Oileán Iathghlas sa Mhuir Chairib

A Scríobhann Édith de Faoite, Eagarthóir GaeilgeTá oileán ina bhfuil an bandia Ériú agus cláirseach ar an mbratach, stampáiltear íomhá de sheamróg ar phasanna na dturasóirí a thagann ar saoire ann agus bíonn mórshiúlta gach bliain ar an 17ú lá de mhí na Márta. Níl an oileán seo ar mhór-roinn na hEorpa, áfach. Tá an oiléan seo lonnaithe sa Mhuir Chairib, beagnach 7000 gciliméadar ó hoileán na hÉireann. Ar oileán Montserrat tá sráidbhailte le hainmneacha cosúil le le Cionn tSáille, Naomh Pádraig agus Cnoc Chorcaí. Tá sé ar cheann de na háiteanna fágtha faoi réim na Breataine agus sin é an fáth go bhfuil caidreamh idir an oileán bolcánach seo agus Éireann.Cuireadh tús leis an nasc stairiúil seo chomh luath le 1632, nuair a choilínigh Éireannaigh ó Shan Críostóir Nimbheas (oileán eile cóngarach do Montserrat) an oileán. Go luath ina dhiaidh sin, thóg na Bríotanaigh Montserrat dóibh féin. Thosaigh na Bríotanaigh ag tógaint daoine ón Afraic fho-Shahárach mar sclábhaí. Bhí roinnt de na hÉireannaigh ann tagtha ó Mheiriceá agus roinnt eile seolta ann mar phriosúnaigh. D’oibrigh na daoine geala bochta seo mar shearbhóntaí do lucht an rachmais ar an oileán.Bhí tromlach na daoine geala ar an oileán de bhunadh na hÉireann agus, mar sin, bhí an Ghaeilge in úsáid ar Montserrat ón am go raibh na chéad Éireannaigh ann. Sa daonáireamh i 1678, dúirt 70% de na daoine ar an oileán go raibh siad tagtha ó hÉireann. Bhí an grúpa seo déanta suas de hÉireannaigh bochta don chuid is mó, a díbríodh óna n-áit dúchais i rith tréimse Chromail. Tá seans go raibh na daoine seo chomh feargach sin faoi an slí ina caitear leo, go raibh siad diongbháilte an Ghaeilge a labhairt agus a chaomhnú. Ní raibh an Ghaeilge in úsáid ag na hÉireannaigh amháin, áfach. Tá sé taifeadta go raibh gach éinne ar an oileán, idir na daoine geala agus na daoine gorma, ag úsáid an Ghaeilge.Tá scéalta éagsúla ag baint leis an gcaidreamh idir an dá ghrúpa. Deirtear go réitigh na sclábhaí agus na searbhóntaí go maith lena chéile, ach ní hamhlaidh is a raibh sé do lucht an rachmais agus na sclábhaí (na húinéirí talúin agus na huaisle). Chaith na húinéirí sclábhaithe go huafáiseach leis na sclábhaí, ag glacadh páirte sna gníomhartha mídhaonnachtúil chéanna atá ar eolas againn ó háiteanna eile ar fud an domhain. Ach bhí imeascadh idir na daoine san íseal aicme agus thosaigh siad ag pósadh agus ag tógail clainne. Bhí an Ghaeilge in úsáid go rialta sa phobal seo agus lean siad ag caint trí mheán na Gaeilge le fada, le tuairiscí ag lua úsáid na Gaeilge chomh déanach le 1902 nuair a thug Éireannach cuairt ar an oileán agus labhraíodh trí Ghaeilge leis. Tuariscíodh go muintir ísealaicmeach i gcónaí ag labhairt as Gaeilge nó bhí siad ag labhairt as Béarla le blas sainiúil Éireannach.Bíonn ceiliúradh ollmhór ar oileán Montserrat gach bliain ar an 17ú lá de mhí na Márta. Thosaigh an traidisiún i mbaile darbh ainm ‘Naomh Pádraig’ mar ómas don fear a thug dúinn ainm na háite agus, diadh ar ndiadh, d’éirigh an traidisiún níos láidre le himeacht na bliana. Tugadh stádas oifigiúil do Lá Fhéile Pádraig sa bhliain 1985 agus is lá saoire é ar an oileán anois. Dar ndóigh tugann sé nod don oidhreacht Ghaelach atá ag an-chuid daoine ar an oileán beag, ach freisin comórann sé éirí amach a bhí ag na sclábhaí ar Montserrat i 1768. Sa slí sin is ceiliúradh atá tagtha ó thradisiún na hÉireann, ach tá sé tábhachtach do mhuintir Montserrat do chúiseanna eile. Ar lá na scléipe, bíonn muintir an t-oileán gléasta suas sna héadaí traidisiúnta, éadaí le glas, oráiste agus bán. Tugann an glas ag tagairt don Afraic agus tá na dathanna le chéile ag tagairt don cultúr Ghaelach faoi leith atá ar an oileán.Cé nach bhfuil an Ghaeilge in úsáid a thuilleadh ar Montserrat, fós tá tuairiscí go bhfuil blas Éireannach ag roinnt de na daoine agus tá righin na Gaelinne fós le cloisteáil sa slí ina labhraíonn na dúchasaigh. Fós tá focail ar iasacht ón nGaeilge in úsáid ann. Tá an cultúr Gaelach fite fuaite le cultúr na háite, tá an cultúr píosa cosúil leis an gcultúr atá againn ach, i ndáiríre, tá sé go hiomlán éagsúil mar bhaineann sé le muintir Montserrat. Is deas an smaoineamh go bhfuil ceangailt chomh doimhin sin againn le hoiléan atá i bhfad uainn.

Previous
Previous

An A-Z of Dietary Supplements

Next
Next

“A calm, fun space to talk about sex” – An Interview with Dr. Caroline West of the Glow West Podcast