Áiteanna Aoibhne in Éirinn

Le Orla Leahy

An mbíonn deireadh seachtaine saor agat chun áit nua a fheiceáil anois is arís? An bhfuil suim agat i gcursaí bia in áiteanna áirithe in Éirinn? An dtaitníonn na radharcanna áille a bhíonn le fáil ó bhun go barr na tíre leat? Bhuel, seo alt ag plé leis na háiteanna aoibhne nach mbíonn ach taobh amuigh dár ndoras. Déantar plé chomh maith ar thaisteal go dtí na háiteanna seo, agus moltaí faoi bhia agus gníomhachtaí eile. 


  1. Caisleán na Blarnan

Suite 15 nóiméad amuigh den lár na cathrach i gCorcaigh, is féidir leat bus a thógáil, an uimhir 215, nó tiomáint chuig an caisleán seo. Do na daoine a bhíonn ag tabhairt ar an gcaisleán go minic, is féidir leat pas 6 mhí a cheannach, nó pas bliana amháin. Cé go bhfuil fhios ag gach mac máthar agus iníon athar faoi scéal na cloiche, níl fhios ag an gcuid is mó acu faoin áthas timpeall an talaimh. Tá na gairdíní níos áille ná gairdíní i gcaisleáin eile timpeall na tíre gan dabht. Bíonn meascán bláthanna den chéad scoth ann, tá na crainn sean agus ollmhór, agus tá gairdín speisialta - gairdín nimhe in aice an gcaisleán. Baintear fíor-thaitneamh as an taithí, ag foghlaim rudaí suimiúla faoi na plandaí a mhaireann ansin. Taobh thiar den chaisleán, bíonn an tigh álainn ina sheasamh is romhat é, ag faire ar an éastát. Is féidir leat dul tríd na gairdíní timpeall an caisleán agus an tigh chun an béaloideas a fhoghlaim, as na céimeanna fhonna go dtí an chailleach a mhaireann fós sa chloch. Cuireann an loch chun suntais cé chomh hálainn is atá Caisleán na Blarnan. Tá an áit go hiontach chun siúlóid rómánsach, nó turas do theaghlach a eagrú, nó áit chun síocháin a fháil fiúl. 


  1. Taobh Thall den Daingean

Baile in aice na bhfarraige, caint Gaelainne le cloisteáil, uachtar reoite agus iasc i mbialanna agus i siopaí beaga, báid timpeall an phoirt, cé nach bhfuil spás acu ina gcroíthe don Daingean? Is féidir leat cúpla bhus a thógáil chuig an Daingean, nó an traein go Cill Áirne, agus bus amach ansin. Má bhíonn gluaisteáin agat dó ag do chairde, molaim daoibh turas a dhéanamh taobh thall den Daingean chuig an ráth i nDún Beag ar dtús. Seasann tigh fíor-shean ann, teach a bhí tógtha le cloich, agus is féidir leat dul timpeall an tí agus grianghrafanna as am nuair a bhí daoine ag maireachtáil ann a fheiceáil. Is féidir leat dul isteach ar chostas cúpla euro agus tabharfaidh an t-oibrí bia duit do na gabhair agus do pé ainmhí eile a bhíonn ag siúl timpeall na háite. Tar éis sin, bígí ag tiomáint i dtreo Radharc na mBlascaod, stop ar an Slí an Atlantaigh Fhiáin. Bíonn radharcanna aoibhne ann thar an mbá agus thar na hoileáin chomh maith. Cé go mbíonn costas ard ann chun turas báiid a thabhairt ar an mBlascaod Mór féin, bíonn an teorainn seo mar dheis iontach na hoileáin a fheiceáil agus is iontach an radharc é sin. Molaim do chead seolta don Slí an Atlantaigh Fhiáin a cheannach san Oifig an Phoist sa Daingean chun stampaí do na teorainneacha a rachaidh tú chucu! Is féidir leat dul timpeall ar an ráth a sheasann fós  i nDún Chaoin. I nGleann Fán, beidh deis agat na ‘Beehive Huts’ a fheiceáil agus dul isteach iontu. Is mó an luach ná turas taobh thiar den Daingean!


  1. Cill Mhantáin

Molaim turas beag a thabhairt ar Bhré i gCill Mhantáin, baile beag atá in aice na trá. Bíonn an fharraige fíor-oiriúnach do snámh sa mhaidin chun tosnú an lae nó ag aon am i rith an lae féin. Bíonn roinnt siopaí agus na mbialann ar an gcosán agus molaim daoibh na bialanna is deasa leis na háiléir mar chúlchiste. Bíonn roinnt siúlóid urraithe chomh maith agus táid go hálainn ann chomh maith. Is féidir leat siúl idir Na Clocha Liatha agus Bré agus ar ais chomh maith i gceann cúpla uair, mar shampla. Bíonn an DART agus na busanna éagsúla ag dul idir an baile agus BÁC. 


