Mé féin is an tumoideachas

Séard is brí leis an tumoideachas ná oideachas a chur ort i dteanga éagsúil ó theanga ofiigiúl de do thír. I’m chás féin, d’fhreastlaíos ar Ghaelscoileanna, ó a rabhas ceithre bhliain d’aois, go dtí go raibh m’Ardteist cuirthe i gcríoch agam. Ní fheadfainn a rá gur thaitin sé liom an t-am ar fad, mar ní bheinn ach ag cruthú íomha idéalach is falsa. Ó am go chéile, bhíos feargach lem thuistí, gur theastaigh uathu an bealach oideachasúil seo a leanúint, gan ceadúnas a fháil uaimse, an páiste de ceithre bhliain d’aois, nach raibh in ann a hainm féin fiú a scríobh. Fuaireas amach le deanaí gur sheoladar mé ar gaelscoil de bharr gurb é an scoil ba chóngairí dúinn, ní mar gur rabhadar Gaeilgóirí paiseanta - foirfe. An pian sin go léir all to do with cúiseanna geografach.Eascraíonn an tromlach de mo chuid cuimhní is seoige as an bhfíric go rabhas ag freastal ar Ghaelscoil. Ní raibh faic níos sceitimíneach ná tráthnóna Dé hAoine i nGaelscoil Uí Ríordáin, mo bhunscoil. Chuile seachain, bronnadh an duais “Cainteoir na Seachtaine” ar dalta i chuile rang. Fuair an buaiteoir an deis dul thíos chuig Oifig Gabriel, an príomhoide, agus a bheith á plé leis thar an idircom. Ó a thiarthas, ní raibh faic faoin spéir a mbeadh in ann do shaol a mhilleadh agus tú tar éis a bheith ag caint, le Gabriel, ar an idircom. Anuas ar sin, bronnadh teastas ar Cainteoir na Seachtaine agus fuaireadar corn le coiméad ar faidh na deireadh seachtaine. Agus ní chuireadh stop leis an gcraic ansin, ó no! Fuair tú pas Obair Bhaile Saor, and I’m telling you, ní bheadh aon rud níos fearr ná an pas sin a úsáid cibé oíche a theastaigh uait.Ní fhada a mhair an cóisir nuair a thosnaigh mé sa mhéanscoil agus bhuaileas le coincheap nua - Coiméad. Ó a bheith ag spalpadh Béarla taobh thiar de dhroimeanna na múinteoirí, an leabhar déarg do choiméad. An leabhar sin, a thiarthas, an leabhar a raibh níos scanrúil ná Trump ag buachaint an toghchán. Is cuimhin liom ar nós gur inné a tharla sé - Iníon Ní Chonaill, leas múinteoir i bhfeighil ar an meanscoil a d’fhreastlaíos Gaelcholáiste Choilm. Bíodh sí de shíor ag slíbhín mórthimpeall na scoile ag iarraidh duine ar bith a chuir sa leabhar coiméad dearg sin. Tharla coiméad chuile am lóin tráthnóna Dé hAoine i G6, ar na tarna úrlár den Gaelcholáiste. Seomra bréa geal le radharc aoibheann ar Astroturf na scoile. Foirfe is idéalach nach ea? Táimse féin ceann des na daoine a raibh t-adh an domhain acu. Níor chuireadh m’ainm riamh sa leabhar coiméad - scil a oireann don CV! Sampla is ea é an Matamatic Ardléibheal don Ardteist do rud a mba chóir go mbeadh mídhleathach. Taobh liom.Molaim an tumoideachas go hard, go huile agus go hiomlán. I ndairire, nuair a thosnaigh mé i UCC, thóg sé roinnt am dom dul i dtaithí ar a bheith ag freastal ar leachtanna trí Bhéarla. Bhíos comh sáite sin sa tumoideachas nár thugas faoi deara cé comh eagsúil is atá sé. Níl teorann leis na buntaistí a ghabhann leis an tumoideachas agus ní bheidh an rogha ag mo pháistí ach le freastal ar scoil iltheangach!

Previous
Previous

Derby Defeat for UCC

Next
Next

Avocados - Editorial By Lauren Mulvihill