I gCómhrá le Éimear O' Reilly: Inár saol, goideann an comparáid ár gcuid aoibhneas

Le Isabel Duff, Eagarthóir Gaeilge

Ag tús mhí Éanair 2025, bhí an t-ádh orm dul chuig Charraig Dhubh i mBaile Átha chun bualadh le Éimear O'Reilly. Is ealaíontóir tatúnna iontach í, tá a stiúideo féin aici darbh ainm “Squid Ink” agus tá a podchraoladh féin aici freisin darbh ainm “Outside In” ina labhraíonn sí faoina saol go macánta. Tuigtear domsa gur duine oscailt agus paiseanta í Eimear, le meon combhách. Rinne mé an turas go dtí an chathair mhór chun cuairt a thabhairt di isteach sa stiúideo “Squid Ink” i gCarraig Dhubh. Tá sé suite san íosach an siopa bearbóra agus tá stíl an stiúideo thar a bheith faiseanta agus an-compordach ar fad. Nuair a bhuail mé le Éimear don chéad uair mhothaigh mé ar mo shuaimneas mar gheall ar a gáire geal agus a fuinneamh láidir.

Ar dtús, bhí mé ag iarraidh chun caint faoi chúlra Éimear leis an nGaeilge.

Mise: Chun tús a chur leis an agallamh seo, abair liom faoin gcaidreamh atá agat leis an nGaeilge ó a bhí tú óg?

Éimear: Ba ea an Ghaeilge an chéad teanga mo Daideo, mar sin bhí mé ag labhairt as gaeilge dó ó a bhí mé 2 bliana d’aois, na focail beaga ar nós ‘dia dhuit 'nó ‘slán’. Ansin d’fhreastail mé ar bhunscoil agus meanscoil lán ghaeilge.


Is cinnte gur nuair a bhíomar inár déagóirí, bhí fonn orainn a bheith ag dul i gcoinne na rialacha agus údarás. Is gné suimúil é sin nuair a bhíonn an teanga i gceist, mar shampla i scoileanna lán ghaeilge. Braitheann sé ar an mhúinteoir í/é féin dár ndóigh, ach má tá na múinteoirí ró-dhian, tá deis ann dearcaidh diúltach a cruthú i scoláíre maidir leis an nGaeilge. Bhí sé thar a bheith speisúil taithí Éimear a cloisteáil faoi.


Éimear: Nuair a bhí mé ar scoil ní raibh éinne ag iarraidh caint as gaeilge taobh amuigh den seomra ranga.Ceapaim go raibh gach duine dúnta i dtaobh an ghaeilge mar b’éigean dúinn an ghaeilge a labhairt. An slí go raibh siad ag muineadh, níor bhain muid taitneamh as. Nuair a bhí mé ar scoil, bhí an príomhoide i gconaí ag rá ‘beidh an ghaeilge marbh ón am go bhfuil paistí agaibh agus tá sibhse ag déanamh é sin ‘, mar ní raibh muid ag caint as gaeilge ar an mbus abhaile. Bhí muid go léir i dtroiblóid agus cruthaíonn sé sin dearcadh diúltach agus bhíomar déagóirí, so ansin níor theastaigh uainn na rialacha a leanadh! Bhí muid ag dul isteach sna leithris ag caint as béarla. Chail go leor daoine a gcuid gaeilge.


Is é mo dhearbhú go raibh an dearcadh sin i bhfad mícheart! Caithfimid an Ghaeilge a spreagadh i measc na n-nóg, ba chóir go mbeadh fuinneamh againn. Is léír nach obríonn pionós agus brú, mar ag cúis le sin bíonn daoine ag tabhairt a gcúl don Ghaeilge. Sa lá ata inniu ann, sa bhliain 2025, tá rudaí ag athrú. Mar is eol do chách tá saghas “Gaelic Revival 2” ar siúl anois agus is cinnte go bhfuil sé feicthe ag Eimear freisin ina post agus a saol go ginearalta. 


Éimear: Bhuel, táim beagnach 27 mbliana d’aois, beidh mé 27 sa mhí Feabhra. Bhí mo chomhrá deirneach as gaeilge 7 bliain ó shin, is brea liom an ghaeilge agus bím i gconaí ag lorg slí chun an ghaeilge a usáid i mo shaol anois. Nuair a thosaigh mé ag tatuáil rinne mé cúpla tatúnna le focail as gaeilge, nuair a chuir mé na ‘grá mór‘ suas ar líne bhí mo daideo an bródúil, is é sin an ainm a úsáideann mo dhaideo nuair atá sé ag caint liomsa, ‘grá mór’. 

Chuir mé an dearadh seo thuas le praghas 30 euro agus ansin ba ea sin an dearadh is rathúla a raibh agam. Tá mé in ann na 'grá mór’ a dhéanamh le mo shúile dúnta. Níor cheap mé go mbeadh siad faiseanta.Tá siad coitianta i measc daoine sna fichidí atá ag fagáil Éire anois. Tá daoine ag imeacht go Londain gus an Astráil agus tá siad ag iarraidh rud éigean chun a gcúltúr a choméaid beo. Tá na tatúnna sin san fhaisean i measc déagóirí freisin mar gheall ar TikTok agus Instagram. Is stíl é.

