Quercus - Deis den Chéad Scoth do Scoláirí 

Le Orla Leahy, Eagarthóir Gaeilge

Beidh an 2ú lá de mhí Feabhra mar spriocdháta d’iarratas Quercus 2023. Bíonn ceithre roinn oscailte do scoláirí chun iarratas a dhéanamh. San eagrán seo, labhrann Orla le Siobhán Ní Chróinín, Scoláire Acadúil Quercus de chuid Choláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta. 

A Shiobhán, a chara, conas atá cúrsaí? Tá a fhios agam go mbíonn tú ag déanamh staidéir ar an Oideachas le Gaeilge agus Gearmáinis. Inis dom faoin gcúrsa sin agus na deiseanna a bhíonn agat chun taithí oibre agus seimeastar Erasmus a dhéanamh. 

Sin agat é a Orla, táim ag gabháilt don B.Oid sa Ghaelainn agus sa Ghearmáinis. Cúrsa iontach is ea é, agus táim ag baint ana-thaitnimh agus ana-thairbhe as. Tá na léachtóirí is teagascóirí thar a bheith cabhrach agus táim ana-mhór lem’ chomhscoláirí. Cuirtear réimse leathan ábhar ar fáil dos na mic léinn - bíonn gach éinne ag déanamh staidéir ar an nGaelainn ach is féidir Gearmáinis, Fraincis, Spáinnis, Iodáilis nó Matamaitic a roghnú leis. Beadsa láncháilithe mar mhúinteoir meánscoile sa dá ábhar tar éis ceithre bliana, mar sin, ní bheidh orm tabhairt fén MGO (Máistir Gairmiúil le hOideachas) ina dhiaidh. Tá an tarna tréimhse socrúchán scoile díreach curtha dhíom. Bhíos ag múineadh i bPobalscoil Charraig Uí Leighin agus bhaineas an oiread san súip as!  Bhíos ar shocrúchán scoile anuraidh leis, agus beadsa i mí Mheán Fómhair aríst. Bíonn deis ag daoine a bhfuil teanga iasachta ar siúl acu tabhairt fé Erasmus sa tríú bliain. Bead féin ag imeacht go Konstanz i ndeisceart na Gearmáine i mí Aibreáin, agus ag súil go mór leis!


Nuair a bhí tú ag tosnú an dara bliain, fuair tú fógra go raibh tú mar an Scoláire Acadúil de chuid a choláiste. Comhghairdeas leat as an ngaisce sin! Cad is brí leis an scoláireacht do scoláirí nach bhfuil cur amach acu ar Quercus? 

Go raibh míle maith agat, a Orla! Ba mhór an onóir dom é scoláireacht Quercus a dh’fháilt, agus gabhaim baochas aríst leis an bhfoireann as mé a roghnú. Baineann mo scoláireacht féin leis an saol acadúil, ach is féidir scoláireachtaí a bhaineann leis na taibh-ealaíona, le spórt srl. a bhaint amach. Scoláireacht mór le rá is ea scoláireacht Quercus, agus tá an oiread san buntáistí ag baint lena leithéid. Ní bhíonn ort íoc as táillí ollscoile agus faigheann tú sparántacht leis. Mar aon leis na nithe iontacha san, bíonn fáil agat ar oide saoil agus ar mheantóir acadúil. Tugtar mórán deiseanna duit freastal ar cheardlanna, ar mháistir-ranganna agus imeachtaí líonraithe. Faighim an oiread san tacaíochta ó Mhichelle, Elaine agus ón bhfoireann Quercus ar fad, agus táim thar a bheith baoch díobh. 



Chuala mé go bhfuil suim agat sa scéalaíocht, cén saghas taithí a bhíonn agat ar an scéalaíocht?

Nuair a bhíos ní ba óige, théinn isteach go dtí an comórtas scéalaíochta ag an bhFleadh Cheoil chun féachaint air. Mhúscail sé seo mo chuid spéise sa rud, agus thosnaíos ag glacadh páirte sna comórtaisí cúpla bliain ina dhiaidh sin. Ní raibh aon mhúinteoir ceart agam ach chuas sa tseans ar aon chuma! Thánag sa tríú háit ag an bhFleadh in 2018, agus ansan, bhuas an comórtas in 2019. Bhí lúcháir orm gan dabht, agus bím fós ag scéalaíocht na laethanta seo.


Tuigim chomh maith go bhfuil tú ar choiste na Cuallachta, cén saghas eachtraí agus deiseanna a bhíonn ann do scoláirí?

