“Putting the Gay in Gaeilge”: Agallamh le Kevin Twomey ó I’m Grand Mam

Éagarthóir Gaeilge: Leah Buckley


Rinneadh go leor den agallamh seo i mBéarla agus, mar gheall air sin, rinne mé mo sheacht ndícheall chun an-chuid den alt a aistriú go Gaeilge chomh cruinn agus chomh dílis agus is féidir.


Siúlaim go bríomhar ó champas COC go lár na cathrach, sa mheán lae sochair i ndiaidh Stoirm Agnes, de bharr mo nóiméad “What if you just called Taylor up?” féin. Tar éis téacs dalba a sheoladh chuig Kevin Twomey cúpla lá ó shin, táim ar mo bhealach anois chun bualadh leis an gCorcaíoch le haghaidh agallaimh. Pléimid gach rud óna ghrá don Ghaeilge, deiseanna a eascraíodh as rath an podchraoladh, agus iliomad topaicí randamacha eile. Is é an fhíor gheabach Twomey leath amháin den phodchraoladh den scoth I’m Grand Mam faoi láthair, lena chomhláithreoir agus dlúthchara PJ Kirby. Tá réimse leathan eipeasóidí ar fáil,lena n-áirítear ceann ag cur an Ghaeilge chun cinn, dar teideal “Gaeilge Loving Gays!” Beag beann ar an eipeasóid seo amháin, ní cheileann Twomey a dhíograis don teanga, agus tá sé ríshoiléir ó thús ár gcomhrá, nuair a chuireann sé ceisteanna orm faoi mo thaithí le Gaeilge sula dtosóidh mé ag cur é féin faoi agallamh, go bhfuil an dúil aige sa teanga.


Cuirim tús leis an agallamh ag fiafraí de Twomey cé acu ar tháinig a dúil sa teanga óna bhaile, a eispéireas leis an Ghaeilge ar scoil, nó an raibh sé ach ina phlucaire mór cosúil liom féin? Cé go n-admhaíonn Twomey go raibh a cloigeann sna leabhair aige i gcónaí, faoi mar a tharlaíonn sé is é an freagra fíor meascán de gach rud atá luaite thuas. Sa bhaile, deir sé go raibh an Ghaeilge á spreagadh go gníomhach ag a thuismitheoirí i gcónaí, cé nach Gaeilgeoirí iad ceachtar acu. “The milk was always ‘bainne’ and the sugar was always ‘siúcra,’ and even just always ‘cén t-am é anois?” Dá bharr sin, bhí na leanaí i dTigh Uí Thuama go léir scafa chun an Ghaeilge agus coinsiasach fúithi sa scoil freisin, ach Kevin go háirithe.


Sa mheánscoil, bhí múinteoir Gaeilge dochreidte ag Twomey a d’athraigh an scoil go hiomlán, dar leis, agus bhí cairde aige óna rang damhsa a bhí ina gcainteirí dúchais a chuaigh i bhfeidhm go mór ar a chaidreamh leis an teanga. É sin ráite, áfach, “there’s also probably some not-so-subtle subtext about being gay and wanting to excel in school in order to compensate for that,” a deir Twomey. Ós ag caint ar an Ghaeilge agus an pobal aiteach,léiríonn Twomey gur chaitheadh leath den a scrúdú cainte san Ardteist ag plé a ghrá do ‘Desperate Housewives,’ agus gur chuireadh sé stádas nua ar Facebook gach seachtain maidir leis an seó ag an am sin freisin, agus leis sin, táimid sna trithí ag gáire. Ach, i ndáiríre, deir Twomey go gcuireann sé isteach go mórmhór air nuair a bhíonn daoine ag gearán faoi stádas éigeantach na Gaeilge ar scoil mar tá an t-ádh linn nár díothaíodh í.