Gan aon dabht ar bith, tá an ghrá agus an paisean i measc na n-óg i gcomhair an cultúr Gaelach ag fás gan stad gan staonadh. Feictear domsa go bhfuil an imirce ag spreagadh an paisean sin. Mar gheall ar an ngéarchéim thitíochta agus an costas maireachtála ní feidir le daoine óga fanacht in Éirinn, níl an tír seo oiriúnach do dhaoine óga. Tá daoine sna ficidí ag fagáil Éireann agus tá siad ag iarraidh píosa Éire a thabhairt leo. Is smaointe maith iad na tatúnna Éireannach, beidh siad ar ár gcoirp go deo. Chonacthas dom gur tharla sórt 'push and pull 'ar siúl maidir leis an Ghaeilge. Nuair a bhíomar scolairí meanscoile bíonn brú orainn an ghaeilge a labhairt agus aistí a fhoghlaim do ghlanmheabhair, ach anois nuair níl an dara rogha againn ach ‘slán’ a rá, tá grá níos laidre ná riamh againn don Ghaeilge.


Is léir go bhfuil Éimear ar an leathanach céanna dom.


 Éimear: Ceapaim go bhfuil aon rud nascadh le cultúr éireannach an- fhaiseanta, táim ag déanamh na stampaí beaga éireannach ag an nóiméad.

Tá daoine ag iarraidh rudaí difriúla fresin cosúil le seamróga agus claddagh,is iad seo mo tatúnna is fearr a dhéanamh. Is brea liom ag déanamh na tatúnna as gaeilge mar tá mé disléicseach agus nuair a raibh mé sa scoil ní raibh mé in ann scríobh go cruinn as gaeilge nó as béarla. Táim bródúil as mé féín mar bhí na muinteoirí i gconaí ag tabhairt amach dom, ag rá ‘Ó, tá do scríbhneoireacht ró mór nó, caithfidh tú é a glanadh suas’ ach inniu tá daoine ag iarraidh mo scríbhneoireachta, mo fhocail, ar a gcoirp. Ba bhrea liom ag dul ar ais agus mo phost inniu a thaispeaint do mo mhuinteoirí. Táim ag scríobh ar choirp agus beidh sé ann go deo, ní bheadh siad ábalta é a chreidiúint. Tá na rudaí nascadh le hÉireann cailúil anois agus ceapaim gur athbheochan an ghaeilge cúis le sin.


Ní obríonn an chúrsa ghaeilge sa scoileanna go forleathan an tír seo, tá sé sin tuighte ag gach éinne. Bíonn sé ró acadúil agus cuireann sé brú ar dhaltaí. Conas a chruthaíonn paisean don Ghaeilge i measc daoine óga? Caithfimid a bheith níos nua-aimseartha. An bhfuil na meain soisialta, podchraoltaí agus físean ar TikTok nó Youtube an freagra?

Tá podchraoladh ag Éimear darbh ainm “Outside In”, bhí mé ag tnúth go mór leis an gcomhra seo. Conas atá i gceist le saol an podchraoltóir?


Éimear: Ní raibh daoine ag éísteacht le podchraoltaí nuair a bhí mé ar scoil. Is é an rud a chuir ionadh orm ná aois na daoine a bhíonn ag éisteacht le mo phodchraoladh. Níor chreid mé go raibh daoine i bhfad níos óige ná mise ag éisteacht liomsa agus táim bródúil as sin. Bhí mé ag caint le cailín agus bhí sí seacht mbliana déag d’aois as Corcaigh agus dúirt sí gur aoibhinn léi mo phodchraoladh agus na topaicí a bhí mé ag caint faoi, thuigeann sí iad agus mothaíonn sí iad. Bhí ionadh orm mar nuair a raibh mé an aois sin ní raibh aon duine agam chun éist leis. Bhí gach uile mothúchaín ag dul tríd mo chorp; bród, ionadh,etc. Tuigim go bhfuil rud agam le déanamh, tá orm caint faoi na rudai seo agus ná stop ag caint faoi, mar nuair atá tú 18 go dtí 24 mar shampla, tá gach duine ag dul tríd na rudaí chéanna.


Cé gur duine greannmhar í Éimear labhraíonn sí faoi rudaí tábhachtach agus scanrúil mar shampla OCD (Obsessive Compulsive Disorder) agus PMDD (Premenstrual Dysphoric Disorder). Cruthaigh sí a pobal féin le tacaíocht agus macántacht. Úsaideann sí a guth chun eolas a chur ar dhaoine faoi na topaicí sin, tá siad coitainta go hárithe i measc mná óige. Tá sé soléir domsa go mbeidh Éimear ag cloí le podchraoltóireacht, is ardáín tábhachtach é “Outside In”. Dar liom, is nithe i bhfad níos fearr iad na podchraolta i gcomparáid le cuntasaí Instagram nó Tiktok. Cuireann na réaltaí phodchraoladh iad féin amach sa slí nádúrtha agus dé gnáth labhraíonn siad ar a saol mar atá sé. Cruthaíonn na cruthaitheoirí a bpobail féin le daoine a bhfuil an dearcadh céanna acu.

