Ó Bhéal na mBan

Le Eagarthóir Gaeilge - Caitríona O'ConnellGrúpa banfhillí atá i gceist le Ó Bhéal na mBan agus iad ag scríobh trí mheán na Ghaoluinne. Thosnaíodh an grúpa i 2021 agus d’éagraíodar roinnt imeachtaí le haghaidh Poetry Day Ireland 2021. Tá rudaí nua ag teacht uathu go luath, coimeádaigí súil amach dóibh! Tiarnaí Teanga Le Aimée Ní ChonaingIs muidne tiarnaí na teanga,Cailleach ana clabarachta.Tagann ár ndraíocht ó tobar na bhfocail.Tríd na glúinte,Trasna na gaoithe,Ár sinséir ag cogair linne.Is linne í,Ta sé grannta inár gcroíche,Stroiceann muid iad in airde daoibhse.Ní chaithim mo scéalín ar sciathán mo gheansaí,Ach ar leathnaigh bána macánta,Na línte ag cothú mo ruin ar nós cairde.Chan dubh agus bán amháin,Tá míniú eile le haimsiú i dtobair m’fhocla domhain.Comhrá faoi cheilt,Na cogair atá againn.Nuair a mhúchann na soilse‘S muid inár luí.Míníonn an pheann pian an cheann,Agus cruthaíonn sé ealaíon álainn as. Is muidne tiarnaí na teanga,Is linne na focail ar ár leathanaigh bána.  Dánta GailfLe Ava Ní LoinsighBíonn laethannta ann gur mhaith liom na leabhair sa leabharlann uillig a léamh, An domhain a iniúchadh ó gach aon taobh, Ba mhaith liom mo shaol a ciatheamh le gach duine is brea liom, De bheith ag labhairt ‘s ag éisteacht, ag damhsa ‘s ag canadh (go donna), go deo, Go mbeadh na daoine sin i gcónaí beo, Ba mhaith liom gach duine agus rud a shábháil, na daoine breoite uaigneach nó bocht,Na ghéarchéime uillig a réiteach, maireachtáil gan locht, Ba mhaith liom gach teanga a labhairt, na teangacha comharthaíochta leo, Iontas ar an saol laethúil, is féidir le gach cineál aimsire a bheith álainn an ghrian ag gobadh amach as ceoEispéiris mhóra agus beaga. Ba mhaith liom é a dhéanamh ar fadIs é mo shólás amháin san fhoirm mharfach seo, agus b’fhéidir nach mbeadh am agam gach rud a dhéanamh, ná go bhfuil fhios agam …Níor theastaigh uaim riamh in aon corr a bheith bainteach le galf! BláthscaoileadhLe Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní BheoláinSíol beag nár gineadhGníomh breá nár deineadhNó beatha a coscadhLe frithghinniúint shaor.Nuair a scaoiltear an bláthNuair a leathann an fhuilNí haon chúis ghoil íNár gineadh an ghin.Mar nár chailleamair aon rudDhiúltaíomair deisTiocfaidh ceann eileIs bláth eile leis. Todhchaí ár dTeangaLe Caitríona Ní Chonaill Traidisiún ag fáil bás bagrach brónach Faoi bhrú from the new,Teicneolaíocht ag tabhairt buama ama don teanga,Caifear coimed suas leis an seafóid sealadachThe loquacious lies we tell ourselves,“I’d love to learn the language, but I don’t have the time”,“I’m not fully líofa ,it doesn’t feel like mine”A swirling cesspit of cacamais agus crá croí!This is our native language and it belongs to you and me!I refuse to let my teanga dúchais die,Because some of ye were too scared to try.Use your cúpla focail, don’t fuss over an urú.“Nobody speaks it anyway” , Well we could start with me and you.Cabhraigh le do chultúr, shur g’wan give it a go,Úsáid do chuid Ghaoluinne agus úsáid é le bród.“You don’t use it, you lose it”, it’s an awful price to pay.Is linn go léir an Ghaeilge agus is féidir é.

Previous
Previous

Bystander Intervention in the Workplace

Next
Next

The Women Shaping Ireland’s Food and Beverage Industry