I ndiaidh na spéise soiléir a bhí ag Twomey don teanga ina óige, fiafraím de ar smaoinigh sé riamh ar dheiseanna a lorg chun í a úsáid i Londain. Screadann Twomey go gcaithfidh an tagallamh seo a bheith “serendipitous” toisc gur tháinig sé trasna ar chiorcal comhrá a d’fhógraíodh sa chlár don “Lárionad Éireannach Londain” an áit chéanna a mbeidh seoladh leabhair Kevin agus PJ go luath! Cé go raibh “ardchaighdeán [aige] sa mheánscoil,”admhaíonn sé go gcaithfidh sé an misneach a fháil chun freastal ar rud mar seo. Ní hamháin go bhfuil sé ag iarraidh dul ar i dtaithí ar labhairt na teanga, ach chomh maith le sin, go dtaitneodh an ghné sóisialta a bhaineann le nascadh le daoine thar lear a bhfuil grá acu don teanga leis freisin. Admhaíonn sé cé go raibh imní air faoin bhféidearthacht go mbeinn “ag cur ceisteanna casta orm go hiomlán as Gaeilge,” ach mar sin féin, go raibh sé ar bís chun anteanga a phlé agus “chun deis a fháil chun níos mó Gaeilge agus mo chúpla focal a úsáid.


Ina dhiadh sin, fiafraím de Twomey an mbeadh suim aige riamh a bheith mar chuid den clár nua Grá ar an Trá mar láithreoir nó mar iomaitheoir. Deir sé go raibh sé an-tógtha le cláir teilifíse ar nós Shabby go Chic, Paisean Faisean, agus Eochair an Ghrá le linn a óigeagus gur bhreá leis a bheith ina phríomhláithreoir mar James Kavanagh anois. “It won’t be long before I stake my claim once they see this interview!” a deir Twomey go dána. Cé go bhfuil an-dúil aige i Salou, adhmaíonn Twomey gur tar éis saol na cathrach fuadrach atá aige i Londain, d’fhéadfadh sé a fheiceáil é féin ag socrú síos “sa Daingean, with a gorgeous filthy Gaeilgeoir” toisc go bhfuil cliúsaíocht i nGaeilge an-ghnéasach, dar leis. Ansin, nochtann sé liosta ainmneacha leanaí as Gaeilge ar a ghuthán agus áitíonn Twomey dá mbeadh páistí aigego mbeadh sé ag iarraidh iad a thógáil leis an oiread Gaeilge agus is féidir.


Cuireann sé in iúl dom go bréagchúthail go bhféadfadh sé féin agus PJ a bheith ag aistriú o chló agus ó fhuaim, go dtí an scáileán teilifíse agus go mbeadh an clár breac le Ghaeilge mar atá sé i saol laethúil na leaids, mar shampla, ag caint faoi strainséirí ar an Meitreo. Ina theannta sin, tugann Twomey léargas dom go bhfuil an Ghaeilge fite fuaite freisin ar fud an “I’m Grand Mamual”, leabhar nua na beirte a foilsíodh le déanaí. Labhraíonn sé faoin gcaoi ar tháinig sé amach chuig a chara Pádraig, agus é “ag doirteadh báistí” an oíche sin, ag léiriú go bhfuil spás don Ghaeilge i ngach aon áit.

 

Tosaím ag cur deireadh leis an agallamh le sraith ceisteanna i stíl bréag-Vogue, ach athraíonnatmaisféar an comhrá nuair a fhreagraíonn Twomey mo chéad cheist le soghontacht inmholta.Cad é an deis is fearr a eascraíodh as rath an podchraoladh? I dtús báire, cheap mé go ndéarfadh sé an leabhar nua. Ina ionad sin, osclaíonn Twomey a chasóg agus nochtann sé dom go bródúil go bhfuil geansaí fhoireann peile á chaitheamh aige, agus an lógó ‘I’m Grand Mam’ ar an muinchille. Fuair athair Twomey bás go brónach anuraidh agus, dá bharr sin,nuair a tháinig an deis chun urraíocht a dhéanamh ar fhoireann shinsearach “Tramore Athletic”, club a raibh baint mhór ag a athair leis, thapaigh siad an deis. Déanann Twomey cur síos ar an ngeansaí peile seo, ní hamháin mar chomhartha inláimhsithe ar a rath, ach mar “collision of two worlds” freisin. Is meabhrúchán é ar dháimh agus ar thacaíocht a bhí ag a athair don phodchraoladh tar éis dó féachaint ar a mhac ag fágáil na hollscoile chun cosán neamhghnách a leanúint, agus an bród agus an faoiseamh a mhothaigh sé nuair a d’éirigh leis.


