‘Pop Up Gaeltachtaí’ ag ‘Popping up’

Mar atá atá cloiste againn leis na blinata beaga anuas go bhfuil Gaeltachtaí na tíre seo ag dul i mea agus nach bhfuileadar ag treisiú fé mar a mba cheart dóibh. Is iad Osgur agus  Peadar , bunnaitheoirí agus cruthaireoirí an togra, ag iarraidh an dearcadh sin a scroiseadh. Tar éis dóibh an smaoineamh a fháil chun Pop-Up Gaeltacht a bhunú uair sa mhí, táthar tar éis dhá Pop-Up Gaetacht a oscailt ar faidh na hoíche i dteach tabhairne eagsúla i lár cathair Baile Átha Cliath.Suite i gcúige nach bhfuil fiú Gaeltacht ar bith, bheartaíodar na Gaeltachtaí seo a chuir i gcríoch mór thimpeall na cathrach. Buailaid le chéile go míosúil chun caint craic agus comhrá a bheith acu, trí mhéan na Gaeilge. Úsaidtear a gcuntas Twitter agus Facebook chun a nimeachtaí a scaipeadh agus fuadar a chruthú roimh don Gaeltacht a oscailt. Luaigh Peadar liom go rabh “cloiste againn (Peadar agus Osgur) go minic sna meáin chumarsáide gur cur amu ama agus airgid í an Ghaeilge agus nach bhfuil sí le clos in aon áit. Bhí a fhios againn nárbh fíor sin, ach go raibh muintir na teanga b'fhéidir scoite amach ón bpobal i gcoitinne agus i bhfolach i bhfoirgnimh éagsúla. Bhíomar ag iarraidh sort "takeover" de bheár "Béarla" a dhéanamh agus pobal na Gaeilge a mhealladh amach”.Cruthaíonn na Gaeltachtaí seo spriod na Gaeltachtaí in áit nach mbeadh Gaeilge cloiste go rímhinic nó nach mbeadh an cultúr tipiciúl Éireannach ar fáil. Neartaíonn siad an Ghaeilge agus ár deis í a úsáid go héasca. Spreagann siad daoine nach bhfuil Gaeilge acu ar a dtoil nó go dteastaíonn uathu a gcúpla focal a chleactadh “Is turgnamhaíocht atá i gceist anseo”, a luaigh Peadar. Táimid ag iarraidh breathnú ar pé tréithe a éiríonn as an gcéad cupla Pop Up Gaeltacht. Is oíche amuigh í Pop Up Gaeltacht do mhuintir na Gaeilge i láthair amháin. Roghnaítear teach tabhairne nach mbíonn ócáidí gaelacha ann de ghnáth agus cruinníonn pobal na Gaeilge ann ar an oíche. Níl aon rialacha, níl aon siamsaíocht eagraithe. Is oíche don phobal í, agus tarlaíonn pé rud ar mian leis an bpobal.” Ní hé an ócáid féin amháin a mbíonn an craic, ach ar a leathanach Facebook, agus a gcuntas Twitter @PopUpGael,  áit ina spreagann Peadar agus Osgur ár dteanga i mbealach beomhar, anamach.Bunáitear Pop Up Gaeltacht eile i Nua Eabhrac ach maidir leis na Pop Up Gaeltachtaí taobh amuigh den phríomhchathair. De dheasca easpa foinsí, ní bheadh an beirt in ann Pop Up Gaeltachtaí a fhorbairt mór thimpeall na tíre.  “Is foinse oscailte an Pop Up Gaeltacht. Cheana féin bhí Pop Up Gaeltachtaí i Nua-Eabhrac agus i Georgetown, Washington DC. Níl ar duine ach áit a roghnú, fógra a chuir amach agus Gaeil a mhealladh le teacht le chéile. Samhlaigh Pop Up Gaeltacht a eagrú sa Flying Enterprise!” a chuir Peadar i bhfriotal. Níl ach dream de Gaelgóirí paiseanta, craiceailte agus teach tabhairne eigin agus is í sin do Phop-Up Gaeltacht bunaithe!

Previous
Previous

Traditionally OIRISH FOOD

Next
Next

Horoscopes with Medium Phil