Táim im’ Oifigeach Oideachais ar an gCuallacht i mbliana agus ag baint ana-thaitnimh go deo as! Bíonn go leor imeachtaí ar siúl againne - Pop-Up Gaeltachtaí, oícheanta scannáin, luaschairdeas, ciorcal comhrá srl. Bíonn fáilte Uí Cheallaigh i gcónaí roimh na héinne, idir chainteoirí dúchais agus dhaoine ar bheagán Gaelainne. Tá go leor rudaí móra pleanáilte againn do Sheimeastar 2 agus fógrófar iadsan go luath! Fé láthair, táimid ag glacadh le hailt agus píosaí eile dár n-iris bhliantúil Breac. Is féidir alt a scríobh faoi aon ábhar ar leith agus é a sheoladh chuig irisbreac@gmail.com. Deis iontach is ea é seo peann a chur le pár agus cur le do chuid taithí scríbhneoireachta! 


Tá a fhios agam go bhfuil grá agat don cheol agus don ámhránaíocht, an féidir leat insint dom faoi sin?

Tá ana-spéis agam sa cheol agus san amhránaíocht ó bhíos im’ ghearrchaile. Thosnaíos leis an bhfeadóg stáin agus mé sé bliana d’aois, agus ansan chuas ar aghaidh go dtí an pianó, an fhidil agus an amhránaíocht ar an Sean-Nós. Bainim ana-thaitnimh as an amhránaíocht go háirithe, agus is minic a bhíonn amhrán á rá agam istigh i dtigh tábhairne! D’fhreastail mé ar cheachtanna le Máire Ní Chéileachair i mBaile Bhuirne nuair a bhíos sa chúigiú agus sa séú bliain ar scoil, agus chabhraigh sí go mór liom cur lem’ stór amhrán. Gan aon amhras, mhúscail sí mo shuim san amhránaíocht ar an sean-nós agus chuireas isteach ar go leor comórtaisí agus mé fós ar scoil m.sh. Fleadh Cheoil na hÉireann, an tOireachtas srl. Bím fós ag amhrán agus ag freastal ar cheardlanna amhránaíochta na laethanta seo, agus tugann siad ana-dheis dom bualadh le daoine nua agus stíleanna éagsúla amhránaíochta a chlos.


Cén sórt deiseanna a thabhairt Quercus duit amach as 2021 chun do phaisean a fhásadh chomh maith le do shaol acadúil?

Tugann Quercus go leor deiseanna dom i gcónaí maidir leis an gceol, an amhránaíocht agus an saol acadúil. Fé mar a dúrt ó chianaibh, bíonn meantóir acadúil ag scoláirí Quercus agus cabhraíonn siadsan go mór linn gan dabht. Maidir leis an gceol agus an amhránaíocht, is minic a thugtar deis dúinn gigeanna a dhéanamh chomh maith le ceardlanna agus máistir-ranganna. Chomh maith leis sin, is minic a eagraítear teacht le chéile dos na scoláirí Quercus ar fad agus is cinnte go roinnimid port nó amhrán lena chéile! Faighimid an oiread san tacaíochta ón bhfoireann Quercus má bhíonn aon rud uainn; bíonn siad i gcónaí toilteanach cabhrú linn. 


Cén fáth go molann tú do scoláirí iarratas a chur isteach don scoláireacht Quercus a bhíonn faoi oscailt anois?
Molaim go láidir do dhaoine cur isteach ar scoláireacht Quercus. Ar dtúis, tá réimse leathan scoláireachtaí ar fáil - scoláireachtaí spóirt, scoláireachtaí ceoil, scoláireachtaí a bhaineann le nuálaíocht srl., mar sin tá rud éigint do gach duine. Luas na buntáistí ollmhóra a bhaineann le scoláireachtaí Quercus níos luaithe. Ar deireadh, faigheann scoláirí go leor tacaíochta ón bhfoireann agus óna gcomhscoláirí ar an scoláireacht agus níl aon rud chomh luachmhar leis sin. Mar sin, bígí cinnte iarratas a chur isteach roimh an 2 Feabhra - ní bheidh aiféala oraibh! 

Go raibh míle maith agat as do chuid ama a Shiobhán. Go n-éirí an t-ádh leat led Erasmus!

Is fíor a rá gur deis den chéad scoth é Quercus do scoláirí ollscoile, agus bím á rá mar Scoláire Acadúil de chuid Choláiste Dlí agus Gnó féin. Déan d’iarratas roimh an 2ú lá de mí Feabhra, a chairde.

Previous
Previous

Snack Smarter 

Next
Next

  Eco-Friendly Living: Is It Really Possible for Everyone?