Ré Na Gaelinne

Is iad An Cumann Drámaíochta agus An Chuallacht na dhá chumainn a chuireann an Ghaeilge chun cinn anso i UCC. Spreagann siad daltaí uilig a gcuid Gaeilge a úsáid agus a fhorbairt, i tslí beomhar, taitneamhach. Baineann an Chuallacht, agus a chlub comhrá leis an teanga labhartha a treisiú agus An Cumann Drámaíochta leis an Ghaeilge ar stáitse.Bunaíodh An Chuallacht sa bhliain 1912. Ó shin is iomaí duais atá buaite acu, ar nós “Cumann Gaeilge na Bliana” ó Glór na Gael, sa bhliain 2009 agus 2010. I rith na bliana eagraíodh imeachtaí éagsúla chun an Ghaeilge a spreagadh i measc na scoláirí anseo sa choláiste. Mar shampla, thosaigh an bhliain seo caite le turas go Cill Airne, Contae Ciarraí. Bhí oíche den scoth ag gach duine agus iad ag céiliúradh trí mhéan na Gaelinne. Chomh maith leis sin, ghlac an Chuallacht páirt sa chomórtas ‘Comhrá 24’, iarracht taifead a bhriseadh maidir leis an comhrá is fuide as Gaeilge. Bhí ar na mic léinn Gaeilge a labhairt don lá ar fad, agus d’éirigh leo gan dabht. Bhí ‘Seachtain na Gaeilge’ an eachtra is mó don gcumann anuraidh, mar is gnáth. Eagraíodh cuardach craiceáilte agus tráth na gceist, agus ar ndóigh, chríochnaigh an tseachtain le Bál na Gaeilge. Oíche leictreach a bhí ann! Is léir go raibh bliain iontach ag an gCuallacht, agus tá an cumann ag iarraidh an rath seo a bheith aige agus a bhaint amach arís.Mar sin, tá imeachtaí nua le plé ag an gCuallacht don bhliain seo chugainn. Beidh bliain níos fearr arís ag an gcumann. Leanfaidh an ‘Club Comhrá’ ar aghaidh gan dabht. Is seans é sin chun Gaeilge a labhairt uair amháin gach seachtain le scoláirí eile. Is féidir bualadh le daoine nua agus an teanga a chleachtadh ag an am céanna. Tá súil ag an oifigeach forbartha leis an gCuallacht, Alexandra Philbin, go spreagfaidh an eachtra suim sna daoine nach bhfuil líofa sa Ghaeilge go fóill an bhliain seo. “Is féidir le haon duine dul go dtí an club comhrá. Níl muid ag lorg daoine le Gaeilge fhoirfe amháin. Táim ag iarraidh daoine nua a fheiceáil, b’fhéidir tosaitheoirí ina measc. B’fhéidir níor thaitin an Ghaeilge go mór leo sa scoil, agus ba mhaith leo tús nua a fháil in áit atá an Ghaeilge beo. ” a dúirt sí. Má tá suim ag aon duine sa chumann seo, is féidir leo níos mó eolais a fháil ar an leathanach Facebook, An Chuallacht UCC. Beidh an t-eolas ar fad faoi ghach imeacht an bhliain seo ann gan mhoill.An bhfuil paisean agat don Ghaeilge? An féidir leat tú féin a shámhlú ag aisteoireacht ar chlár de chuid TG4? Más féidir, is é an Cumann Drámaíochta an cumann duitse! Cuirtear fáilte is fiche roimh gach éinne a bhfuil fonn orthu dul i mbun aisteoireachta linn. Sa cumann, ní gá Gaeilge líofa a bheith agat, nílid ró bhuartha faoin Tuiseal Ginideach nó an Módh Coinníollach!!  Ní gá go mbéadh go leor taithí agat ar an stáitse ach oiread. Is cumann an fháiltiúil agus cairdiúil é, a thugann seans do chách a bhfuil fonn orthu a bheith i mbun aisteoireachta. Is féidir trial a bhaint as na triallacha a bheidh ar siúl amach anseo sa seiméastar.  Is bealach iontach é an aisteoireacht chun do chuid Gaeilge a fheabhsú agus chun aithne a chur ar chairde nua sa choláiste.  An bhliain seo chaite, léiríodar dhá dhráma, ‘Cití’ le Siobhán Ní Súilleabháin agus ‘Grace,’ a bhí scríofa leis an stiúirthóir, Michaela Gleeson. Léiríodar an drama ‘Citi’ san Amharclann Granary sa chéad seimeastar, agus bhí an drama ‘Grace’ ar siúl sa Gaol i gCathair Chorcaí. Dráma faoi shaol Grace Gifford, bean Sheosamh Pluncéid, a bhí ann. Taistlíonn siad i gcéin is i gcongar chun drámaí a léirú. Dhá bhliain ó shin, thaistil an Cumann go Páras chun dráma a léiriú i bhfleadh drámaíochta a bhí ar siúl san Ollscoil Notre Dame.  Tá go leor rudaí suimiúla i ndán don Cumann an bhliain seo. Beidh siad ag léiriú dráma eile dár ndóigh, agus beidh sé sin ar siúl i mí Marta. Os a choinne sin, tá sé ar intinn acu taisteal go háit dhifriúl chun dráma a léiriú. Beidh aoichaointeoirí againn i rith na bliana chomh maith.  Go bunúsach, má tá suim agatsa san aisteoireacht, tá cúpla focal agat, agus má tá tú ag iarraidh neart craic a bheith agat le muintir an Chumann Dramaíochta, tá fáilte romhat bheith páirteach leis an gCumann! Beidh an Cruinniú Cinn Bliana ar siúl ar an 28ú Mhéan Fomhair. Tabhair like dóibh ar Facebook, agus beidh tú in ann na himeachtaí go léir a fheicéail!

Previous
Previous

Horoscopes with Mystic Greg

Next
Next

The Fashion Report, Autumn 2016