Dar liom, ba chóir go mbeadh níos mó podchraoltaí gaelach ann ag labhairt faoi réimse leathan ábhair go hoscailte. Tá na meain gaeilge ró-fhoirfe agus saghas glan i mo thuraim agus caithfidh siad a bheith níos fíor agus neamhfhoirmiúil. Cé gur acmhainn iontach é TG4 níl fonn ag daoine óga a bheith ag féachaint ar an dteilifís ar cláranna sean-fhaiseanta. Caithfimid a bheith ag bogadh ar aghaidh leis na treimhse.Caithfidh na meain a bheith níos nua-aimseartha agus macánta. Ba chóir go mbeadh na cruthaitheoirí gaeilge ag caint faoina saol mar atá sé leis an fulaingt agus an rath.


Eimear: Is é mo chuntas Instagram mo chuid 'highlight reel’.Níl aon rud 'sugarcoated’ i mo phodchraoladh. Is é sin an fáth go bhfuil mo phodchraoladh tábhachtach dom ,mura bhfuil mé á dhéanamh, b'fheidir bheinn i mo thioncairí, ceapaim go mbeadh mé ag mothú ciontach ag cur rudaí suas mar níl sé fíor. Fós, mothaím ciontach uaireanta! Nuair nach bhfuil mé ag mothaigh go maith agus mé ag déanamh mo phodchraoladh, is iad sin ,na episodes saghas brónach a bhíonn na mílte dhaoine ag éist leis. Cloisim faoi dhaoine ag caoineadh nuair atá siad ag éisteacht leo. Tá sé scanrúil, níl mé chun a rágo bhfuil sé éasca. Is minic a bhíonn daoine ag rá go raibh maith agat domsa maidir leis mo chuid OCD agus PMDD a chaint faoi. Mothaíonn mo lucht éisteacha i bhfad níos lú uaigneach.


Chun críoch a chur leis an agallamh géarchúiseach sin, bhí sé ar intinn agam an náth cainte is fearr le Éimear a fháil amach. Gan amhras, tosaíodh an cheist sin comhrá eile! Bíonn an bheirt againn in ann caint le ballaí!


Éimear: Is brea liom ‘An Rud is Annamh is Iontach’ (what's seldom is wonderful) mar táimid i gconaí ag iarraidh gach rud a bheith iontach agus ansin bíonn díoma orainn. Caithfidh tú na rudaí beaga sa saol a dhíriú isteach ar mar shampla, ag dul isteach sa cith te, níl mé ‘woo woo’ ach píosa beag. Is iontach an rud go bhfuil cith orm, tá leaba orm, tá an t-ádh orm.Nuair atá tú ag mothú uafásach, b’fheidir níl aon rud ag tharla duit agus tá tú i gconaí ag feachaint ar na rudaí móra agus iontacha. Thosaigh mé an bhliain 2025 chomh sásta, tá obair agam, tá daoine ag fáil tatúnna ,táím ag caint le daoine. Ní raibh Éimear dhá bhliain ó shin ag smaoineamh ar na rudaí beaga.


Nuair atá deireadh ráite, tá an t-ádh orainn. Tá an t-ádh orainn a bheith ábalta ár gcuid teanga a labhairt agus a spreagadh ar bhealaí cruaitheach mar shampla tríd na meain, podchraolta, tatúnna, éadaí, agus go leor rudaí eile. Is gearr gairid an saol agus ba chóir dúinn a bheith cróga agus muiníneach. Má tá tú ag iarraidh aon rud nua a dhéanamh, déan é! Féach ar Éimear, is ní scanrúil é do phodchraoladh féin a thosaigh ach is bhfiú é! Ná bí ag coiméad siar le heagla go mbeadh daoine míshásta, ná bí buartha faoi thuraimí an phobail. Rinne mé féin agus Éimear iarracht gaeilge a chur ar an náth béarla 'Comparison is the thief of joy’ agus tháining muid suas le 'Inár saol, goideann an comparáid ár gcuid aoibhneas‘. Baineann an náth seo le gach gné den saol. Dá mbeadh tú ag iarraidh níos mó gaeilge a labhairt ach níl tú líofa, déan iarracht! Ná cuir duit féin i gcomparáid le daltaí eile. Dá mbeadh fonn ort spórt nua a imirt, ba chóir duit páirt a ghlacadh! B’fheidir bhíodh sé ar intinn agat céim nua a dhéanamh, bhain triail as! Ní gá go mbeadh do shaol mar an gcéanna le gach duine eile. Mar chonclúid, inár saol goideann an comparáid ár gcuid aoibhneas.

Previous
Previous

Quick and Easy Meals for Busy College Students

Next
Next

Authors Hate Him: This writer claims BookTok is ruining Young Adult fiction