raibh níos mó ná caid le feiscint sa chlár. ‘Sé mo thuairim féin go raibh doimhneacht sa tsraith áirithe seo. Léireoidh mé mo dhearcadh le cúpla sampla.I dtús baire, cad is brí leis an focal ‘Underdog’? De réir foclóir Oxford, ciallaíonn sé go bhfuil easpa stádais ag an duine nó go mbíonn seans maith go gcailfear an duine agus í/é in iomaíocht. Bhí an téama seo á thaispeáint go cruinn agus go soiléir sa chlár.Tógaimíst Richie Greene ó Bhaile Átha Luain mar shampla. Le linn an chláir, bhí Richie ag streachailt le gortaithe éagsúla. Mar bharr ar gach donas, bhí titimeas air. Dá bharr sin, bíonn air taomanna titimis a shárú go minic. Sin ráite, tháinig Richie chun páirce in aghaidh Bleá Cliath agus é toilteanach chun imeartha. Ní fada go raibh an liathróid ina sheilibh aige agus é tugtha chun talún sa chearnóg. Sheas sé suas agus chuir sé i gcúl na heangaí í. Chomh maith leis sin, bhí an Gaillmheach Fintan Ó Cuanaigh. Bhí Fintan gortaithe le tamall fada agus é ceann des na himreoirí is aclaí sa chlár. Cé nach raibh sé ag traenáil go huile is go hiomlán, chuir na roghnoirí ar an bhfoireann é don chluiche deiridh. Ba léir don Saol Fódlach nach raibh aon ghortú ag cur isteach air le linn na himeartha. Ba mhór an tionchar ar an gcluiche a bhí aige le uimhir a haon déag ar a dhroim. B’é laoch na himeartha dos na hUnderdogs i mo thuairim (é sin le Johnny Cooper ag faire go dlúth air).Ar deireadh thiar thall, bhí Ciarán Mac Fhearghusa – Underdog na Gaeil Óga. Sular thosnaigh an clár, bhí beagán den aiféala air. Nuair a chuireadh tús leis na hUnderdogs i 2003 agus 2004, chaill Ciarán amach toisc go raibh sé gortaithe ag an am. Ina cheann sin, bhí spreagadh eile aige an uair seo, sé sin Na Gaeil Óga (a chumann i mBleá Cliath). Is léir go mbíonn sé ag cur na Gaeilge chun cinn agus iad ag imirt go huile is go hiomlán trí Ghaeilge. Mar a deireann sé: “Tá mé ag iarraidh a thaispeáint do phobal na tíre chomh maith go bhfuil beocht sa Ghaeilge i mBaile Átha Cliath, agus go bhfuil beocht i gcumann Na Gaeil Óga.”Mar sin, ní dóigh liom gur clár C.L.G amach is amach é. Ba chlár spreagúil faoi chonas deacharachtaí a shárú sa saol é. Ba mhór an inspioráid a thug na himreoirí do mhuintir na hÉireann. Is cuma faoi chúlra atá ag duine, cinnte bhí inspioráid de shaghas éigint faoi chonas dúshláin a chloí ar fáil duit.

Previous
Previous

Mercury, Morgan, and the masculinity veneer

Next
Next

The Perfect Formula?