Léirmheas Leabhair: Thirty-Two Words for Field
A Scríobhann Lauren Ní FhloinnFuaireas an leabhar “Thirty-Two Words for Field” le Manchán Magan don Nollaig (foilsithe ag Gill Books) agus bhíos ar bís chun é a léamh. Leabhar a phléann le saibhreas agus draíocht na teanga Ghaelainne atá ann, mar is léir ón teideal. Le clúdach crua faoi bhrat ealaíne Steve Doogan, is leabhar fíor mhealltach é, agus tá paisean ‘s gean an údair don teanga le brath i ngach uile líne, is ar gach uile leathanch. Is scríbheoir é Magan, a bhfuil na scórtha cláracha fáisnéise léirithe aige do TG4, RTÉ agus cainéalacha teilifíse eile. Tá roinnt mhaith leabhair foilsithe aige cheana féin, trí Bhéarla is trí Ghaeilge araon. Scríofa trí Bhéarla, chinntigh Magan go mbeadh idir Ghaeilgeoirí is Bhéarlóirí in ann sult a bhaint as an leabhar. Sin ráite amhlaidh, bhí sé spéisiúil dom feiscint cé mhéad focal do “field” a bhí ar eolas agam (ní raibh ach cúig chinn luaite sa leabhar cloiste cheana féin agam!) Deis iontach í chun fairsingiú a dhéanamh ar do réimse foclóra. Tá cló mór sa leabhar mar aon le pictiúirí áille ag tús na gcaibidilí éagsúla. Ach ní leabhar foclóra amháin atá i gceist leis, i ndáiríre faightear samhail iltaobhaí den teanga. Tá caibidilí a dhéileálann leis na cosúlachtaí idir an Ghaeilainn agus teangacha eile an domhain, agus tá caibidilí eile inar pléitear stair na teanga agus ina taispeántar macalla na Sean Ghaeilge sa Nua-Ghaeilge. Bhraith mé féin, cé nach raibh cur amach ar bith agam ar an Sean Ghaeilge, faoi dhraíocht an teanga aisteach seo, a bhí chomh cosúil, ‘s ag an am céanna, chomh difriúil, do mo theanga fhéin. Tá rian láidir an bhéaloidis le feiceáil sa leabhar chomh maith, agus léirítear dúinn go bhfuil snáithín an seanchais ársa, amhra seo, fite fuaite sa Ghaeilge a labhraítear sa lá atá inniu ann. Le súil ghéar is féidir díchódú a dhéanamh ar rúin, stair ‘s scéalta na tíre, tríd an teanga. Tugann sé tuiscint níos fearr dúinn orainn féin, ar ár ndúchas, ar ár n oidhreacht agus ar ár sinsir. Caithfidh mé árd-mholadh a thabhairt don leabhar seo. Cheapas go raibh saibhreas teanga faoi leith bainte amach agam sa Ghaelainn, gur thuig mé cárbh as dom agus cárbh as don teanga, ach tuigim anois go bhfuil an-chuid fós le foghlaim agam, ní hamháin ó thaobh an fhoclóra de, ach ó thaobh fréamhacha deimhne na Gaeilge a sníonn siar trí stair na tíre seo ar feadh na míllte blianta, ag cruthú nasc daingean, dobhriste idir sinne agus muintir na hÉireann sna hamanna atá imithe thart. Braithim níos ceangailte ná riamh leis an teanga, leis an talamh seo agus leis an bpobal Gaelainne.