An rud a bhí is iontaí ab ea an turas chuig an bpáirc i nGleann Dá Loch gan amhras. Fuaireamar bus chuig Gleann Dá Loch as Bré agus bhíomar ann i gceann uair a’ chloig. Tá an pháirc gan a bheith cosúil le haon pháirc eile a bhí mé riamh ann in Éirinn. Is álainn an loch é le meascán éin ag eitilt agus ag snámhán ar an uisce. Is féidir leat suí síos chun na radharcanna thógáil isteach ar feadh cúpla uair, táid chomh hálainn ar fad. Bíonn a lán siúlóidí ann chomh maith chun an pháirc a thaisceáladh. Tá cúpla caifé timpeall na pháirce agus tá siopaí beaga ann, chomh maith Bíonn an mhainistir mar pháirt tábhachtach den chuairt, agus tugtar deis do dhuine dul ar ais trínár stair agus níos mó a fhoghlaim faoi hÉireann trí na haoiseanna is sine. 


  1. Gaillimh

Cé go dtéann an chuid is mó chuig Bóthár na Trá i nGaillimh, áit iontach gan dabht, tá tránna agus áiteanna níos áille san iarthar ná sa thiar de Bóthár na Trá. Molaim turas a thabhairt chuig an Spidéal, áit Ghaeltachta le baile beag. Faightear ciseáin, potaireacht, ealaín agus gach rud eile faoin spéir ann. Tá sé in aice na trá. Bíonn an t-uisce glan agus oiriúnach do shnámh. Má tá suim agat sa shnámh san fharraige, tá Trá na gCeann go deas, chomh maith, idir Bóthar na Trá agus an Spidéal, ach bíonn sé deacair spás páirceála a fháil ansin i rith an tsamhraidh, áfach! Idir Trá na gCeann agus an Spidéal, tá bialann lán le craic agus comhluadar, Pádraicín’s. Faightear gach saghas éisc ann, ina theannta sin. Bíonn Gaillimh éasca ó thaobh taisteal dhe, toisc go mbíonn a lán busanna ag dul tríd go minic. Bíonn na háiteanna álainn seo mar pháirt lárnach den Slí an Atlantaigh Fhiáin. 


  1. An Clár

Le linn na bliana, baintear taitneamh as am a chaitheamh sa Chlár; ag an Leacht, Rinn na Spáinneach, agus Dúlainn. D’aon marcach toinne, bíonn tonnta móra, agus tonnta eile ar fheabhas sna háiteanna sin. Is féidir leat bus a thógáil chuig an Leacht agus Dúlainn, ach bíonn sé níos fearr tiomáint ann má bhíonn tú ag dul chuig Rinn na Spáinneach, chomh maith. Ag Rinn na Spáineach, tá trá chomh haoibhin Tír na nÓg, go mór mór faoi solas na gréine, agus tá an áit saibhir ó thaobh na staire, is féidir leat stair Armáid na Spáinne, agus an óstáin a fhoghlaim. Má bhíonn tú sa chuid sin den Chlár, molaim daoibh béile a bheith agat in Randaddys, sa Leacht, bialann chomhaimseartha le biachlár lán le togha  agus gach bia. Ná déan dearúd go mbíonn na háiteanna seo mar chuid don Shlí an Atlantaigh Fhiáin, chomh maith. 


  1. Páirc an Chrócaigh

D’aon duine le grá don spórt náisiúnta, nó aon tsuim in aon chor sa CLG, molaim turas chuig an Pháirc iontach seo i gcathair BhÁC. Tá sé mar cheann de na páirceanna is mó san Eoraip, tá músaem iontach ann, ag pléascadh le stair an CLG ó dheireadh an naoú haois déag amach. Bhíos gafa leis na leabhair, na grianghrafanna, agus na cuimhneacháin nuair a bhí mé ann. Is maith an t-seirbhís teilifíse chun cluichí ó na seanlaethanta a chur ós comhair na gcuairteoirí. B’é an buaicphointe ná an shiúlóid spéire ar dhian na páirce agus baineadh fíor-thaitneamh as a leithéid sin. Chulamar faoi stair an CLG, agus stair an CLG aón dtreoraí a bhí againn. Bhí na radharcanna thart ar BhÁC den scoth, chuir sé chun suntais tomhas na cathrach dom. Bíonn an turas timpeall na pháirce mar dheis iontach chomh maith chun tábhacht an CLG a thuiscint is a bhlaiseadh i gceart.. Ach i ndáiríre, níl aon rud cosúil le dul chuig cluiche, iománaíocht nó camógaíocht nó peil. Bíonn atmaisfeár agus craic ann gach uair; ar gach páirc in Éirinn, fiú. É sin ráite, bíonn an lá is iontaíi mBÁC ar an lá mór i bPáirc an Chrócaigh. 


Nuair a bhíonn am saor agat ar feadh lá nó dhó nó ag an deireadh seachtaine, bígí ag smaoineamh faoi áit aoibhinn nua a fheiceáil, is mó an rogha atá againn anseo in Éirinn. Chaith mé súil ar roinnt áiteanna áille an uair seo, agus táim dóchasach go mbeidh mo chuid moltaí úsáideach duit. Cé nach mbíonn na busanna ag tarraingt ar gach ceann de na háiteanna sin, fós féin bíonn a lán roghanna againn chun bheith ag taisteal taistil timpeall ár dtíre. 


Previous
Previous

AJ Whelan : “Because I Can” – Local folk artist on finding maturity with his sophomore album

Next
Next

Feeling Jazzy this Weekend? Check Out Persona 5