Maorlathas an C.L.G le feiscint aríst

Ní fada ó shin go raibh an t-uafás plé faoi Liam Miller agus an cluiche a bheadh sa tsiúl ina onóir. Tá fhios ag gach éinne go raibh cur agus cúiteamh forleathan ar fud na tíre faoi ionad: Crois an Tornóra nó Páirc Uí Chaoimh. Ba mhó an cuthach a bhí le brath, go háirithe ar na meáin shóisialta. Bheadh muintir phoiblí den tuairim go raibh cuma fíor-chasta ar an scéal agus gur cinneadh an-tromchúiseach ab ea é. Measaim go bhfuil sé éasca iniúchadh a dhéanamh ar an chonspóid áirithe seo.I dtús baire, ní dóigh liom go raibh socruithe go huile is go hiomlán i gceart ón tús. B’imreoir idirnáisiúnta é Liam Miller a dhein a dhícheall chun daoine óga timpeall na tíre a spreagadh chun imeartha. Ina theannta sin, ba iarrbhall den fhoireann cáiliúla Manchain Aontaithe é agus d’imir sé ról lárnach fé stiúr Roy Keane ag Sunderland. Mar sin, bunaithe ar an oidhreacht atá aige, bheifeá ag ceapadh go mbeadh níos mó ná seacht mhíle tacadóirí ag freastal ar an gcluiche seo. Níl ach mion-thuiscint ar éileamh agus fail ag teastáil chun é sin a thabhairt faoi ndeara. Ba léir go raibh feidhm ag rud éigint diúltach.Ó thosnaíos ag imirt caide agus iomána, bhíos lánchinnte go raibh na freamhacha den Chumann Luthchléas Gael bunaithe ar chomhoibriú agus obair dheonach. Bíonn sé seo le feiceáil i rith an tsamhraidh nuair a bhíonn an t-aos óg ach go háirithe ag foghlaim scileanna nua ó iar-imreoirí dá gcumann áitiúil féin. Sin ráite, is deacair a shamhlú nach bhfuil réiteach faighte ar an ndiúltachas atá idir an C.L.G agus na cluichí Gallda go dti seo. Is mó an tionchar a bhí ag riail 42 ar an dteannas seo. Chuir sé cosc ar bhaill an chumainn aon bhaint ar chor ar bith a bheith acu le himirt na gcluichí Gallda. An bhfuil gnéithe den riail chun tosaigh sa lá atá inniú ann?Chomh maith leis sin, ní foláir dom a rá cé chomh míréasúnta is a bhíonn na húdaráis C.L.G ó am go chéile. Bíonn neamhréir le bhfeiscint go mion minic ó thaobh dlithe agus rialacha de. Mar shampla, maidir le riail 5.1 a diríonn ar chearta sealúchais, ba as sin a shíolraigh na deacrachtaí is mó. B’é croí na conspóide i mo thuairimse. Miníonn an riail go mbíonn cead tugtha chomh fada is nach dtéann an ócáid i gcoinne cuspóirí na heagraíochta. Chomh luath go raibh an ócáid luaite mar ‘chluiche carthanachta’, ba cheart go mbeadh sé imeartha i bPáirc Uí Chaoimh. Ba léir don Saol Fodlach gur eisceacht den riail ab ea é. Mar a dúirt an t-abhcóidí Joe Brolly: “Rule 5.1 allows property to be used so long as it doesn’t conflict with the objectives or aims of the association and all we have to do is characterise this for what it is, a charity event”.Mar fhocail scoir, de ghnáth bíonn cúrsaí airgeadais, an pholaitíocht agus an dlí fite fuaite le is na cinntí conspóideacha cosúil le seo. Nuair a bheidh gach rud ráite agus moilleadóireacht an C.L.G críochnaithe (Le cúnamh Dé!), ag deireadh an lae ‘sé lá cuimhneacháin atá i gceist. Imreoidh laochra cosúil le Ryan Giggs, Rio Ferdinand, Denis Irwin agus Roy Keane chun cúpla a ainmniú chun airgead a bhailiú ar mhaitheas a bhean chéile, a chlann agus gan amhras an sciúirse leanúnach atá ann: Ailse. Ná déanaimis dearmad ar san.Beidh deis ag an Saol Fódlach an cluiche a fheiscint ar an gcúigiú lá is fiche de Mheán Fómhair ar Virgin Media Sport.

Previous
Previous

Tiger Earns his Stripes: The Life and Times of Golf’s Greatest

Next
Next

S.U - Time To Improve?