Níl aon spreagadh an Ghaeilge a labhairt a thuilleadh

Bhíos suite i Starbucks an lá eile, cupán tae le m'áis agus mé ag glacadh m'anáil idir mo léachtaí. Bhí mé go huile is go hiomlán caitheadh amach i nidadh an lae, suite i measc an slua. Ghlac triúr gasúr an bord taobh liom, iad i mbun cainte agus ag gáire ar ard a gcinn is a ngutha ar nós buachaillí scoile. An Ghaeilge a bhí á phlé acu, teanga na tíre seo againne, agus is ábhar díospóireachta a dtuairmí. Cogar, ní raibh mé ach cúléisteacht lena gcomhrá - is annamh a bíonn mórán suime agam i caint na mboc - ach bhíodar glórmhar a dhóthain. Agus, is oth liom a rá, ag labhairt na fírinne atáim nuair a deirim gur chuir siad fearg orm. "Would you believe I can barely remember a word of Irish! Oh, 'An bhfuil cead agam dul amach go dtí an leithreas', that's about it!" Arsa ceann acu, ag miongháire lena chairde.Gan dabht, níor cheapais féin go raibh faic na fríde barrúil, agus bhíos i ndrochghiúmar i ndiadh an lóin. Feictear dom nach bhfuil púinn spreagadh ar na saolta seo an Ghaeilge a úsáid lasmuigh den seomra ranga. Is cuma más féidir leat an Ghaeilge a labhairt: níl gríosú ar bith ar fáil.Is Gaeilgeoir mé ach níl faic á’m spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid i mo shaol, m'oideachas nó fiú mo phost. Ní mór dúinn plean a chur i bhfeidhm ina dtír a gcuirfead an Ghaeilge chun cinn - pá níos airde, lacáistí, is cuma. Aon rud. Teanga arsa, stáiriúil, le ceann de na traidisiúin litríochta is saibhre san Eoraip, is ea í an Ghaeilge. Samhlaigh muintir na Fraince nó na Gearmáine ag caitheamh a dteanga dúchais ar leathaobh sráide. Níl ciall ar bith leis. Mar san, cén fáth, i ndiadh ceithre bliana déag a caitheamh ag foghlaim na Gaelainne, níl ach 'cúpla focail' ag formhór na ndaoine. Bliain i ndiaidh bliana tagann leathchéad míle dalta amach as na scoileanna agus i ndiaidh coicíse ní bhíonn a dtromlach in ann muga tae i Starbucks a ordú as Gaeilge. D'fhéadfaidís, i rith na hArdteiste, alt a scríobh fén gcóras oideachais, fén dtoghcháin thar sáile nó fén mBreatimeacht, ach níl cumas cainte acu. Nach bhfuil rud éigin as alt?Is féidir linn an córas oideachais a phlé go deo na ndeoir, ach ní iompróidh sé an mhóin abhaile. Is séan-scéal le meirg air go bhfuil ár gcóras oideachais briste. Ní gá ach éisteach le gasúir ar fud na tíre, lena gcúpla focal. Anois, ba chóir dúinn a bheith réamhghníomhach, agus stad na Gaelainne a shábháil ó phlobaireacht an pháiste scoile. Tá seilf-ré na Gaeilge nach mór caite, agus ní mór dúinn rud a dhéanamh. Nach ceart go mbeadh muintir na hÉireann in ann fiú cupán tae a ordú trí Ghaeilge le bród?

Previous
Previous

Sports Law Clinic Launched

Next
Next

Mixed Fortunes for UCC Tennis