Gaeltacht na hOllscoile

Ó a thógadh Áras Uí Thuama sa bhlian 2006, níl an lóistín ach ag treisiú bliain i ndiadh mbliana. Bloc de naoi arasáin atá i gceist, suite i University Halls. Leas-ainmnaítear an áit “Gaeltacht na hOllscoile” agus “mion-Ghaeltacht” ó a d’oscail an bloc deich mbliain ó shin. Is í cur chun cinn na Gaelinne i measc daltaí na hollscoile an aidhm is mó a theastaíonn ón mbainisteoireacht a bhaint amach.aras-ui-thuama-gaeltactht-ollscoill-1Chuthas féin i mbun cainte le beirt iar-lonnaiteoirí faoin Áras, Laura Nic Mhathúna agus Padraig Ó Dhonabháin, daltaí Teangacha Domhanda, Dara Bhliain. “Mar Ghaeilgeoir paiseanta a bhí ag teacht go UCC chun staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, b'é Áras Uí Thuama an rogha is soiléire dom nuair a bhíos ag déanamh machnaimh ar an áit ina mbéadh cónaí ormsa sa chéad bhliain san Ollscoil. Bhí mé ar míre le háthas nuair a fuair mé amach gur éirigh liom áit a fháil ann.” a dúirt Laura. “Theastaigh uaim a bheith i’m chónaí san Áras de bharr nár theastaigh uaim í a chailliúnt, cé nach rabhas ag déanamh staidéar uirthi.” a chuir Padraig leis “Bhí mo chroí istigh inti agus mé ar scoil agus do theastaigh uaim í a labhairt le linn an saoil laethúil sa bhaile.”Suite i ngiorracht screas asail ón gcoláiste, is sár suíomh é do daltaí atá ag freastal ar UCC. “Níl teorainn ar na háiseanna atá ar fáil ann.”Is deacair a rá an rud is mó a thaitin liom faoin Áras,” a luaigh Pádraig, “ach sé mo bharúil gurb é an firic gur bhuaileas le mo dhluth cara ann, agus go raibh Clár agus Nuala de shíor ag cur céad míle fáilte romham.” Chuir Laura lena thuairim.  “Ó mo thaobhse, b'é an rud is fearr faoi bheith i mo chónaí ann ná gur bhuail mé le go leor daoine nua, deasa agus rinne mé an-chuid cairde nua. Os a choinne sin, tháinig barr fheabhas ar mo chuid Gaeilge labhartha ós rud é go raibh sí á labhairt agam ar bhonn laethúil. Lóistín fíor dheas atá i gceist chomh maith le háiseanna den scoth, a bhfuil suite i mBrú na hOllscoile ar Chrois Victoria, 15 nóimead ón gColáiste.”B’éigin dos na 25 mic léinn atá ag lonnú san loistín, a bheith de shíor ag plé trí mhéan ár dteanga dhúchais, imeachtaí a eagrú agus freastal ar na himeachtaí a eagraítear i rith na bliana, ar nós Bál na Gaeilge. Dúirt Pádraig liom go raibh ceilí acu, go d’fhéachadar ar Harry Potter i dteannta a chéile agus gur chuadar amach le haghaidh béile le chéile. “Bíonn ar an té a fhanann san Áras imeachtaí a eagrú le linn na bliana chun an Ghaeilge a spreagadh. I measc na n-imeachtaí a bhíonn acu, bíonn cóisirí, céilithe, turais go drámaí áitiúla, Bál na Gaeilge, oíche scannáin agus mar sin de.” a scaip Laura. “Dá bhféadfainn rud a athrú faoin scéim seo, chuirfinn níos mó áiteanna ar fáil do mhac léinn, mar ní bhíonn níos mó ach 25 áit ar fáil de réir mar a thuigimse. Ag an am chéanna áfach, bhí sé go deas a bheith páirteach go dlúth le dream daoine a raibh fonn acu an Ghaeilge a scaipeadh agus í a chur chun cinn, agus táim fíor ríméadach go raibh cónaí ormsa ann ar feadh an chéad bhliain.”

Previous
Previous

Ireland Flawless in Europe as Scotland Struggle

Next
Next

‘Can’t Cope, Won’t Cope’ Review