Rave cailte ag an Ravelóid
Cuireadh an fheis cheoil Gaelach Ravelóid ar ceall le linn an tsamhraidh. Bhí an fheis cheoil lena bheith ar siúl idir an 10-11 Meitheamh i gCaisléan Árd Giolláin, Baile Brigín, Baile Átha Cliath. Bhí ceol an fheis lena bheith trí mhéan na Gaelinne amháin, le ceoltóirí mór le rá a bheith ag teacht chuige, ar nós Delorentos, Kíla, Seo Linn, The Riptide Movement, Mundy and Ham Sandwich. Dar ndóigh go raibh ar na eagritheoirí an fheis a chur ar ceall agus a chur ar athlá ar faidh tamallín.Chuir na eagritheoirí an milléan ar an athlá de dheasca “a number of production factors”. D’fhás costasí an fheis go dtí thart ar €600,000 de bharr go raibh orthu láthair na feise a athrú, costasí sábháilteacht ina measc. Anuas ar sin, ní raibh ach 1,600 ticeadaí díolta acu as an 5,000 a raibh ar fáil. Cé go raibh orthu deonú €35,000 a fháil ó Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, agus partíocht saor in aisce ó RTE2FM, ní rabhadar in ann na costasaí sin a chlúdach. Scairt seachtainí roimh an fheile, chuir na eagritheoirí fís amach ag cur brú ar daoine ticéad a cheannach - comhartha nach raibh chuile rud in áit. Cé gur le linn an céad bliain comóradh de 1916 a raibh an ócáid, agus go raibh said in ann é sin a úsáid mar stratéis fógraíochta, níor éirigh leo an fhadhb a leighsú. D’fhógair Tomaí Ó Conghaile, Cathaoirleach don Ravelóid, go raibh “dea-thoil shuntasach léirithe do Ravelóid i measc an phobail, in Éirinn agus thar lear, a chruthaíonn go bhfuil éileamh mór ann le haghaidh féile chomhaimseartha cheoil as Gaeilge.”Aisíochadh costais na ticeadaí agus in áit an Ravelóid, cuireadh “Ravelóid sa Chathair” ar siúl. Ócáid saor in aisce ab ea é ón 9-12 Meitheamh i lár Cathair Átha Cliath. Bhí scairt des na ceoltóirí ceanna i láthair, ar nós Mundy, Kíla agus Seo Linn. Fuair iad súid a cheannaigh ticéad don Ravelóid féin, an deis áit a chur in áireamh ar faidh na gigeanna.Tá súil ag lucht na Ravelóide go gcuirfidis an fheis ceoil ar siúl an bhliain seo chugainn le cúnamh Dé. Is léir ó spriod na eagritheoirí nach bhfeididís spriod na nGael a dhéanamh dóiléir agus a shéanadh.