73 (nó 10) Ceist le Caoimhín Ó Tuama:

1. Mochóirí nó airneánach? Mochóirí, nó b’fhéidir meascán den dá rud.

2. Cad é an focal Gaeilge is fearr leat? Ruaille buaille nó sceitimíní, toisc go bhfuil siad araon chomh onamataipéach!

3. Cad é an seanfhocal is fearr leat? An bhfuil “Níl aon tinteán mar do thinteán féin” ró-“basic”? Nó b’fhéidir “Taobhann an t-ádh leis an laoch,” (focal buíochas do thatú PJ.)

4. Dá mbeifeá i do charachtar Meryl Streep, an mbeifeá Zofia, Donna, nó Miranda? Donna, toisc go bhfuil í ag canadh ‘The Winner Takes it All,’ lena lámh ar a brollach, greanta i m’intinn! Dá mbeimis ag plé Christine Baranski, áfach, bheinn i mo Martha May Whovier.

5. Cad é do ghnáth-ordú caife? Báinín le bainne coirce, le rud éigin milis ar nós “Tim Tams,” i gcónaí.

6. Cad é an áit is fearr le haghaidh caife sa chathair? Some Dose, Three Fools, The Bookshelf, agus dála an scéil, sílim go bhfuil an cultúr caife i bhfad níos fearr anseo ná i mBaile Átha Cliath.

7. Cad é an clár teilifíse is fearr leat i gcaitheamh an fhómhair? The Great British Bake-Off mar is gnách, agus Grá ar an Trá gan dabht!

8. An bhfuil aon smaointe agat maidir le hainm banríon draig as Gaeilge? Céilí Minogue, agus tá moladh ar leith ag dul do Susi Grant.

9. An bhfuil aon “hidden gems” a mholfá sa chathair? Sin É, is dócha, agus bíonn seisiúin cheoil thraidisiúnta ar siúl acu gach oíche freisin! 

10. Is fíor a rá go bhfuil cleachtadh maith agat ar COC, toisc gur rinne tú staidéar gairid ar Thráchtáil le Fraincis anseo, sular ndeachaigh tú ar imirce go dtí Londain chun amharclannaíocht cheoil a dhéanamh. Dá mbeifeá in ann aon chéim eile a dhéanamh, an gcríochnófá an ceann a thosaigh tú nó an mbainfeá triail as ceann nua? B’fhéidir go mbainfinn triail as céim níos cruthaithí cosúil le margaíocht, nó b’fhéidir d’aistreoinn mo thaithí le damhsa go céim ar nósfhisiteiripe nó teiripe shaothair! Shamhlóinn mé féin ag cabhrú leis an mBailé Ríoga nó le Foireann Rugbaí na hÉireann, nó aon duine i ndáiríre. Is fíor “empath”mé!


Nuair a thagann an t-agallamh chun críche, faighim roinnt seoda críonna, tar éis mo chéad saothar iriseoireachta, ón gCorcaíoch rathúil é féin. “Keep going with it. I know it can be a bit mortifying reaching out to people, but most times people with a profile love talking about themselves. Not saying that that applies to me though!” agus é ag féachaint go sásta air féin sa scáthán ag gáire. Lenár gcomhrá tar éis dul ar strae ag plé idir comhaontú réamhphósta le Niall Horan, nó cé chomh gafa is atá mo sheanmháthair le Kevin é féin agus le PJ, nó fiú an tionchar a bhí ag Paul Mescal ar an nGaeilge, measaim gur féidir liom a rá go muiníneach go bhfuil Kevin Twomey chomh greannmhar is atá sé dáimhiúil.

Previous
Previous

Floods Try and Fail to Disrupt Cork Jazz Celebrations 

Next
Next

Speak Out