JAILBREAK ar ais i 2018

Ar an tSathairn beag seo, 10 Márta go dtí an Domhnach 11 Márta tá JAILBREAK, an feachtas tiomsú airgid is mó eagraithe ag mic léinn in Éirinn ar siúil. Beidh 90 foireann, ag teacht ó gach coirnéal den tír, ag leaindeáil i gCaisleán Átha Cliath maidin Shathairn leis an rás go ‘Ceannscríbe X’ a thosú agus iad ag bailiú airgid ríthábhachtach ar son an Chumainn Naomh Uinseann de Phól agus Amnesty Idirnáisiúnta ar an mbealach. An dúshlán a bheas ann dóibh ná gan pingin rua de chuid a n-airgid féin a chaitheamh is iadsan ag taisteal agus an méid airgid gur féidir leo a bhailiú ar son an dá carthanacht le linn na 36 uaire.

Beidh na foirne ag glacadh páirte i miondúshláin le linn na deiridh seachtaine, ag tabhairt aghaidhe ar na feachtais agus ar an obair idir láimh ag an Naomh Uinseann de Phól, Amnesty Idirnáisiúnta agus An Cumann Gaelach, atá ina gcomheagraithe Jailbreak ó 2017.

Toisc gur i lár Seachtaine na Gaeilge 2018 atá muid faoi láthair beidh scileanna Gaeilge agus cultúr na hÉireann á thaispeáint ag na foirne le linn an rása chomh maith.

Tá €40,000 bailithe cheana féin, sula n-imíonn na foirne fiú ag rásaíocht. Téigí ar jailbreakrace.com le hairgead a thabhairt don bhfeachtas agus le dul chun cinn na bhfoirne a fheiceáil le linn na deiridh seachtaine

Previous
Previous

Conspiracy Corner: What is a ‘Leitrim’?

Next
Next

Review: Courtney Peppernell’s Pillow Thoughts