Moltaí na Nollag - cad ba cheart duit ceannach?  

A scríobhann Édith de Faoite, Eagarthóir GaeilgeTá aimsir na Nollag ag druidim linn agus, faoi dheireadh, tá an bhliain ag teacht chun críche. Má tá sibhse cosúil liomsa, tá rud amháin ag dó na geirbe agaibh faoi láthair (cé is moite den obair choláiste) - agus is é an rud sin ná bronntanais Nollag. Tá an t-ádh liom go bhfuil clann mhór agam, ach amháin nuair atá mé ag iarraidh bronntanais dheasa, oirúnacha a cheannach do chúigear deirfiúracha agus deartháir amháin. Nílim ag magadh. De bharr é seo tá taithí agam ar na háiteanna leis na bronntanais is deise agus saoire. Tá mé anseo chun lámh chúnta a thabhairt duit agus na bronntanais is deise a thaispeáint duit a bheadh oiriúnach do na Gaeilgóirí i do shaol. Fiú muna bhfuil ach cúpla focal acu, is deas tacú leis na gnólachtaí beaga ar an liosta seo, go háirithe i mbliana toisc go bhfuil siad ag streachailt níos mó ná riamh. 

  1. DeBúrca Designs 

Is ealaíontóir álainn í Orlaith de Búrca as Contae Luimnigh. Cé go bhfuil sí fós san ollscoil, tá suíomh iontach aici agus tá réimse leathan táirgí ar fáil ann - priontaí, fáinní eochracha, málaí, greamáin agus a lán eile is liosta le háireamh. Molaim na fáinní eochracha go láidir, tá ceann agam le ‘is fearr Gaeilge bhriste na Béarla cliste’ scríte air. Chomh maith le sin, is osclóir buidéal é fresin, más rud é go bhfuil sé sin mealltach duit. 

  1. Enibas 

Is comhlacht beag é Enibas a dhéanann seodra. Bhunaigh bean as an nGearmáin, Sabine Lenz an gnó thart ar fiche bliain ó shin. Bunaithe i Scoil, in iarthar Corcaí, táirgeann siad seodra fhíneálta. Tá go leor réimse seodra acu, ach tá roinnt mhaith réimse acu bunaithe ar an nGaeilge. Is é an réimse is fearr liom ná an réimse ‘Croí Álainn’. Is féidir seodra de gach saghas leis an inscríbhinn dheas sin a fháil agus bheinn breá sástá más rud é go raibh sé sin faoin gcrann dom ar Lá Nollag. 

  1. Design Wright 

Is siopa ealaíne eile é seo a tharraingíonn m’aird go minic ar líne. Ealaíontóir ó Chontae Dhún na nGall í agus tá an-chuid píosaí aici trí Ghaeilge. B’fhéidir go bhfuil aithne agaibh ar a cuid oibre de bharr an prionta a chuaigh timpeall na hidirlíne leis an Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn agus a madraí nuair a fuair Síoda bás (lá dorcha inár saolta). Seachas an prionta sin tá neart eile le manaí as Gaeilge orthu. Bheinn, go pearsanta, sa tóir ar an gceannsícideileach le ‘good fadhbhs only’ air. Nó b’fhéidir an ceann le ‘go tobann’ air chun athchuimhne a thabhairt duit ar do ranganna Gaeilge sa mheánscoil? 

  1. Clodafoto 

Mar dhuine a chaitheann an iomarca ama ar Etsy, is féidir liom a rá go hionraic go bhfuil Clodafoto ar cheann de na leathanaigh Etsy is fearr liom. Más rud é go n-éisteann tú leis an bpodchraoladh ‘Motherfoclóir’, seans go bhfuil aithne ar Clodagh mar bíonn sí ag caint air go minic. Tháinig mé uirthi ar Twitter agus, ó sin, tháinig mé ar a siopa Etsy. Tá greamáin agus priontaí aici, agus tá siad go léir trí Ghaeilge. Mholfainn na priontaí le manaí ionspráideacha daoibh, is cinnte go bhfuil siad de dhíth orainn go léir i láthair na huaire. 

  1. A Ghost in the Throat 

Faoi dheireadh, táim chun moladh a thabhairt daoibh maidir leis na léitheoirí i do shaolta. Is é seo leabhar ó Dhoireann Ní Ghríofa a leanann an t-údar agus bean eile darbh ainm Eibhlín Dubh Ní Chonaill. Más rud é go bhfuil tú i do léitheoir rialta ar an roinn Gaeilge, seans go bhfuil fhios agat go dtaitníonn scéal Eibhlín Dubh liom. Is leabhar iontach é agus tá an Ghaeilge fite fuaite tríd an leabhair. Is bronntanas iontach é d’éinne atá ag iarraidh an Ghaeilge a phiocadh suas nó d’éinne atá ag filleadh ar an teanga athuair. Tá súil agam go gcabhróidh na moltaí seo libh agus sibh ag dul i mbun siopadóireachta do chlann agus do do chairde. Mura mbeadh ann ach é sin, tá smaointí ag mo chlann faoi cad a cheart dóibh ceannach dom! Gan a bheith ró leamh, tuigim go mbeidh an Nollaig seo éagsúil dúinn go léir, ach beidh deis againn é a cheiliúradh i gceart an bhliain seo chugainn (le cúnamh Dé). Beidh mé fein ag iarraidh roinnt de na deasghnátha céanna a chleachtadh ionas go mbeidh sé mar an gcéanna i slite áirithe. Beannachtaí na Nollag oraibh go léir. Mar is ghnáth, go raibh míle as léamh mo chuid scríbhneoireachta agus má tá fonn ort obair liom, déan teangmháil ag gaeilge@uccexpress.ie

Previous
Previous

The Taste of Christmas: Tradition and Time Together

Next
Next

We Need To Talk About The Trans ‘Debate’