Laethanta saoire na hÉireann

By Lauren Ní Fhloinn De réir dealraimh, tá seachtain bhréa ghrianmhar, sínte siar in aice le linn snámha ar an Costa del Sol neamhdhóchúil do chuid mhaith de mhuintir na hÉireann i mbliana. Toisc srianta an rialtais agus an tréimhse féin-aonrú riachtanach tar éis taisteal thar lear, tá muintir na tíre ag casadh a gcinn ar Éire le haghaidh laethanta saoire an tsamhraidh 2020.Tá na blianta caite agamsa ar saoire in Éirinn agus gan dabht ar bith, bhí na laethanta saoire is deise agam anseo inár dtír ghalánta, spéiriúil féin. Ón nGaeltacht i gConamara, go tránna gléigeala Dún na nGall, go teach feirme mo sheanathair i Loch Garman san oir-dheisceart, áit a mbíonn sé i gconaí grianmhar, tá cuimhní idileacha agam ar na laethanta saoire a chaith mé sa tír seo.Níl aon rud níos deise ná tírdhreach iathghlas, réchnocach na hÉireann. Le tránna gaineamhacha a shíneann ar feadh na mílte gan ach clann nó dhó orthu agus gleannta foscúla, méithe, tá clú agus cáil ar thírdhreach na hÉireann timpeall na cruinne. Agus tá sé ar leac an dorais againne! Níl gá “parlez-vous anglaise?” a rá deich n-uaire in aghaidh an lae nó do shaol a chur i mbaol ag tiomáint ar an taobh eile den bhóthar!Tá sé níos tábhachtaí ná riamh anois chun tacú le gnothaí Éireannacha, agus amhlaidh, le géilleagar na hÉireann. Braitheann cuid mhaith den tír ar na mílte turasóirí eachtrannacha a thagann go hÉireann chuile bhliain chun a airgead a chaitheamh, ach le laghdú ar thurasóireacht idirnáisiúnta caithfimid an bhearna seo a líonadh. 10 áiteanna ar chósta an deiscirt le haghaidh do laethanta saoire i mbliana : 

  1. Cathair Phort Láirge (Waterford City) – Is í seo an chathair is sine in Éirinn. Tá sí beag, bríomhar agus lán le hiarsmaí agus stair. Níl na sléibhte nó an cósta ach turas beag sa ghluaisteán uaithi.

 

  1. Trá Mhór (Tramore) – Tá ainm an bhaile seo tráthúil; tá trá an bhaile iontach fada le gaineamh órga. Tá an Trá Mhór idéalach dóibh siúd atá ag iarraidh campáil nó surfáil a dhéanamh.

 

  1. Eochaill (Youghal) – Ag siúl an clárchosáin ar an trá in Eochaill tráthnóna bréa grianmhar cheapfá gur i ndeisceart na Fraince a raibh tú. Baile saoire ghníomhach cois trá atá ann, agus tá réimse leathan lóistín le fáil sa cheantar.

 

  1. Cloich na Coillte (Clonakilty) – Níl Cloich na Coillte ach uair an chloig ó chathair Chorcaí. Baile aoibhinn, beoga atá i gceist, agus tá Oileán Inse Duine (Inchydoney Island) 10 nóiméad lasmuigh den bhaile. Ceangailte leis an mórthír le cabhsa, tá trá álainn le brat gorm agus ostán ceithre réalt ar an oileán.

 

  1. Scoil (Schull) – Baile lán de bhialanna agus tithe tábhairne, tá cáil ar Scoil mar bhaile saoire Chorcaíoch. Suite ar leithinis Charn Uí Néid (Mizen Head Peninsula) is féidir cuairt a thabhairt ar an bpointe is faide ó dheas ar an mórthír. Níl an baile suite ach 20 nóiméad sa ghluaisteán ó thrá Barleycove, ceann de na tránna is deise sa chontae.

 

  1. Na hAilichí (Allihies) – Suite ar leithinis chreagach Bhéarra (Beara Peninsula) tá na hAilichí gar d’Oileán Baoi (Dursey island). Caitear an t-aon carr cábla in Éirinn, agus an t-aon cheann san Eoraip a théann thar uisce sáile oscailte, a thógaint chun an t-oileán a shroicheadh. Féachann sé cosúil le cófra cistine ar phíosa sreanga ach tá sé ag feidhmiú le breis is 50 bliain!

 

  1. Cathair Dónall (Caherdaniel) – Tá Cathair Dónall ainmnithe i ndiadh Daniel O’Connell, An Fuascailteoir, a tógadh sa cheantar. Is féidir fós cuairt a thabhairt ar a theach agus ar an eastát, atá suite díreach ar thrá álainn Dhoire Fhíonáin (Derrynane).

 

  1. Baile an Sceilg (Ballinskelligs) – Baile aoibhinn eile is ea Baile an Sceilg ar chósta dochreidte Ciarraí. Ní féidir cuairt a thabhairt ar Sceilg Mhicíl i mbliana ach is féidir súil a chaitheamh uirthi ón mórthír agus cuairt a thabhairt ar Dhairbhre (Valentia Island), oileán álainn eile sa cheantar.

 

  1. An Daingean (Dingle) – Ceann de na bailte saoire is cáiliúla in Éirinn, níl easpa gníomhaíochtaí sa cheantar, ó thra Fhionntrá (Ventry), go Cnoc Bréanainn (Mount Brandon), go siopa uachtar reoite Murphy’s!

 

  1. Dún Chaoin (Dunquin) – Má tá fonn ort do chuid Gaelainne a úsáid, caitear turasóirí an Daingin a fhágaint taobh thiar duit agus do cheann a chasadh ar Ghaeltacht Dhún Chaoin. Tá sé suite ar Cheann Sléibhe (Slea Head). Lúbann an bóthar timpeall an chósta le radhairc spéiriúla de Shlí an Atlantaigh Fhiáin (Wild Atlantic Way). Tá cuainní beaga órga neadaithe isteach sa chósta ar an slí.

 

Previous
Previous

Professor O’Shea announces his retirement as President of UCC

Next
Next

ESB found negligent over flooding at UCC in 2009