Gradam na Gaeilge

Le Caitríona O'ConnellTá Gradam na Gaeilge á chur ar fáil arís tar éis dhá bhliain de bhriseadh. Seo gradam a chuireann Ionad na Gaeilge Labhartha ar fáil chun céiliúradh agus aitheantas a thabhairt do mhac léinn de chuid na hollscoile atá ag déanamh a ndícheall chun an Ghaeilge a chur chun cinn san ollscoil. Deir mhuintir Ionad na Gaeilge Labhartha go bhfuil siad “thar a bheith buíoch den Dr. Diarmuid Ó Mathúna a thug urraíocht €1000 do Ghradam na Gaeilge ar feadh sé bliana. Tá an-chreidiúint ag dul dó as an tacaíocht fhadtéarmach san a choimeád an Gradam sa tsiúl. Táimid an sásta go bhfuil Coláiste na hOllscoile Corcaigh chun an Gradam seo a íoc as seo amach. Tá an Gradam ar oscailt do mhic léinn cláraithe uile na hollscoile. “De réir coinníollacha an Gradam, níl cead ag an mac léinn iad féinig a ainmniú don duais, caithfidh siad a bheith ainmnithe ag duine éigin eile. Scríobhann an duine sin tuairisc (dhá leathanach A4 as Ghaeilge) ar son an mac léinn fiúntach chun chur in iúl cén fáth go mbeadh an Gradam tuillte ag an duine sin. Chun chur isteach ar an nGradam, chaithfidh an mac léinn fiúntach an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na hollscoile. Is féidir leis seo a bheith trí imeachtaí trí Ghaeilge a eagrú leis An Chuallacht nó An Cumann Drámaíochta (ní leor a bheith ag freastal ar imeachtaí Gaeilge amháin a bheith i gceist) agus tógfar aon saghas imeachtaí san áireamh, más imeachtaí ceol, amhránaíochta, rince, spórt nó ócáidí sóisialta a bheadh i gceist. Tógfar eagrúchán imeachtaí d’áitritheoirí Áras Uí Thuama san áireamh. Más rud é go bhfuil an mac léinn gníomhach in eagrúchán imeachtaí Seachtain na Gaeilge nó Spraoi Cois Laoi mar shampla, nó páirteach i ndíospóireachtaí Gaeilge, chabhróidh se sin lena gcás chomh maith. Cuirtear sríbhneoireacht trí mheán na Ghaeilge san áireamh, más scríobh drámaí, prós, filíocht nó sna hirisí agus nuachtáin ar champas atá i gceist. Níl cead mac léinn a ainmniú don Gradam má tá sé buaite acu cheanna. Bronnfar an Gradam roimh dheireadh na bliana acadúla 2022. An dáta deireanach le cur isteach ar an nGradam ná Déardaoin 31ú Márta 2022. Seol aon iarratas chuig g.labh@ucc.ie nó tabhar isteach chuig an Ionad Labhartha é. Tuilleadh eolas ar fáil in Oifig na Gaeilge Labhartha, Seomra G02, Áras Uí Rathaille, COC.

Previous
Previous

The Resurgence of Comedy in Irish Film and Television 

Next
Next

Imeachtaí Seachtain na Gaeilge