Is Casta Beatha an Scoláire

Le Seán Ó hUallacháinIs ar éigean a théann nóiméad tharainn nach mbíonn tagairt de shagas éigint ar an raidió nó ar na meáin shóisialta faoin bpandéim COVID-19. Ní haon ionadh go bhfuilimid go léir tuirseach traochta ag an ráig seo, agus gur mhian linn leanúint ar aghaidh le gnáthchúrsaí an tsaoil. Cé a cheapfadh i lár an earraigh go mbeimid fós ag streachailt leis an rud seo ag tús an fhómhair? Ní amháin sin, ach go mbeadh tionchar na pandéime le feiscint i ngach áit: cúrsaí taistil, saolta sóisialta, liostaí feithimh agus ar uile. Toisc gur fhoilseachán ollscoile is ea an nuachtán seo, caithfimid sracfhéachaint ar an tionchar atá ag an bpandéim ar saolta na mac léinn.Le blianta fada anuas, tuigeann gach mac máthar go bhfuil an córas tithíochta ina phraiseach. Cuir i gcás, i gceann des na tithe lóistín i gCorcaigh bheadh ort €12,000 a chaitheamh in aghaidh na bliana. Chun dul in olcas, ní bhliain iomlán atá i gceist leis an méid san, ach bliain acadúil. Má chuimhníonn tú ar na táillí ollscoile a chosnaíonn thart ar €3,000 in aghaidh na bliana, d’fhéadfá íoc as do chéim ollscoile ina hiomlán leis an €12,000 sin más cúrsa ceithre bliana atá idir lámha agat. Anuas ar sin, má tá an chuid is mó den obair ollscoile ar líne i mbliana, ní bheidh an gá céanna le lóistín a bheith agat gar don gcampas. Beidh tú togha má chónaíonn tú i gCorcaigh, ach más as Ciarraí nó Cill Dara nó pé áit duit, is léir go bhfuil do scéal i bhfad níos deacra.Ní heisceacht í fadhb na tithíochta. Mo léan, bhí an-chuid scoláirí dífhostaithe i rith na pandéime. Bhí roinnt dúinn ag fáil íocaíochtaí éigeandála ach dóibh siúd a bhí gan aon phost ag tús na ráige, scéal níos deacra fós a bhí ann. De ghnáth, bíonn mic léinn ag déanamh amach na CVs ag tús an tsamhraidh, ach i mbliana bhí na siopaí is na tithe tábhairne dúnta, is bhí ré na dífhostaíochta thar n-ais aríst. Chuirfeadh sé an géarchéim eacnamaíochta in 2008 i gcuimhne duit. Ach cá bhfuilimid anois?Beidh sé deacair do mhic léinn dul i dtaithí ar chruth nua an tsaoil san ollscoil, ach cad a déarfá leis mic léinn go bhfuil an bhliain Erasmus curtha ar ceal acu? Ní dóigh gur chinneadh éasca é sin a dhéanamh. Tugadh an rogha do mhic léinn UCC opt-in nó opt-out a dhéanamh maidir leis an mbliain Erasmus. É sin ráite, dá gcuirfeá do bhliain Erasmus ar ceal fiú ó thaobh an chomhairle oifigiúil sláinte de, ní hé sin le rá go mbeifeá lán-sásta é a dhéanamh. Bheartaigh roinnt daoine opt-in a dhéanamh agus dul thar lear i lár na pandéime, bheartaigh daoine eile seimeastar ar líne le UCC a dhéanamh, agus bheartaigh an chuid eile dul díreach isteach go dtí bliain na céime. Samhlaigh é sin, pleananna a bhí ar intinn agat le blianta a chur ar ceal. Scéal diúltach is ea é, ach nach bhfuilimid go léir sa bhád céanna?Tá tionchar na pandéime tar éis dul i bhfeidhm orainn go léir, an t-aon rud le déanamh anois ná fanacht slán, fanacht sláintiúil, agus a bheith cineálta dos na daoine atá timpeall orainn. Ní thiocfaimid slán ón ráig seo gan lámh chúnta a thabhairt dóibh siúd óna bhfuil sé ag teastáil.

Previous
Previous

Comeback Kino: Behind One Of Ireland’s First Reopened Venues

Next
Next

The Theatrical Heart of Cork City Struggles to Come Alive